Corpus of Electronic Texts Edition
Meitheal do bhí ag Dia na ndúl (Author: Giolla Brighde Ó hEoghusa)

p.129

GIOLLA BRIGHDE Ó hEOGHUSA cct(?)
  1. 1] Meitheal do bhí ag Dia na ndúl
    2] —cia ar nach breitheamh rí na ríogh?—
    3] coibhéis ga roinn ón rígh mhór
    4] nír lór le droing díbh mar dhíol.
  2. 5] Dream fa phríomh don phobal fhionn
    6] gus an ríogh gan chogar gcam,
    7] lór ríoghdhacht a cheirt 'n-a gceann
    8] dream san bhfíonghort fa theirt thall.
  3. 9] Toradh abaidh fhuair an rí
    10] ón madain ga bhuain do bhaoi
    11] ní dheachaidh a bhuain do bhreith Dé
    12] tar an té fhuair i leith laoi.
  4. 13] Tig i gceann nóna dream díbh
    14] —nochan ónna earr mo sgeoil;
    15] nocha sia a-nonn iná nóin
    16] do-chóidh go Dia an drong fa dheoidh.
  5. 17] Coibhéis tug díbh dá gach dreim
    18] dá rug gun rígh ar a phroinn;
    19] meitheal Dé gomadh díbh inn
    20] go mbé sinn gun rígh fa roinn.

  6. p.130

  7. 21] Ar an chéaddrong ann tré éad
    22] ón géaglom gach crann do-chiad:
    23] "meitheal dar bh'aghaidh sinn súd
    24] grúg linn ar samhail is siad."
  8. 25] "Créad an tnúth do bhí ar dhreim díbh
    26] gé do-neinn" ar an rí "a réir;
    27] cóir congbháil gach chuir go cóir
    28] do-chóidh dhuibh ar bhformháil féin."
  9. 29] Cia an chéaddrong fhormhála úd
    30] nach éadtrom gcomhdhála ad-chiad?
    31] dream do chinn crábhadh go hóg
    32] nach sgirr fód go háradh iad.
  10. 33] Cia tháinig i leath an laoi
    34] dá nach ráinig neach gan ní?
    35] dream théid tar bloigh dá n-aois é
    36] do thoigh Dé ón mbaois i mbí.
  11. 37] Cia tháinig i dtráth re sgur
    38] dá ráinig mar chách a gcor
    39] a itghe fhíre ghearr ghlan?
    40] dream do sgar críne re col.
  12. 41] Dream ó nóin díbh, dream go moch,
    42] nír fhearr a mír dóibh ná a deoch;
    43] cidh óg cidh sean thí 'n-a theach
    44] is í bhreath neamh dá gach neoch.
  13. 45] Neamh i n-a dhíol ó Dhia ar ndul
    46] fear gá mbia críon as a chul;
    47] ní fhuighe ar aba ní achd neamh
    48] fear ga mbí aga as a ugh.
  14. 49]
    [gap: extent: 3 syllables]
    bearar an bhuain
    50] a-deir an leabhar go léir
    51] na soisgéala i n-a gcurp chóir
    52] dóigh lucht nach coisgéara a gcéill.
  15. 53] Mairg nach do mheithil Dé ar ndul,
    54] sé re a mheithil nocha mion
    55] bronnta ó leagar neach ar neamh;
    56] meadh na mbreath is eagal d'fhior.
  16. 57] Nocha beir Dia cách ó chiort
    58] i meidh an tráth bhus lia a locht;
    59] mo shoighníomh a Dhé ba dheacht
    60] gomadh seacht gcoimhlíon é is m'olc.

  17. p.131

  18. 61] Olc m'ar agus olc mo thuar,
    62] isam gort nach gabh a shíol;
    63] go mbé a Dhé gráinne dod ghrádh
    64] ar lár gach áighe, a Dhé, dhíom.
  19. 65] Fóir a Dhé m'anmain is air,
    66] is mé an chré 'n-a talmhain tigh;
    67] a mbí im thromcholuinn d'fheoil oimh
    68] fuin, a eoin ghormcholuim ghil.
  20. 69] Glan mo chridhe, a Dhé na ndúl,
    70] ag snighe go mbé do bhraon
    71] im inchinn im churp im chliabh;
    72] iadh fam ucht, timchill mo thaobh.
  21. 73] Mo mheanma—is tobar fuar fliuch—
    74] ag luadh meabhla ag cogar creach;
    75] mo chaoin ar n-a cur a-mach
    76] dubh mo dhath don taoibh is-teach.
  22. 77] Mé dom breith do-chí gun gcurp
    78] ní bhí achd gar mbreith ó chiort;
    79] a pholl camra, a chalann bhocht
    80] olc tharla an t-anam ar th'iocht.
  23. 81]
    [gap: extent: 4 syllables]
    fallsa a neimh
    82] fuaradh dhamh-sa agus a ndoigh;
    83] bréaga doilbhthe muin ar muin
    84] géaga do chuir toirthe im thoigh.
  24. 85]
    [gap: extent: 3 syllables]
    measgadh a méar
    86] cam mo sheasamh is mo sheol;
    87] comuil dom dhéad do bhas bhán
    88] lágh blas na mbréag as mo bheol.
  25. 89]
    [gap: extent: 5 syllables]
    is each
    90] nocha cóir is mo chré fliuch
    91] fearthain i n-eas ruaidh mo rath
    92] clach i dteas go n-uair do fhiuch.
  26. 93]
    [gap: extent: 5 syllables]
    do dhál
    94] nach anfuidhe ó dhún do dhún
    95] a thruaigh, ná toirche gan lón,
    96] smuain gan do chlódh choidhche ar gcúl.
  27. 97]
    [gap: extent: 6 syllables]
    cat
    98] ach a mbí ar láthair láimh riut;
    99] tiomna th'each do bhó 's do bhrat
    100] dod mhac is breath do ró riut.

