Corpus of Electronic Texts Edition
Sbéacláir na cruinne an chroch naomh (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)

p.162

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct ?
  1. 1] Sbéacláir na cruinne an chroch naomh
    2] crann suaithnidh na sleas ndonnchaomh:
    3] séala an chroinn-se na gcóig gcneadh
    4] róid as soillse re silleadh.
  2. 5] Croch Íosa, mionn cabhra cháigh,
    6] mór ngné as a ngairthear sbéacláir
    7] don órchuanna thiormghlain thais
    8] d'fhiodhbhaidh phórchuanna Pharrthais.
  3. 9] Sliocht a chneadh an uair fhéaghthair
    10] páis Dé is aisde airléaghthair;
    11] an rí as cinnte dar gcoimhdhe
    12] innte do-chí ar gcabhair-ne.
  4. 13] Dá taobh táinig an tsoillse
    14] do sgaoil doirche an domhuin-se;
    15] ní sbéacláir ar nach cáir cion
    16] do bháidh céadcháir an Choimdheadh.
  5. 17] Cóir sbéacláir do rádha ria,
    18] naomhchroch chéasda Mheic Mharia,
    19] crann na slios gcomhchorcra gcáidh
    20] ar sgrios dorchachta an domhnáin.
  6. 21] Mór gcioth do cuireadh impe
    22] d'fhíonfhuil Dé-dáil aidhmhillte;
    23] do chéadthráigh fholta gach fhir
    24] an sbéacláir chorcra chroinn-sin.
  7. 25] Aoine Chásg ria do righeadh
    26] corp Dé—díochra an t- aindligheadh—
    27] croch ghuaisbheithre cabhra cháigh
    28] —damhna a huaislighthe d'fhagháil.
  8. 29] A-tá si-se ó soin i-le
    30] 'n-a cairt sídh, 'n-a crois choimhdhe
    31] re slios ghéagcláir chaoimh chobhsaidh
    32] 'n-a sbéacláir shaoir sholusghlain.
  9. 33] Iomdha raon guasochta gon,
    34] lorg cneadh agus áit áladh
    35] tre chlár ngeal séanta a sleasa
    36] 'n-a sbéacla fhear n-ainbheasa.

  10. p.163

  11. 37] Silleadh créacht a chuirp chorcra
    38] cúis truaighe, tuar furtochta,
    39] dáil chabhra athair d'fheithimh
    40] fachain anma d'fhóirithin.
  12. 41] Sompla ar sídh, séala ar ngrádha,
    42] fáth tuirse, tuar lúthghára.
    43] an mionn croinn ghéigleabhair ghlain
    44] do chloinn éidtreabhaigh Ádhaimh.
  13. 45] Cúis lúthghára a dtáinig tríd;
    46] fáth tuirse an tráth do- chímíd
    47] an slios corpghonta, an cíogh donn,
    48] do bhríogh fhurtochta ar n-anman.
  14. 49] Mairg nach sill sleachta a beoghon,
    50] mairg croidhe nach cuimhneoghadh
    51] iul diadha doinnleabtha a chneadh,
    52] piana coimhdheacra an Choimdheadh.
  15. 53] Cneadha a thaoibh—truagh an sompla—
    54] lorg bear a bhonn mbeoghonta,
    55] an dá chréachtláimh, an chlí gheal,
    56] sbéacláir don tí do thuigfeadh.
  16. 57] A thuigsin dúinn—dia do chéill—
    58] an fáth far fhuluing iaid-séin
    59] feadh sléachtana dhíonn do dhligh,
    60] créachtghona ríogh an ríchidh.
  17. 61] Dá dtugtha a hinneall dot aoidh,
    62] a fhir do-chí an gcroich bhfíornaoimh,
    63] sléachtain ní ba díoláimh dhuit
    64] don íomháigh éachtaigh orrdhruic.
  18. 65] 'N-a sompla chabhartha cháigh
    66] tuig ar tús mar tá an íomháigh
    67] 'n-a deilbh chneisiomláin chruaidh thigh,
    68] 'n-a heisiomláir thruaigh thuirrsigh.
  19. 69] Tuig fós—is feirrde a hionadh—
    70] mar tá sí ar n-a suidhioghadh;
    71] féach an tarbha a ndeachaibh dhaoibh
    72] i mbeathaidh th'anma, a óglaoigh.
  20. 73] Fáth a cheangail is an gcrann
    74] oidhir Dé—diadha an fulang—
    75] fáidh gach aoinfhear dar fhoillsigh
    76] sgaoileadh cáigh san cheangail-sin.

  21. p.164

  22. 77] Ciall a dhá lámh do leathadh
    78] Uan Dé, dalta ar ndeirbhsheathar,
    79] ró gráidh ar n-a fhaláir air
    80] do ghabháil cáigh san chrann-sain.
  23. 81] Mar fhairrsinge dá aos ghráidh
    82] fuilngis cumhgach—cúis tochráidh—
    83] idir ghlaisreanna dealg ndonn
    84] an leanb d'fhairrseanga oram.
  24. 85] Fáth fa dtug—truagh an cosgar—
    86] doirse a chneadh re a gcomhfhosgladh
    87] mar shlighe dar dtochta is-teagh
    88] tre chridhe gcorcra an Choimdheadh.
  25. 89] Fáth claonta a chinn san chroich-se
    90] d'umhlacht dúinn—dál athtuirse—
    91] Rí do bhí i gcumhnga dar gcionn;
    92] do bh'í an umhla gan fhuighioll.
  26. 93] Fáth fa dtug d'fhurtocht oruinn
    94] crann céasda an óig abhramhoill,
    95] dul 'n-a rann go ráinig linn;
    96] re crann tháinig ar dtuitim.
  27. 97] Báidhthear ann d'fhuil a chroidhe
    98] croch Dé, crann ar gcabhrai-ne,
    99] crann corcra slánuighthe ar sean,
    100] folta cánuighthe an Choimdheadh.
  28. 101] Crann do lubhghort phuirt Pharrthais,
    102] mionn croiche clár leabharthais,
    103] crann soillse na sé gcineadh,
    104] ré an chroinn-se ní caithfidhear.
  29. 105] Cros choimhdhe cloinne hÁdhaimh,
    106] luibh chabhra créacht bhfíorghábhaidh,
    107] crann do thomhais Mac Muire,
    108] slat tomhais na trócuire.
  30. 109] Sbéacláir cháigh, éanchrann ós fhiodh,
    110] tríthe at-chonnairc Dia ar ndídion;
    111] d'éis ar gcabhartha tar cáir
    112] tabhartha sbéis 'n-ar sbéacláir.
  31. 113] Peadar comharba an Choimdheadh
    114] bíodh leam an seang séaghainngheal
    115] fa chréachtcháir na gcroidhe thall
    116] sbéacláir oile ní iarrfam.

    Sbéacláir.