Corpus of Electronic Texts Edition
Mairg mheallas muirn an tsaoghail (Author: Gofraidh Fionn Ó Dálaigh)

p.109

GOFFRAIDH FIONN Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Mairg mheallas muirn an tsaoghail
    2] gearr bhíos buaidh a mhóraonaigh;
    3] mairg nach rochaomhain é air
    4] re ré an drochshaoghail deacraigh.
  2. 5] Flaitheamhnas mór ar mhuirn mbig,
    6] beatha shíor ar sheal ngairid,
    7] tréigean Dé is diombuaidh an dáil
    8] ar ré ndiombuain an domhnáin.
  3. 9] Sógh na sochraide neamhdha
    10] a-tá thuas mun dtighearna,
    11] gach sódh fa nimh seacha sain
    12] is beatha fhir i n-uamhaidh.
  4. 13] A dhaoine dá ndáiltear rath
    14] leis nach beag méad a meadhrach
    15] bhar sódh is uime as lor libh
    16] gan sódh as uille d'fhaicsin.
  5. 17] Dá dhearbhadh sin ag so sgéal
    18] bheanas ris do réir fíréan
    19] —sgéal é ónab iontúir neamh—
    20] gidh bé sgriobtúir ór sgaoileadh.
  6. 21] Bean torrach ag tuar broide
    22] do bhí i bpríosún peannaide;
    23] bearar do chead Dé na ndúl
    24] lé leanabh beag san bhríosún.

  7. p.110

  8. 25] Ar n-a bhreith do bhí an macámh
    26] ag fás mar gach bhfochlacán
    27] dá fhiadhnaibh mar budh eadh dhún
    28] seal do bhliadhnaibh i mbríosún.
  9. 29] An inghean d'fhagháil bhroide
    30] meanma an leinbh níor lughai-de
    31] 's í dá réir gé do bhaoi i mbraid
    32] mar mhnaoi gan phéin gan pheannaid.
  10. 33] Do shoillse an laoi níor léir dhóibh
    34] achd a bhfaicdís—fáth dobróin—
    35] do dhruim iodhan an achaidh
    36] tré ionadh thuill tarathair.
  11. 37] Mun n-orchra níor bh'ionann dál
    38] dá mháthair is don mhacámh;
    39] do athruigh dealbh dá dreich ghil
    40] is an leanbh ag breith bhisigh.
  12. 41] An leanbh dá oileamhain ann
    42] do b' fheirr-de aige a fhulang;
    43] níor léir don bharrthais óg úr
    44] narbh fhód Parrthais an príosún.
  13. 45] Sei-sean ag breith ruag reabhraidh
    46] si-se ag dul ar doimheanmain,
    47] mairg thrá nach tiobhradh dá aoidh
    48] ionramh na mná is a macaoimh.
  14. 49] Ar bhfaicsin déar re dreich ngil
    50] ráidhis an leanbh lá éigin
    51] "ó tharla a fhuigheall ar m'óidh
    52] cluineam damhna do dhobróin."
  15. 53] "Neimhiongnadh gé do-neinn maoith"
    54] ar si-se "a leinibh lánbhaoith
    55] "is rian chumhang nar dhleacht dún
    56] teacht d'fhulang pian i bpríosún."
  16. 57] "An bhfuil" ar sé "sódh eile
    58] as aoibhne ná ar n-inmhei-ne
    59] nó an bhfuil ní as soillse ná so
    60] ó do-ní an toirse throm-so.
  17. 61] "Dar linn" ar an leanabh óg
    62] "gé taoi brónach, a bhean-ód,
    63] is léir dhúin ar ndíol soillse;
    64] ná bíodh ar th'úidh athtoirse."

