Corpus of Electronic Texts Edition
Teine ar n-a fadágh fearg Dé (Author: Philip Bocht Ó hUiginn)

p.

Philip Bocht Ó hUiginn cct?
  1. 1] Teine ar n-a fadágh fearg Dé;
    2] tearc dínn nach daorfadh fínné;
    3] ní as sia nar fhaduigh i-se
    4] cia nach faduigh fúithei-se.
  2. 5] Smál ar an dteine ní théid;
    6] caidhe lasair a leithéid,
    7] gríos as teo iná gach teine
    8] bhíos beo agus do báidhfide?
  3. 9] Tairgeam síoth ar son ar gcean,
    10] mithidh turnamh na teineadh;
    11] a chlann Éabha, a fhuigheall áir,
    12] cuiream séala ar an síothcháin.
  4. 13] A-tá mar ghrís a gabháil;
    14] ní hurusa a hiongabháil
    15] fearg ag Dia ris gach nduine:
    16] a fhearg cia ren cosmhaile?

  5. p.173

  6. 17] Ris budh cosmhail ar gcabhair
    18] m'aonghrádh do na heasbalaibh;
    19] sían té do bhí agus bhias
    20] go dtí dhíom é agus d'Aindrias.
  7. 21] Go gcurthar a-nuas do nimh
    22] le guaillidhe Dé dhúiligh
    23] ní as a dturnfadh an teine
    24] im chlí d'urchar aithrighe.
  8. 25] Muna thurna Dia na ndúl
    26] an teine táthar d'fhadúdh
    27] is é ar nDia eile an t-easbal;
    28] cia an teine nach toirnfeadh-san?
  9. 29] Ag cur m'éagcóra im aighidh,
    30] dom agra an tráth tiocfaidhir,
    31] gá tarbha don bhreitheamh bhias
    32] is feitheamh m'anma ar Aindrias?
  10. 33] A-tá mo bhiodhbha dom brath;
    34] dlighim cobhair óm chomthach;
    35] a samhail roimhe do rad
    36] do chabhair oile an t-easbag.
  11. 37] Easbog do bhí eacht eile
    38] i seilbh Aindrias d'áiridhe;
    39] caraidh é tar gach n-asbal
    40] 's é mar raghain rugasdar.
  12. 41] Lá dá bhfacaidh inghin óig
    42] chuige—níor chian ó urchóid—
    43] do-chí gné an aisdir uirthe;
    44] caisgidh é dá urnuighthe.
  13. 45] Do bhun an ghrádha thruim thug
    46] do-chuaidh—más fhíor—ón easbug
    47] nó go dtoirneadh a dhearc dí
    48] searc a Coimdheadh gan chuimhne.
  14. 49] "Beag an fáth fa bhfaghthar guth"
    50] a céadfhocal re a comthach
    51] "ná leagar san teach i dtám
    52] neach budh eagal dar n-iomrádh."
  15. 53] "A-tá fear ag nach fuil treoir
    54] san dorus" ar an doirseoir
    55] "do shir mar aisgidh oram
    56] sibh d'fhaigsin gan uraghall."

  16. p.174

  17. 57] "Leig an tí tháinig i bhfad
    58] im fhiadhnaise" ar an t-easbag,
    59] "'s é re calaidh ná congaibh;
    60] tabhair é dom agallaimh."
  18. 61] Do ráidh an bhean do bhí as-taigh:
    62] "ní thiocfa an tí taoi d'iarraidh
    63] gan thomhus do thuigse
    64] tar dorus an dúnaidh-se."
  19. 65] Trí ceasda do chuir a-mach
    66] gearr gur fhuasgail an t-eolach;
    67] do b'é bun na dtrí dtomhus
    68] sí do chur ó chomhshonus.
  20. 69] Tug an t-easbog aithne ghrinn,
    70] gabhais a éideadh Aifrinn,
    71] do thoguibh crois Dé na ndúl,
    72] a ghné re a cois ar gclaochlúdh.
  21. 73] Leis an gcléireach do canadh:
    74] "Créad t'adhbhar dom fhiosrughadh?
    75] a héideadh Dé sul dheachar
    76] budh éigean é d'fhoillseachadh."
  22. 77] Is é comhrádh do chain-se
    78] "Ní anfuinn it fhochair-se
    79] achd i ngné díoghbhála dhuid;
    80] is mé t'fhíornámha, a easbuig.
  23. 81] "Ní fhúigfinn thú—truagh an bheart"
    82] ar an inghean ag imtheacht
    83] "go beith do neamhthoil Dé dhuid."
    84] ní seachmhaidh an té thánaig.
  24. 85] Teithis an bhean—borb an smacht—
    86] téid an t-easbog i n-umhlacht;
    87] an té do dhealaigh an dias
    88] meabhair gurab é Aindrias.
  25. 89] Ní fhéadaim foghlaidh Dé dhíom;
    90] fóirfidh Aindrias ar n-imshníomh;
    91] a-tám i n-éigin aibhse
    92] dál an chéidfhir chumainn-se.
  26. 93] Mac mo sheathar dom sheoladh
    94] is amhlaidh do fhoigheonadh,
    95] nó a fhear grádha ag labhra linn
    96] is námha m'anma ar mh'uillinn.

