Corpus of Electronic Texts Edition
Toghaim Aibhisdin mar aighne (Author: Unknown)

p.176

  1. 1] Toghaim Aibhisdin mar aighne,
    2] a ghrádh riamh go roibh im chionn;
    3] fóireadh bláth na heagna m'éigean;
    4] fáth eagla nár léigeadh liom.
  2. 5] Minic thugas do thaoibh gníomha
    6] an ghlóir thall—gá truaighe as mhó?—
    7] mar chunnradh do chionn an pheacaidh;
    8] cungnamh liom is deacair dhó.
  3. 9] Aighne géar nach géabha ar leithsgéal
    10] lá an bháis re breitheamh na sluagh
    11] do fhreagra an aighne nír fhoráil
    12] faighdhe eagna d'fhagháil uadh.

  4. p.177

  5. 13] Gá léaghadh re linn an chunntais
    14] cairt mo locht an lá fa mbia
    15] námhaid mh'anman d'fhagháil masla
    16] faghbhadh d'anáir dhamhsa ó Dhia.
  6. 17] Naisgeadh Aibhisdin ar Íosa,
    18] ós éigean damh dul fa a chuing,
    19] a gabháil tar cheann mo cheana
    20] leam i n-anáir beara an bhuinn.
  7. 21] Fear do ba teo teagasg briathar,
    22] béal milis leis nar mhian sgur
    23] a diamhair do bhean don bhochta;
    24] fear fiadhaigh dar dhocra dul.
  8. 25] Munacha fa máthair thorrthach
    26] toirrcheas uasal is eadh rug;
    27] a cré féin gur ghabh a glanadh
    28] léir dhamh ar an taradh thug.
  9. 29] A ndéanadh do cheilt a crábhaidh
    30] ar a clú do chuireadh brat;
    31] a gnaoi ní bhíodh acht ga báthadh;
    32] do bhaoi a dhíol máthar ga mac.
  10. 33] A héanmhac i n-aghaidh creidimh
    34] re chlódh ón bhás do bhí i ngioll;
    35] a bheart cháis do b'adhbhar urchra
    36] damhnadh báis cumtha 'n-a chionn.
  11. 37] Sé dá lorg do lean a mháthair
    38] a mac dhí gér dhiúlt a toil;
    39] do char a riaghail chruaidh chrábhaidh
    40] do-chuaidh d'iarraidh áraigh air.
  12. 41] Nír bh'iongnadh dar dhoirt do dheoraibh
    42] d'éiric braighe do bhuain a glas
    43] —a chur ar céill gér chás deacair—
    44] a grás do bhéin fheacaidh as.
  13. 45] Salm darab tosach Té Deum
    46] dealbhthar an lá-sain leo ar-aon;
    47] do Mhac Dé ar ndéinimh an mholta
    48] do réidhigh sé rompa an raon.
  14. 49] Oidhre Pádraig na bpeann solas
    50] i saidhbhreas cáich nír chuir sbéis;
    51] a mhéad do las fa leanbh Moire
    52] searbh gach blas oile dá éis.

