Corpus of Electronic Texts Edition
Mairg théid tar toil a athar (Author: Cormac Mhac Taidhg Bhallaigh Ó Dálaigh)

p.121

CORMAC MHAC TAIDHG BHALLAIGH Ó DÁLAIGH.
  1. 1] Mairg théid tar toil a athar
    2] ar a ghoin gidh bé as bhreitheamh;
    3] eagail a fhearg uan d'fhiochadh,
    4] criothar dhearg fan buan beithear.
  2. 5] Dlighid clann umhla d'aithribh;
    6] an umhla an t-ann nach foighthir
    7] cuimhne gaoil dóibh ní dlighthir;
    8] sirfidh cóir taoibh is troighthigh.
  3. 9] Ní sgaoilfe síoth dar snadhmadh;
    10] go bhfríoth dar dtaoibh-ne turbhadh
    11] do-ghéabhtha i mbais Dé a dhearbhadh
    12] dá ndearnadh sé ar crois cunnradh.
  4. 13] Gur guais deaghail re díoghain
    14] fuair do chneadhaibh fan gcánaidh;
    15] a searg mar sin ná saoilidh
    16] fearg fhaoilidh fhir an álaidh.
  5. 17] Súil linn aga ar n-a oighidh;
    18] madh fada sinn ar slighidh
    19] cóir do dhearg cíogh dar gcobhair
    20] ní fhoghain fearg ríogh righin.
  6. 21] A bhiodhbha as ní hogail,
    22] glas ar a dhiomdha druididh;
    23] maith do-cháidh críoch an chogair
    24] síoth cogaidh cáigh do chuidigh.
  7. 25] Leanfaidh chóir na ndealg ndomhan
    26] an leanb ag óigh do hoileadh;
    27] dana ó luing na bhfear bhfaladh
    28] aghadh ar thuinn cneadh gcroidheadh.
  8. 29] Téid ar each croinn ler chaomhain
    30] an fear do choill an gcánaidh;
    31] rug a ghaol ar ghuin aoinfhir;
    32] saoilidh gur shaor fhuil Ádhaimh.
  9. 33] Faill sa taobh thinn nír thugtha;
    34] a ghaol do fhill dá n-eachtra
    35] sreabh chiuin don fhuil-se an ochta
    36] cuisle bhactha an riuidh reampa.

  10. p.122

  11. 37] Dáil san aongha ní fhuighbhe
    38] —caomhna cáigh is dá cuibhdhe;
    39] bheith dhí gan fhior gan oidhre
    40] ciodh far dhoilghe trí thairnge?
  12. 41] Do dháil a fhuil go humhal,
    42] a ghuin ní tráigh gan toradh;
    43] mairg fhear do-cháidh dhá gcuireadh
    44] fuigheal áir na bhfear bhfaladh.
  13. 45] Bíodh gur dlighidh ar ndaoradh
    46] síodh san slighidh dhar seoladh;
    47] gidh bé thall díon nar díoladh
    48] ríoghan ann re díol deoradh.
  14. 49] Oiltir lé aonmhac óighe
    50] ler saoradh na sé líne
    51] ní ghabh sein díol, a dhaoine,
    52] aoighe ríogh go gcneidh gcíghe.
  15. 53] Gur bhac a fhíonfhuil d'iarraidh
    54] glas ar a dhíoghail dúinidh,
    55] rug sein an bhfeirg re fánaidh
    56] neimh álaidh dheirg an Dúilimh.
  16. 57] Mór re a íoc teinne an tairnge
    58] síoth rinn-ne gé do-righne;
    59] nír dháil rí duais budh doilghe
    60] guais t'oidhre i gclí dar gcinn-ne.
  17. 61] Tug an cíogh i n-a gceanaibh
    62] a ndíon mar rug do roghain;
    63] trí thráth i n-uaigh dot oidhir
    64] doiligh fhuair các do chabhair.
  18. 65] Fuair tríonn créachta nar chubhaidh;
    66] a n-éarca do dhíol dlighidh;
    67] do dhearg teallach troighigh
    68] d'oidhir Dé ceannach cinidh.
  19. 69] Síoth im chion féin nach fuighinn
    70] a-né as críoch d'fhior a fhulaing
    71] i nguin fir fríoth dar bhfoirinn;
    72] do thoirinn sin fíoch th'ubhaill.
  20. 73] Tug t' oidhir seal dar séana;
    74] ar dteacht do shoighin shíodha,
    75] bíoth gan éacht ríogh do rádha,
    76] gníomh dána créacht an chíogha.

  21. p.123

  22. 77] Feis chabhra cáigh do cheangail
    78] an fáidh ler snadhma sloinnidh;
    79] tig sin 'n-a suirghe dhaingin
    80] fuighle an aingil ribh roinnidh.
  23. 81] Crú an taoibh—ní beag an baoghal—
    82] ar ngaoil do bhean a bádhadh;
    83] fada sibh uam it éanar
    84] gér dual féaghadh fhir áladh.
  24. 85] Long cíghe im choinne cuirthear
    86] coinne ar sídhe go snadhmthar;
    87] go buain t'oidhre dhar n-iomchar
    88] tiomchal cuain oirn-ne is anfadh.
  25. 89] Ar chneadhaibh ní cóir cuimhne
    90] ó ndeachaidh sláin 'n-ar seilbh-ne;
    91] slán ó ghuin an fear foirne;
    92] ná lean oirn-ne fhuil th'eidhre.
  26. 93] Cuirfidh i gcéill far gcabhair
    94] Muire dá mbé ar mo bhuidhin
    95] dalta glún don óigh th'oidhir;
    96] cóir troigidh ar gcúl cuiridh.
  27. 97] Suirghe do-chóidh 'n-a chéile
    98] fuighle as ar dhóigh ar ndín-ne;
    99] cionnus libh liamhain óighe
    100] is t'iarraidh cóire i gcneidh cíghe.
  28. 101] A réalta eoil ar n- ealbha
    102] ná déana chóir far gcomhdha;
    103] leig síneadh id dhigh diomdha,
    104] iomdha id thigh fírfhear foghla.
  29. 105] Fáth as ar dhéanta ar ndearadh
    106] Éabha led ghrás do gabhadh;
    107] iomdha ar neamh tí do tileadh
    108] nár thileadh dhí achd fear faladh.
  30. 109] Fag síodh a fhaladh uadha
    110] an cíogh do tolladh trín-ne;
    111] gach guin eile mar fhóire
    112] t'óighe as luibh cneidhe cíghe.
  31. 113] Páis t'oidhir do thaobh toile
    114] do shaor ón oighidh t'fhine;
    115] do fhear tú t'fhuil don uile
    116] do bhuille sguir crú an chridhe.

  32. p.124

  33. 117] Tairg ríghtheach Dé gan dúnadh;
    118] bíthear do réir na ríobhan
    119] triall go hóigh ar gach aoinfhear;
    120] dóigh aoigheadh riamh gach ríoghan.
  34. 121] Ní mó d'fholtaibh trí thairnge—
    122] gontair an cíogh dar gcoimhdhe;
    123] cóir do-gheabh sé ler seilbh-ne,
    124] fear na seilbhe is é an t-oidre.

    Mairg.