Corpus of Electronic Texts Edition
Mairg nach doirteann a dhéara (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)

p.117

FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
  1. 1] Mairg nach doirteann a dhéara
    2] cioth déar do dhruim aithmhéala
    3] do bháidhfeadh diomdha an té as triar;
    4] do ba diongna é d'aimhríar.
  2. 5] Do dhearbhadh ar dhéaraibh Póil
    6] san tigh thuas gur thuill onóir
    7] fuair a thoil ó thriath nimhe;
    8] ag soin fiach a aithrighe.
  3. 9] Treall dá aimsir—anba an choir—
    10] do bhí Pól, posd an chrábhaidh,
    11] —ní hiúl é ag nach aghair fréamh—
    12] i n-aghaidh Dé 's a dheibhléan.
  4. 13] Beantar dhé lá do na láibh
    14] an éaraic uile anbháil
    15] a amharc mar badh dual dó;
    16] a radharc uadh do éaló.
  5. 17] Pól easbal ag iarraidh grás
    18] fearais cioth déar tre dhólás;
    19] do-ní d'aithrighe ann soin
    20] maithmhighe thall gur thobhoigh.

  6. p.118

  7. 21] A shíothcháin a dhéar budh dhéin,
    22] tugadh a amharc ainn-séin
    23] is glóir bhuan an Dúilimh dhó;
    24] a rúinnimh uadh do iompó.
  8. 25] Peadar an t-easbal eile
    26] fríoth leis luach a aithrighe;
    27] a thriath fa thrí an tann do shéan
    28] do-chí gur bh'am don Fhíréan.
  9. 29] Séana a thíghearna fa thrí
    30] le caoi do chuir ar neimhní;
    31] osna dhomhuin is dáil déar
    32] do bháidh fholaidh an Fhíréan.
  10. 33] Fuair fós Muire Magh-da-léan
    34] luach a haithrighe on Fhíréan;
    35] do thuill choróin san tigh thall;
    36] do bhir onóir dá hanam.
  11. 37] Le huisge a nuaidhéar do nigh
    38] Muire lá do na laithibh
    39] troigheach naomhdha ríogh na ríogh
    40] do bhíodh aobhdha re a heissíodh.
  12. 41] Na seacht ndeamhain—díochra an tsearc—
    42] do bhean Críosd eisde i n-aoinfheacht;
    43] do radadh luagh a deor dhí
    44] ar n-a leodh d'Uan na hóighe.
  13. 45] Loingíonus fós feacht oile
    46] dhó ar n-osgladh a uchtchroidhe
    47] fuair a shíoth do dhruim a dhéar,
    48] gé do thuill fhíoch on Fhíréan.
  14. 49] Gach neach dá dtug triath nimhe
    50] flaitheas Dé ar aoi a n-aithrighe
    51] —a ghuidhe is díor dá gach dhruing—
    52] a ríomh uile ní fhéadfuinn.
  15. 53] Go ndearnar aithrighe im ulc
    54] mar na deibhléana a-dubhart;
    55] laithe a bháis do hoirneadh inn
    56] páis an Choimdheadh go gcaoininn.
  16. 57] An lucht fuair flaitheas nimhe
    58] le hiomarcaidh aithrighe,
    59] fa dheireadh gomadh díobh sinn;
    60] geimheal far-íor ar mh'inntinn.

