Corpus of Electronic Texts Edition
Marthain duit, a chroch an Choimdheadh (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)

p.124

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct (?)
  1. 1] Marthain duit, a chroch an Choimdheadh,
    2] a chroinn diadha an duille bhuig,
    3] ar an bhfád-sa is dóigh ar ndeaghail,
    4] pácsa is cóir 'n-a dheaghaidh dhuid.
  2. 5] A chroch Dé, do dhlighis cádhas
    6] ó chloinn Ádhaimh athair cáich;
    7] is mor mac gcionntach ro ceannghadh
    8] lat, a fhiortach bheannghlan bhláith.
  3. 9] Peacaidh na cruinne do cheannchais
    10] a chroch ghrádhach—gasda an ruaig;
    11] tugais cobhair, a chroinn ghrádhaigh,
    12] do chloinn cholaigh Ádhaimh uaid.
  4. 13] Inneosad duit diamhair nimhe,
    14] ní dá sgéalaibh, sgéal go nós;
    15] do-chluinfe Rí gealchas gréine
    16] ní dá sheanchas féine fós.
  5. 17] Do-rinne cathraigh n-aird n-aoibhinn
    18] Athair na slógh, Saor na gclann,
    19] 'n-a léibheann úr ghlan gan ghairbhe
    20] gur ghabh tnúdh na haingle ann.
  6. 21] Do hionnarbadh tre n-a n-uabhar
    22] aingil nimhe—nár an chuairt;
    23] ar gcur as na n-aingeal gcruthach
    24] fa hainneamh glas suthach suairc.

  7. p.125

  8. 25] Tar éis ionnarbtha na n-aingeal
    26] nír bh'iongnadh dhóibh dáil a bhfras
    27] ar gcur a gcúl re clár nimhe,
    28] lán a súl dá ibhe as.
  9. 29] Do dhealbh Dia Éabha agus Ádhamh
    30] d'iarraidh daoine—dáil gan chruas—
    31] dá síoladh agus dá snoighe
    32] do líonadh an toighe thuas.
  10. 33] Do sháruigh Éabha go huaibhreach
    34] Athair na ndúl—doiligh linn—
    35] a síodh do luit as a luighe
    36] gur thuit a síol uile inn.
  11. 37] Do cuireadh Éabha d'fhód Pharrthais
    38] na bport ngéagach—glan a lí;
    39] turas na slat—suairc an t-innreamh—
    40] fa cuairt mac is inghean í.
  12. 41] Marbhais Cái-in mear mac Ádhaimh
    42] Aibéal déirceach—díocra an mhóid—
    43] do leacain leabhair chruaidh chámhuill
    44] an sduaigh reabhaigh n-áluinn n-óig.
  13. 45] Beirthear Seath—fa suairc an toircheas—
    46] troigh mar eala, ucht mar bhláth;
    47] ní fríoth gein mar é 'n-a aghaidh
    48] is é sein do chabhair cách.
  14. 49] Gluaisis ainn-séin d'iarraidh Parrthais
    50] —prap an toisg nachar thoisg chlé—
    51] sa bhfearann mhín chraobhach chrosach
    52] i dtír bhraonach dhosach Dhé.
  15. 53] Do-chonnairc uadh aonchrann lomáin
    54] ar lár Parrthais—prap an chuairt;
    55] is luath do ghabh crotbhall críne
    56] an bogcrann glan sídhe suairc.
  16. 57] Ad-chonnairc aonmhacaomh áluinn
    58] ar fhud an chroinn soir is siar
    59] gur líon do chnuas an crann lomáin
    60] a-nuas fa bharr bhfolláin bhfiar.
  17. 61] Lingis trí gráinne a géig abhla
    62] i n-ucht Seith rer seachnadh móid
    63] beagán cnuasaigh maith re a mhaoidhimh
    64] don fhlaith uasail fhaoilidh óig.

  18. p.126

  19. 65] Gluaisis roimhe sa ród chéadna
    66] i gcríoch Parrthais na bport ngrinn
    67] fuair go suairc na gráinne gheala
    68] áille 'n-a chuairt d'Eabha fhinn.
  20. 69] Innisis d'Ádhamh, dá athair,
    70] inneall Pharrthais phuirt na ród;
    71] "do-chonnarc aonchrann san fhiodhbhaidh"
    72] ar an tsaorchlann ionmhuin óg.
  21. 73] "Do-chonnairc mei-se" ar mac Ádhaimh
    74] "aonmhacaomh—is nír thaom tláith—
    75] go ndearna aontaradh uile
    76] don mhaoltamhan bhuidhe bhláith."
  22. 77] "Sinne féin do chríon an crann-sain"
    78] comhrádh Ádhaimh "'s nír é a uair;
    79] is é an bioth an crann, a chara,
    80] gan ioth ann 's gan ana uainn.
  23. 81] "Mac Ríogh nimhe an naoidhe áluinn
    82] do fhóir sinn—ní seachmhaidh dhamh—
    83] gur chrann úr an t-athchrann éadtrom
    84] fa chúl sgathcham ghéagdhonn ghlan."
  24. 85] Tig an t-éag go hÁdhamh ainn-séin
    86] d'aithle a thurais—truagh an chuairt;
    87] do ba bhéad go mbleidhe ndeaghóir,
    88] sgeile a éag, fa seanóir suairc.
  25. 89] Eirghis Seath—fa suairc an giolla,
    90] giolla óg nar adhair ceilg—
    91] agus cloidhis uaigh dá athair
    92] an sduaigh roidheis ndathaigh ndeirg.
  26. 93] A thrí ghráinne gabhais chuige
    94] —cabhair cháigh a-nois do-niad;
    95] i mbéal Ádhaimh seach gach ionadh
    96] do cháraigh go h-iodhan iad.
  27. 97] Fásais trí géaga as na gráinnibh
    98] —fa gort buadha ar bheagán síl;
    99] oirrdhearc fós fan gcruinne gcrosaigh
    100] nós gach bhuinne dhosaigh dhíbh.
  28. 101] Tu-sa an treas crann do na crannaibh,
    102] a chroch Dé fa ndlighmid múith;
    103] do bás 'gud thairngire ó thosach
    104] id ghlainbhile dhosach dhlúith.

