Corpus of Electronic Texts Edition
Ort do sheiseacht, a shaoghail (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)

p.151

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Ort do sheiseacht, a shaoghail,
    2] a sgian tana thollfhaobhair;
    3] a ghille 's a lúb 'n-a láimh,
    4] ag súd inn-ne dot fhágbháil.
  2. 5] Mithid damh céim seachad sair,
    6] a sheanóir dhoill, a dhomhain;
    7] do budh turchar dhamh, a dhuill,
    8] urchar do chur lem choluinn.
  3. 9] Do budh codladh ar chlúimh thé
    10] gan iompódh riot a-ríse;
    11] uch, a thruagh, más eadh as áil
    12] seal uabh agus gan t'fhágbháil.
  4. 13] Seal 'san slighe dhíomhaoin damh,
    14] seal 'san saoghal dom shalchadh,
    15] seal san lathaigh, loighe an doill,
    16] athaidh oile san abhoinn.
  5. 17] Ruaig agam d'iarraidh nimhe,
    18] ruaig i measg mo mhuinntire—
    19] tuig trá nach deighcridhe dhamh
    20] an dá eitrighe d'adhradh.
  6. 21] Siridh féin aireamh eile,
    22] a shaoghail, d'ar t'eitrighe;
    23] beir, a shaoghail, t'aghaidh uaim,
    24] a shalaigh dhaolaigh dhiombuain.

  7. p.152

  8. 25] A sheanóir thuisleadhaigh thruim,
    26] mallacht ort gach fhir chumuinn;
    27] go bhfagha shár it sheise,
    28] a chlár tana taipleise.
  9. 29] Gé taoi ar mo thí, a thruagháin thruaigh,
    30] duit do chumas do chéadduain;
    31] mór an ceannach deaghóir dhamh
    32] seanóir meangach do mholadh.
  10. 33] Is tú an giolla fionn fallsa,
    34] riot do-chuaidh an cholann-sa;
    35] ní tú, a dhalláin a dhomhain,
    36] an chnú fhalláin fhoghamhair.
  11. 37] Is tú an tsadh mheabhlach mheangach,
    38] is tú an bheithir bhéimeannach,
    39] tú an aithir sheang, a sheise,
    40] is ceann aithigh uirrei-se.
  12. 41] Do chuiris díot a-dearair
    42] cúig dhíne do dhíneadhaibh;
    43] ní fhuil tú acht id chuaille chuir
    44] ar bhrú na huaighe, a ánruidh.
  13. 45] A ánruidh thruaigh, tomhais dúin
    46] gá fuil do-chuaidh fad chéadúir;
    47] sloinn go fíor, a bhréagaigh bhrais,
    48] gá céadfhuil ríogh do fhromhais.
  14. 49] Fuil Aibéil mheic Ádhaimh fhinn
    50] dí do chorcrais do chéidrinn;
    51] a bhrais bhréagaigh, is sí sain
    52] céadfhuil do bhí ar do bhéalaibh.
  15. 53] Fuil Críosd do-chuaidh fad bhruinne,
    54] móide t'imshníomh oruinn-ne;
    55] ceann fat iris níor dhluigh dhamh
    56] ó do ibhis fhuil t'athar.
  16. 57] Do bhrathais Dái-bhí na ndámh
    58] 's do fheallais ar Ab-rahám;
    59] tugadh ceann Eoin dá éis sain
    60] 'n-a fheoil ar mhéis dod mhiasaibh.
  17. 61] Do chrochais is a cheann síos
    62] Peadar apsdal na n-óirchíos;
    63] ar ndíoth Peadair agus Póil
    64] eagail do shioth, a sheanóir.

  18. p.153

  19. 65] Ní dhearna cumann riot riamh
    66] ó do fheallais ar Aibial
    67] neach nar chuiris féine i bhfód
    68] acht madh Éile agus Eanóg.
  20. 69] Tárras ort-sa eacht oile
    70] do chealga 's do chorroighe;
    71] ar do mhuin—níor bhúireadh binn—
    72] do chuir an Dúileamh dílinn.
  21. 73] Bliadhain dí—agus níor dhoib- heart—
    74] ar do mhuin ag marcoigheacht;
    75] ní fhuair díon, ní thárraidh trácht,
    76] do shíol Ádhaimh acht aonbhárc.
  22. 77] Tiocfa bráth ainmhín oile
    78] dod bháthadh-sa, a bhréagoire;
    79] ní bhia beatha eile ann
    80] acht ceatha is teine is torann.
  23. 81] Báidhfidhear tú do thonnaibh
    82] mar bháidhthear ceap críonchonnaidh;
    83] do leagadh a-dir gach dream
    84] ar sin ní fheadar th'inneall.
  24. 85] Ón ló loisgfidhear do lár
    86] agus ghéisfeas do ghormchlár
    87] agus bhearrfas muir do mhong
    88] do sheanchas ní fhuil agam.
  25. 89] Ag súd inne ag imtheacht uaid
    90] i reilig na gcrann gcaolfhuaid;
    91] beag do threiseacht tocht tar muir
    92] ort do sheiseacht, a shaoghail.

    Ort.