  27. p.175

  28. 97] An céadlá do-chonnairc riamh
    98] Mac Muire—mór an rimhiadh—
    99] páirt a-raon do-róine an dias,
    100] laogh na hóighe agus Aindrias.
  29. 101] Cíos ar cathrachaibh iomdha
    102] do thaibhgheadh dá thighearna;
    103] gur leathnuigh a chíosa ar chách
    104] ní seachmhaidh d' osa a óglách.
  30. 105] Aon do laithibh dar leig soin
    106] do síoladh creidimh i gcathraigh
    107] fuair ag cobhair na cathrach
    108] folaidh mar budh fógarthach.
  31. 109] "Don dia dá dtugsam ar dtoil
    110] caithidh umhlacht, a easbail,
    111] re n-oidhche" ar ceann na cathrach
    112] "dá mbeam choidhche connarthach.
  32. 113] "A nabruim is amhlaidh bhias;
    114] an Dia dá n-adhrann Aindrias
    115] rachaidh 'n-a shéana ó sho a-mach
    116] nó no ní mhéara a-márach."
  33. 117] Innsis gurab olc an bhreath,
    118] dá n-ana ar an iul dhíreach,
    119] creideamh achd don té do thogh;
    120] is nír creideadh é ón easbol.
  34. 121] Re hAindrias dá haithle sin
    122] do b'é a-rís rádha an chéidfhir:
    123] "Ag sin fad chomhair an chroch,
    124] sir cobhair ar do chodhnach."
  35. 125] "An lá do fhuair a oigheadh
    126] Dia tar ceann na gCríosdoidheadh
    127] is í an phian-sa pian do thogh,
    128] mo mhian-sa í" ar an t-easbol.
  36. 129] Ní thug an t-asbal dá óidh
    130] a bhroid achd bheith ag seanmóir,
    131] a bhiodhbha 's a chorp i gcrann
    132] gér bh'iomdha ag tocht 'n-a thiomchall.
  37. 133] 'N-a mharcach ar a muin-se
    134] —do chách creidthe an mhíorbhuil- se—
    135] do bhí sé tráth nó dá thráth,
    136] is é re cách ag comhráth.

  38. p.176

  39. 137] I dtimcheall an chroinn chéasda
    138] —do chách ciodh nach aithréasda?—
    139] tig doighear gheal mar an ngréin
    140] seal re n-oigheadh an fhíréan.
  40. 141] Tig éanlaith d'ainglibh nimhe
    142] uaidh is chuige ar chéilidhe,
    143] lasaidh ós a chionn san chroich
    144] lasair fhionn leis an éanlaith.
  41. 145] Do folchadh an chroch ar chách
    146] re bucht an bháis—beart neamhghnáth—
    147] dar fhás do dhonnloise dhí
    148] gur chás urmhoise uirre.
  42. 149] Más fhíor dá imtheachtaibh féin,
    150] do-chuaidh an t-anam ainn-séin
    151] go port Dé leis an dealradh
    152] sé is an corp ar gceileabhradh.
  43. 153] An fear is na fearta so
    154] dom fheitheamh an fheirg osa,
    155] cuireadh sé orainn fheithimh;
    156] toghuim é dom fhóirithin.

    Teine.