  17. p.119

  18. 61] An glas cruaidh-se dom chridhe
    62] go mbeana braon aithrighe;
    63] fuaire mo bhéas ag reodh riom
    64] mo dheor do ghréas i ngéibheann.
  19. 65] An cioth do chuir Dar-daoin de
    66] do ghuais péine na páise
    67] —cioth mo shúl do budh lór lais—
    68] gomadh lón dún an díoghrais.
  20. 69] Uisge glas do-ghéabha uam
    70] tighearna na dtrí mórshluagh
    71] fan fhuil dheirg dhamh-sa do dháil
    72] do sheilg ar mh'annsa d'fhagháil.
  21. 73] Fliuchad aighthe anba an grádh
    74] —nior bhréag é bláth an domhnán—
    75] 's an chlí do thiormuigh dar dtal
    76] ar tí ionnluigh gach anman.
  22. 77] Ar ndáil a fhola uile
    78] dia hAoine dar n-ionghuire
    79] ní raibhe ann aonbhraon d'fhuil;
    80] an taobhghaol thall do thiormuigh.
  23. 81] Le haonbhraon d'fhearthain dá fhuil
    82] do cheinneochadh clann Ádhaimh
    83] 's gan chrú a chlí d'fhearthain uile;
    84] do bhí an fhearthain iomuin-ne.
  24. 85] Níor bh'fhiú a dtáinig 's a dtiocfa
    86] fuil an Choimdheadh choisreagtha
    87] sileadh phinn do dhortadh dhí
    88] gan sinn dom fholcadh eisde.
  25. 89] Gér lor aonbhraon dhíobh dom dhíon
    90] cuirim m'fhaosamh tar m'eissíodh
    91] ar gach bhraon dar dhoirt damh-sa;
    92] do sgoilt a thaobh treamhum-sa.
  26. 93] Cuirim m'fhaosam ar a fhuil,
    94] 's ar a bhás 's ar a bheathaidh,
    95] 's ar chúig croidhibh ríogh na reann;
    96] síodh an troighigh go dtuaiream.
  27. 97] Cuirim ar an gcoróin sbín
    98] mo chomairce ar aoi m'eissídh,
    99] 's ar an digh dhomblais ad ibh,
    100] 's ar donnbhais dhil an Dúilimh.

  28. p.120

  29. 101] Ar an gceann do chlaon re chrois
    102] cuirim mo dhíon tre dhíoghrais
    103] ar ndín-ne ar an troigheach thinn
    104] do ríne an t-oineach inghill.
  30. 105] Tuir chothuighthe na córa
    106] m'fhaosamh re hucht n-iarnóna;
    107] is díon mo mhíothaom go moch
    108] bíodh ar a chlíothaobh chréachtach.
  31. 109] An crann i ndeachaidh dar ndíon
    110] is nochtadh oidhre an Airdríogh
    111] do shaor tre chonnailbhe ar gcoir;
    112] mo chomairghe ar-aon orraibh.
  32. 113] Dá fhaosamh daoine an domhain
    114] do shaor a uaigh fhíordhomhuin
    115] 's a eisléine an uile fhear
    116] cneischéile Muire maighdean.
  33. 117] M'fhaosamh ar a éirghe ón uaigh
    118] is ar chreich Ifrinn adhfhuair;
    119] mo choimhdhe ar leic far luigh;
    120] a reic oirn-ne do fhuasguil.
  34. 121] An toil thug Críosd dar gcabhair
    122] ag sin éideadh m'anaghail
    123] grádh buan an Dúilimh dhamh-sa
    124] mar lúirigh uadh umam-sa.
  35. 125] Muire óg earla glúineach
    126] damh-sa gomadh díonlúireach
    127] ó tharla a lán d'éigion ann
    128] a grádh 'n-a éidiodh umum.
  36. 129] Muire corm an chrábhaidh the
    130] ní daorfuidhear sinn seice;
    131] earla glan na ngéigfhiodh bhfionn
    132] budh éideadh dhamh a dícheall.
  37. 133] Do gonadh is i n-a ghoin
    134] dia hAoine í ar a aghaidh
    135] an choirpsheang tre chailg an gha;
    136] mairg nach doirteann a dhéara.

    M.

  38. 137] Ainm Beadair na mbriathar nglic
    138] carrag chothuighthe an chreidimh
    139] fuair is-tigh an-uas an ainm
    140] sgaradh ris ro bu romhairg.

    Mairg.