Corpus of Electronic Texts Edition
Ní díol grádha gleann na ndeor (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)
p.137
FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
- 1] Ní díol grádha gleann na ndeor
2] ná lean a chádhas go cian;
3] cia an dúil nar ghortuigh go géar?
4] dúinn is léan a rochtain riamh.
- 5] Ná cluintear fíoch feasda fúibh
6] a shíol Eabha, a fhuigheal áir;
7] do-chím-se nach teann bhar dtóir;
8] gleann an bhróin an tír-se i dtáir.
- 9] Gleann na ndéar an talamh trom,
10] do ghréas nochan antar ann,
11] dá lár is soibheirthe sionn,
12] is crádh liom m'oilithre ann.
- 13] Fan lucht toice fhuil san úr
14] toirrse ní fhuil ar a n-ór;
15] beag bhar ngaol re gleann na ndéar,
16] a dhream do fhéagh an raon róm.
- 17] Fa chloich ó do-chuaidh do chlí
18] ní fhoil groigh ná cuaich dod chaoi;
19] ní libh dod chrodh acht an chré,
20] a fhir a-né ar ndol fa dhlaoi.
p.138
- 21] A fhir dar bh'earradh an t-ór,
22] ní libh d'earradh acht an uagh;
23] san tír dar ghoire do ghrádh
24] lámh ag rígh oile mon-uar.
- 25] Mac Muire nar an fa fhád
26] don chruinne ná car acht súd;
27] níor leat do chríoch áluinn
óg,
28] ní bhíoth acht fód fábhuill
fúd.
- 29] Do-chuaidh d'fhuil Ádhaimh fa úr,
30] iar 'n-a ghuin tánaig i dtréan;
31] is fiú a ghaolmhaith drud 'n-a dhál;
32] tug grádh do naomhfhlaith na néall.
- 33] Ní théid ar a dhiadhacht dlaoi;
34] ná tréig ar an iasacht hé,
35] flaith as fhearr fan uile ní,
36] rí ar ar fheall an chruinne ché.
- 37] Tiad na toirthe mar théid clú,
38] ná tréig an Coimdhe ar cheo;
39] táinig mar chiaigh tre chlí mná;
40] biaidh mar tá mar do bhí beo.
- 41] Tuille grás nach téid i dtrágh
42] ná tréig do ghnáth Muire
mhór
43] earla fionn as daingean dún,
44] mionn súl na n-aingeal 's na n-ógh.
- 45] Ar n-eochair, ar n-eite lúidh,
46] red bheathaidh seice ná sín:
47] bheith ar a tí tug dot óidh
48] 's í 'n-a hóigh agus rug rígh.
- 49] Ná tréig Muire Máthair Dé,
50] táthaigh a croidhe red chlí;
51] ná gabh mearbhall tar an mnaoi
52] saoi glan as neamhghann im ní.Ní.
- 53] Peadar easbal do b'úr dlaoi
54] ag túr na beathadh do bhí;
55] tug a chaolchorp fa chuing nDé
56] do thuill sé ar naomhthacht gach ní.Ní.