Corpus of Electronic Texts Edition
Ná déana díomas, a dhuine (Author: Aonghus Fionn Ó Dálaigh)

p.134

AONGHUS FIONN Ó DÁLAIGH cct ?
  1. 1] Ná déana díomas, a dhuine;
    2] deimhin go bhfríoth fios do locht,
    3] fogus daoibh for-íor an t-uamhan
    4] ná bíodh dá thaoibh uabhar ort.
  2. 5] A dhuine bhoicht ná bí díomsach,
    6] do dheireadh féin féach a-nú;
    7] a-tá sealbh ag an éag oraibh,
    8] is dearbh nach géag thoraidh thú.
  3. 9] Rachthair a-rís san gcriaidh gcéadna
    10] —a criaidh ar dtús tháinig sibh;
    11] an t-uabhar dá thaoibh níor thréigis;
    12] uamhan daoibh ar léigis libh.
  4. 13] Cairde aithghearr is eadh fhuarais,
    14] ní fada ón chriaidh a cur ort;
    15] dá mbé go bhfuil do ré romhaibh
    16] ní fhuil sé gan omhain ort.
  5. 17] D'éis an bháis ní bhéara sibh- se
    18] síos fan dtalmhain a-tá fóibh
    19] —uch, a thruaigh, is truagh an mealladh—
    20] buar ná cuaigh ná earradh óir.
  6. 21] Ní bhia achd aonbhrat is é cumhang
    22] fad chorp ar gcaitheamh do ré;
    23] tú mar chraoibh ar gcur a duille
    24] ar ndul daoibh don chruinne ché.
  7. 25] Mór an truaighe mar tá sibh-se,
    26] seargfaidh do chlí claonfaidh t'fholt;
    27] mór an béad mar taoi id thoirrchim
    28] 's an t-éag gach laoi ag oirchill ort.

  8. p.135

  9. 29] Brisfidh do dhearc—ba dáil baoghail—
    30] biaidh do bhéal ar dhath an ghuail;
    31] ná bí gan omhan t'fhir chagaidh;
    32] ag sin robhadh agaibh uaim.
  10. 33] An troightheach—is tráth dá fhógra—
    34] re hucht an bháis—is beart truagh—
    35] creidthe dhíobh i gcriaidh an Choimdheadh
    36] biaidh fo-ríor 'n-a oighreadh fhuar.
  11. 37] Rachaidh claochlódh ar chruth t'aighthe,
    38] d'éis t'éaga do b'olc do niamh,
    39] biaidh do bhéal mar an ngual ngabhann,
    40] ba tuar déar, a chalann chriadh.
  12. 41] A dhuine, ná déana fallsacht;
    42] is fíor damh a ndubhairt mé,
    43] a chroinn 's a fhréamh a húir Éabha,
    44] is sgéal rúin ná déana dhe.
  13. 45] Féach orm, a dhoirseoir Dé atar,
    46] a hucht Críost ler ceannchadh sinn;
    47] ná léig im cheann cíogh an álaidh
    48] i ngeall re gníomh Ádhaimh inn.

    Ná.