Corpus of Electronic Texts Edition
Mairg nach diongnadh dán do Dhia (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)
p.114
FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
- 1] Mairg nach diongnadh dán do Dhia
2] is mairg nach diongnadh dán
dó;
3] ar tí ar gceannuigh ar do chrú
4] do bhí tú idir cheannuibh cló.
- 5] Díol a mholta Rí na ríogh;
6] mo Rí go molar ó mhian;
7] a thuilleamh go dtí dom dhán;
8] go dtuillior grádh an tí as triar.
- 9] An t-éasga lán lán do
ghlóir
10] iar mbás do éirigh ón úir;
11] do shúil re grádh créachta an
chígh
12] dán don rígh is déanta
dhúinn.
- 13] Tar éis a ghonta go grian
14] dá éis do b'fholamh an uagh;
15] mar so do shéalaigh mo shíodh;
16] do ba díor déanaimh na nduan.
- 17] Molta séimhe ó gach dhroing dhínn
18] do thuill ar n-éirghe as an uaigh;
19] do mhúch dhe ar ngluasocht le glóir,
20] do fhóir ar ghuasacht sé sluaigh.
- 21] Lá bloghtha brogha na bpiasd
22] a mholadh níor mholadh
díosg
23] do-chuaidh ón uaigh ar chreich Chásg,
24] i leith na ngrásd do-chuaidh Críosd.
- 25] Na haithre umun fios fíor
26] mo chion tharla 'n-a riocht riamh;
27] ionmhuin an lucht thug ón tár
28] rug tre ghrádh ó Phurt na bpian.
- 29] Do fhágaibh an gcreich nar clódh
30] an ghein dá dtánaig a dtriall
31] i bParrthas na mbile n-úr
32] múr barrghlas fan gile grian.
- 33] Flaith fial nach neamhchonáigh nós
34] go a dheasghabháil Dia na
ngrás
35] go teach Dé ní dheachaidh suas
36] 's é thuas 'n-a bheathaidh iar mbás.
p.115
- 37] San deasghabháil ma-raon ris
38] don fheadhanfháir far fhaomh
crois
39] tug a uille ais re hais;
40] rug lais an cuire re chois.
- 41] D'éis bháis 'n-a beathaidh do bhaoi
42] an chreach-sain far chráidh a chlí
43] rug iar mbuadh go dúnphort Dé;
44] lé níor bh'fhuar a dhúthracht
dí.
- 45] Urra na creiche Críost mór
46] níor theine gan ghríos a ghrádh;
47] go dtí leam a thoil do thuar
48] 'n-a cheann ba dhual dol re dán.
- 49] Gréas do naidhm ní neamhchóir
dhúinn
50] don chreachthóir do airg an uaimh;
51] lorg na gcló tre choigle cáigh
52] do badh cáir 'n-a oigdhe d'uaim.
- 53] I gcuilt chumhuing is í fuar
54] dúinn do fhuluing an tí 's triar;
55] ar son roghan ríogh na ndúl
56] díor dún a mholadh ó mhian.
- 57] Díoghrais
[gap: extent: 1 syllable]
is
déanta dhúinn
58] 'n-a éaraic dom éasga eoil;
59] tre ar n-olc dá chrochadh do-chuaidh
60] fuair a chorp dochar dá dheoin.
- 61] Uch nach dán díchill mo dhán
62] don rígh-sin tá i n-a thriar
63] ar son roghan ríogh na ndúl
64] díor dhún a mholadh ó mhian.
- 65] Móide 's dual déinimh na ngréas
66] don uan do éirigh iar mbás
67] a-tá i neart ar an treibh thuas;
68] ní tearc duas ag gein na ngrás.
- 69] Urusa duas d'iarraidh air
70] ní tre fhuath tiaghair dá thigh;
71] is é mo rí an rí ag a bhfuil
72] an chré 's an mhuir 's gach ní ar nimh.
- 73] An t-éasga dearg as dearg snuadh
74] is le ceard déanta na ndúl
75] leis gach lionnmhagh, leis gach sliabh,
76] leis an ghrian 's an fhiodhbhadh úr.
p.116
- 77] Leis na haingle ó láimh go láimh,
78] 's na maighe 's an tráigh 's an tír,
79] leis na luibhe, leis na heoin,
80] leis na neoil 's gach duine dhínn.
- 81] Dá mbeinn re ríomh a bhfoil faoi
82] níor leinn soin do ríomh rem ré;
83] mar sin is leis uile í
84] leis gach ní san chruinne ché.
- 85] Tre ghuin chígh is dearnann dúinn
86] go ndearnam an rígh do réir;
87] ar a thol ó tá gach dúil
88] ní lá dhúinn dom chor ó
chéim.
- 89] Gríos grás ar nach deachaidh dlaoi
90] iar 'n-a bhás do bheathaigh sé;
91] glóir ar marthain uile hí
92] an uile ní ar dhaghthail Dé.
- 93] Dar gcaomhna do-cháid fan lia
94] le a dhaonnacht do dháil a chrú
95] do bhí a chlí 'n-a cosair chró
96] rí as mhó do chosain a chlú.
- 97] Do bhí ós chách is é i n-
úir,
98] do bhí sé iar mbás fá
bhuaidh,
99] fa rí é agus é san óigh
100] an tí do fhóir na sé sluaigh.
- 101] Do dhearg romhuinn an rian ríogh
102] triall 'n-a cheann dá bhfaghuinn uadh;
103] lorg ceise 'n-a chlí do-chiam
104] rí fial ara treise truagh.
- 105] Ní hé ar éanchor obus
róinn,
106] mo lochta dom éara uaidh;
107] ní ghabhaim mo chor i gcéim;
108] dom thol féin anaim uaidh.
- 109] Cairt ar gcomhthruim Muire
mhór
110] ó athair na n-uile ndúl;
111] níor cailleadh an réalla ríogh;
112] do-ghéabha síodh daingean dún.
- 113] Maighdean nar bh'iomarcaidh uaill,
114] an mhaighdean bhionnfhoclach bhúidh
115] 'n-a dál go ndighear iar nóin
116] sireadh glóir ar mo dhán dúinn.
p.117
- 117] An chaor bhuaidh ler saoradh sionn
118] tre dhaonnacht i nduais mo rann,
119] gidh fiú mo choir cor im cheann,
120] go rabh leam is an toigh thall.
- 121] Ógh ler slonnadh síodh gach uird
122] bíodh dom chosnamh ar an
chailg
123] do dháil go lór t'fhuil gan fheirg;
124] guin an deilg is mór an mhairg.M.
- 125] A sheachna is cumann go gceilg
126] Peadar umam i ngach aird
127] mairg danab sódh seachna a uird;
128] seachna a luirg is mór an mhairg.M.