  29. p.127

  30. 105] Beirthear ainn-séin Muire máthair,
    106] máthair Chríosd do chosain bladh,
    107] a folt drongach mar ór n-íorna,
    108] torrach an ógh ghríobhdha ghlan.
  31. 109] Beiris Muire an macaomh oirrdhearc,
    110] Íosa Críosd an chraobh fa bhláth,
    111] Athair na slógh—fa séan buadha;
    112] an sgéal mór do-chuala cách.
  32. 113] Tugadh chugad-sa dá chrochadh
    114] tar ceann daoine Dia dá íoc;
    115] an tí do cinneadh dar gcabhair
    116] do milleadh Rí an domhain díot.
  33. 117] Tugadh chugad, a chroch ionmhuin,
    118] abhra gléadhubh ós ghruaidh mbrioc;
    119] do bhí, a chaomhchros chaomh mo chridhe,
    120] maothbhos shaor dá righe riot.
  34. 121] Do shín riot a righeach n-áluinn
    122] Íosa Críosd—fa caomhthach lonn;
    123] do sgaoil ort, a bheannach bhuadhach,
    124] a fholt gleannach dualach donn.
  35. 125] Ionmhuin cách do crochadh ionad,
    126] ionmhuin anam, ionmhuin corp,
    127] mo Rí, mo chridhe, mo chara
    128] do bhí ag snighe a fhala ort.
  36. 129] Gion gur fhás caor ort nó áirne
    130] nó ubhall cumhra nó cnú,
    131] do shíol, clann deaghbhan an domhain,
    132] dearbhadh as crann toraidh thú.
  37. 133] Tú fuair Maoise—mór an conác—
    134] tre chionn Ádhaimh—aobhdha an folt—
    135] do bhun thall fa úir na huaighe
    136] do bharr 'n-a chlúimh uaine ort.
  38. 137] Tu-sa fuair Dá-bhíoth san díothramh
    138] i ndiaidh Maoise—meadhair dheis—
    139] maith a chuairt d'fhaigsin an fhásaigh
    140] aisgidh shuairc an lá-sain leis.
  39. 141] Tu-sa an céadchrann do chuir Solamh
    142] suas 'n-a theampall—toisg nar íoc;
    143] leis do beanadh thall ar dtosach
    144] do bharr leabhar dosach dhíot.

  40. p.128

  41. 145] Is tú ar ndídean, is tú ar dtearmann,
    146] is tú ar leigheas i ló an bhráith,
    147] is tú an crann far chuir an Coimdhe
    148] fuil a bhall do choimhdhe cáich.
  42. 149] Is tú ar sgiath 's ar gcloidheamh cumhdaigh,
    150] a chroch Dé far dhoirt a chrú;
    151] nocha chluinim fhuaim na habhann
    152] uair nach cuirim tharam thú.
  43. 153] Tú linn táthuighthe na talmhan;
    154] is tú an caisléan ós chionn díog;
    155] is tú an lomán lán do thoradh;
    156] slán follán an domhan díod.
  44. 157] Fillfead chugad, a chroch ghrádhach,
    158] an glún deas le ndearnas olc;
    159] léigim fúm é agus ní fhuláir
    160] an glún clé dom fhuráil ort.
  45. 161] Is asad do-chuaidh an Coimdhe
    162] ar chreich Ifrinn—eachtra shoirbh;
    163] is tú thug an gcabhair gcalma
    164] i n-aghaidh na habhla oirn.
  46. 165] Fa lór bláithe do bheann gcumhdaigh
    166] gidh croch dhubh thú a-niodh 's a-né
    167] fa croch chorcra thú dar dtearmann
    168] ó chrú ochta is dearnann Dé.
  47. 169] Doiligh leam gan an leith eile
    170] d'fagháil chugad, a chroch naomh,
    171] go mbeith sunn comhfhad an Choimdheadh
    172] don chrunn robhog choirrgheal chaomh.
  48. 173] Ní fhaca i bpurt do na portaibh
    174] puball mar do phuball snáith;
    175] ní fhaca teagh mar do theampall
    176] a dhathta geal beannchorr bláith.
  49. 177] Tu-sa is Muire máthair Íosa
    178] do fhóir inn-ne is níor bh'olc fáth;
    179] bhar gcneas caomh níor chin a shamhail
    180] sibh ar-aon do chabhair cách.
  50. 181] Peacach sonn ag sléachtain chugad,
    182] ní cóir m'obadh gidh olc mé;
    183] toirn agus geibh phóig ón pheacthach,
    184] ceil do mhóid, a dheaghcroch Dé.

  51. p.129

  52. 185] Seath mac Ádhaimh fuair thú ar tosach
    186] thall i bParrthas na bport naomh;
    187] fa lór t'áille is eadh do-chuala
    188] id ghráinne gheal chuanna chaomh.
  53. 189] Fada do las ar lár m'anman
    190] inneall t'aighthe as ionmhuin linn;
    191] mar thig eatal do ghual gréine
    192] snuadh do leacan réidhe rinn.
  54. 193] Slánuigh an bioth, a bhean chumainn,
    194] comhaill damh-sa duais mo rann;
    195] mar thugais d'fhearaibh na heatha
    196] rugais d'fheadhaibh beatha barr.

    Marthain.