  15. p.178

  16. 53] Mar théid an fuacht tig an teasbhach;
    54] táinig as gur ard a nós
    55] —do bhí a bladh gan dlaoi fa dheireadh—
    56] gnaoi do ghabh teimheal ar dtós.
  17. 57] A fhad gur iompuigh re creidimh
    58] ar an gcrábhadh do chuir bail,
    59] feirrde an bláth do bhaoi ar a naomhdhacht;
    60] "ní gnáth saoi gan aonlocht air."
  18. 61] Diúltadh na ngrás gur ghabh baisde
    62] nochar bhean de dul 'n-a theach;
    63] do-rinne síoth Dé 'n-a dheaghaidh;
    64] an críoch is lé bearair breath.
  19. 65] Do bhaoi—nochar bheag an toice—
    66] mar thug druim re déanamh locht
    67] gach méin do budh maith 'n-a mháthair
    68] 's a mhaith féin san bhráthair bhocht.
  20. 69] A Íosa, gárbh usa a chobhair
    70] an céidfhear rer chuiris dlús;
    71] críoch mo ré ná rabh it aghaidh,
    72] do ghabh mé tharaibh ar dtús.
  21. 73] Do-bheir an deor do dhruim tuirse
    74] toradh fós go bhfagham bás;
    75] san aimsir thall ní tráth deoire;
    76] ní gnáth le crann feoighe fás.
  22. 77] Ná fuilngeadh Aibhisdin m'anam
    78] ar iocht mo námhad ní as sia;
    79] is mairg leanas ón iúl fhire
    80] an triur bheanas dínn-ne Dia.
  23. 81] I n-aimsir ar n-athar naomhtha
    82] gach neach do sgaoil sgéala Dé
    83] ní bhíodh ag sgaoileadh an sgrioptúir
    84] aoinfhear dhíobh rer bh'ionntnúidh é.
  24. 85] An t-uabhar is as do claoidheadh
    86] cuimhne an bháis do bheith 'n-a fhail;
    87] do bhíoth a eagla ar an éarlamh
    88] gan díoth eagna i n-éanmhadh air.
  25. 89] Do dhochar i ndiaigh an anma
    90] do fhágaibh d'fhiachaibh air féin
    91] an léigheann cruaidh do char i mbuige
    92] an uair do ghabh chuige céim.

  26. p.179

  27. 93] Dá ordaibh ní hionann riaghail
    94] an fhréamh orrdhraic ór fhás siad
    95] —ní hionann méin gach chroinn chnuasaigh—
    96] dá choill a fréimh uasail iad.
  28. 97] Sint Aibhisdin san iúl díreach
    98] dual dá bhráithribh breith a luirg,
    99] géag mheasa na mogal gcumhra
    100] tobar feasa is umhla an uird.
  29. 101] Ní hiongnadh gurab é a-dearainn
    102] nach dlighthear breath do bhreith lais;
    103] an tslighe ghlan ó nach gabhaim
    104] gabh nighe m'anaim ret ais.
  30. 105] Rí an bheatha—nír bheag an conách,
    106] is cisde nar chóir do dhrud—
    107] tug a reic 'n-a dheaghaidh dhuit-se;
    108] meabhair dheit is tuigse tug.
  31. 109] A bhfuil ar admháil dot fhiortaibh
    110] d'éis do bháis ní bheid gan chlú;
    111] do nós ní nós falaigh feasda
    112] maraidh fós gé theasda tú.
  32. 113] Do thionnlaic duit do dhíon t'anma
    114] eagna chaol do chaitheadh ria;
    115] do dhula i dtlás as a thuigse
    116] nír lugha an grás duit-se ó Dhia.
  33. 117] Léighthear insan Léigheann Órdha
    118] uirsgéal fós ó bhfuighthear am
    119] ar méar do láimhe ós dá labhra
    120] ní háille sgéal amhna ann.
  34. 121] Dá fhichid nar bh'ionann martra
    122] moladh dod thaisibh tug siad;
    123] lámh nach meath a dhóigh ar dhuine
    124] do fhóir fa seach uile iad.
  35. 125] Ní dearnadh lé ó ló th'éaga
    126] an uaigh fós i bhfuil do chorp
    127] —ar do ghníomhraidh ní fhuil áireamh—
    128] míorbhail nar chuir áireamh ort.
  36. 129] Do ibh an fear le bhfríoth sláinte
    130] —Sint Aibhisdin do b'é a liaigh—
    131] uisge glan do iarr a ibhe
    132] nar ghabh mian dighe 'n-a diaidh.

  37. p.180

  38. 133] Gur bhac do mhnaoi dar mhúin crábhadh
    134] 'n-a codladh do-chonnaic fhís
    135] an bhean ar dtéaghadh a toile
    136] déanamh na gcean roimhe a-rís.
  39. 137] Fad a chaithréime re a cumadh
    138] córaide dhamh dul dá roinn;
    139] ceilfidh mé go fóill na fearta
    140] acht gur fhóir sé dearca an doill.
    141] Nír iompó a shaidhbhreas ná a shocracht
  40. 142] Sint Aibhisdin ón iúl ghlan
    143] a chorp nó gur fheith don anmain;
    144] bheith bocht i dtalmhain do thogh.

    Toghaim.