  28. p.132

  29. 101]
    [gap: extent: 1 line]

    102]
    [gap: extent: 6 syllables]
    croig
    103] is fíor Dé nochar dhú dhuid
    104] an dtuig tú do ghné dhá goid.
  30. 105] Seang san Aoine is eadh nach
    106] an naoidhe 's an bhean ga mbia
    107] ní dhleiseadh naoidhe ní dhó
    108] san ló do bhí daoire ar Dhia.
  31. 109] Trí sáir do fulngadh le ar bhflaith
    110] —ar gcunnradh ní cáir do chleith—
    111] a thaobh geal do chur fa chloich,
    112] dul i gcroich, is bean dá bhreith.
  32. 113] Dá ró 'n-ar ndáil-ne Dia féin
    114] ní bhia bó ná áirghe ar m'óidh;
    115] adhbhar teasbhruithne a-tá im dháil
    116] is gráin lá an mheas- roighthe mhóir.
  33. 117] Ní rí a-dearam gidh eadh é
    118] re fear agus fearann faoi;
    119] re a thabhairt d'aoidh is é is rí
    120] an té do-ní craoibh don chnaoi.
  34. 121] Do dhealbh ar rí-ne an mhuir mór
    122] do shnoigh na tíre gan tál;
    123] talamh neamh do-roighne a-raon
    124] doilghe craobh le a bhfear i bhfál.
  35. 125] Tug gréin thoir sa mbioth dar mbraith
    126] tar gach toigh 'n-a rioth do reich;
    127] tar gach n-uilinn siar do soich
    128] grian 'n-a cloich muilinn ar mleith.
  36. 129] Dá léasboire Dhé na ndúl,
    130] ar n-éasgai-ne a ghné is grian;
    131] an bioth dá loinnir do líon
    132] dá choinnil ríogh 'n-a rioth riamh.
  37. 133] Ro badh iongnadh le gach fear
    134] gémadh fiodhbhadh tres an ar;
    135] dámadh neamhghnáth éan a hubh
    136] nó sméar dubh a gealbhláth ghlan.
  38. 137] Do shuidhigh Dia re gach ndúil
    138] i n-a suidhidh Dia ba- dhéin
    139] an talamh chongbhas go cóir
    140] nó an gabhal óir ghabhlas gréin.

  39. p.133

  40. 141] An saor do shuidhigh gréin ngil
    142] a réir nocha duiligh dhuibh;
    143] a chumhang gidh cia do-bheir
    144] do-gheibh Dia ar ubhall nó ar uibh.
  41. 145] Le Dia is annsa íorna mná
    146] ná almsa ríoghdha dá ria;
    147] táin ríoghna ná raighne bó
    148] mó an t-íorna ó mhnáib daidhbhre ag Dia.
  42. 149] Comhairle uaim dá gach fhior
    150] —ní comhairle ar n-uair bhus omh—
    151] gan eallach san chró do char;
    152] ní mhar dó a cheannach 's a chrodh.
  43. 153] A dtabhair duine do Dhia
    154] maraidh san chuile gan cheo;
    155] mairg nach tabhair bloigh na bó
    156] san chró a dtaraidh 'n-a boin bheo.
  44. 157] Leiseochaidh Dia cisde ar gcradh;
    158] brisge nocha bia 'n-a fhiodh;
    159] cisde damh-sa créad a chan?
    160] ní mhar séad achd almsa d'fhior.
  45. 161] Ba le marbh don chill ad-chiu
    162] is a fhadhbh linn mar is leo
    163] an almsa do budh fhearr dó
    164] ná bó ón marbh-sa 's a beann bheo.
  46. 165] Laogh dhamh-sa agus céad bó mbliocht
    166] m'almsa rem éag budh mó mart;
    167] maith an chuire 's a chéad torc
    168] do dhuine ar dtocht d'éag do-n- ort.
  47. 169] Ní beag le laoch ar nimh naomh
    170] an ghaoth i n-a digh gá diul;
    171] ní háil fromhadh ní háil ól,
    172] lór dáibh a bholadh do bhiudh.
  48. 173] Sruth fíona sruth meadha mall,
    174] sruth meala bhus míolla leam,
    175] tobar trí gcíoch ar mo cheann
    176] lionn nach fríoth cogal 'n-a cheann.
  49. 177] Mór an baoghal m'ord gach laoi
    178] —is faobhar go gcolg mo chré;
    179] lór a-tám 'n-ar mbeithidh bhí
    180] lágh a rí ar do mheithil mé.

    Meith.


  50. p.134

  51. 181] Brighid Bhreagh as bharr na n- ógh
    182] 'n-a teagh tall gurab mór mé;
    183] gnáth rádh a gille 'gar ngairm
    184] ní nár linne mar ainm é.

    Meith.