  18. p.111

  19. 65] "A n-abra ní hiongnadh dheit,"
    66] ar an inghean "a óigmhic
    67] dáigh treibhe an teagh do thaghais,
    68] treabh eile ní fhacadhais.
  20. 69] "Dá bhfaictheá a bhfacaidh mei-se
    70] re dteacht don toigh dhoirchei-se
    71] do bhiadh doimheanma ort ann
    72] id phort oileamhna, a anam."
  21. 73] "Ós agad-sa as fhearr a dhearbh,
    74] a inghean" ar an t-óigleanbh
    75] "ná ceil foirn fionnachtain de
    76] do mhoirn d'iomarcaidh oirn-ne."
  22. 77] "Loise an tsaoghail mhóir-se a-muigh
    78] is eadh tháirreas ó thosuigh;
    79] mé i dtigh dhorcha 'n-a dheaghaidh,
    80] a fhir chomtha, is cinneamhain."
  23. 81] Le cleachtadh deacrachta dhe
    82] 's nach fuair se sodh budh aoibhne
    83] níor cheis a ghruadh ghríosúr ghlan
    84] ar an bpríosún bhfuair bhfalamh.
  24. 85] Baramhail do-bhearthar dún:
    86] an dream do bhaoi san bhríosún
    87] lucht an bheatha ché an cúpla
    88] a ré is beatha bhríosúnta.
  25. 89] Ag féachain meadhrach Mic Dé
    90] flaitheas aga bhfuil buainré,
    91] cúis bhróin beatha gach dúnaidh
    92] slóigh an bheatha is bríosúnaigh.
  26. 93] A-tá idir neamh na naoi ngrádh
    94] is aoibhneas talmhan thonnbhán
    95] a mbí idir uaimh dhorcha dhuibh
    96] agus tolcha i n-uair aonaigh.
  27. 97] Drumchla áluinn gach achaidh
    98] is grian tre tholl tarathair
    99] gach teaghadh gréine do-gheibh
    100] ag féaghadh réime an ríchidh.
  28. 101] Ní bhí an tsoillse-se an tsaoghail
    102] seach múr nimhe nuabhraonaigh
    103] —taobh re a dáil is doibheas damh—
    104] acht mar shoiléas cláir comhladh.

  29. p.112

  30. 105] Fearr í ina loise as lugha
    106] aoibhneas ris nach ionchora
    107] ní buaininmhe an mhoirn-se a-muigh
    108] tuairim-ne an soillse suthain.
  31. 109] Tuarasgbháil teaghlaigh nimhe
    110] 's an bhrogha aird ainglidhe,
    111] go dtí an bráth agus bheith ris,
    112] ní reich re cách í d'aithris.
  32. 113] Maith na cruinne ar chumas damh
    114] agus neamh éanuair d'fhéaghadh
    115] do leigfeadh mé an mhaith-sin uaim
    116] gan é d'fhaicsin an athuair.
  33. 117] An talamh go n-a dtig de
    118] do thréigfinn ar theach nimhe
    119] 's gan fhaicsin dúnaidh Dé dhamh
    120] achd mé ar culaibh a comhladh.
  34. 121] Éisdeacht le héanlaith nimhe
    122] is cuid don cheol ainglidhe
    123] na heoin is díoghadha dhe
    124] fíorragha ceoil na cruinne.
  35. 125] Iomdha oirfideach eoin bhinn
    126] ag mac inghine Iaichim;
    127] nocha léir dá nglar-san guth
    128] nach sásfadh i bpéin peacach.
  36. 129] Iomdha i n-Ifreann 'n-a aghaidh
    130] —ní dá gcur i gcomhraghain—
    131] guil agus ualla arda
    132] 'ga bhfuil uadha ar ionnarba.
  37. 133] Ifreann aitreabh na ndeamhan
    134] príosún daor an Dúileamhan
    135] —rochtain ilphian triall don tigh—
    136] imchian ó rian an ríchidh.
  38. 137] Dá bhfeasdais fir an domhain
    138] sgéala Ifrinn orchradhaigh
    139] re a gclaisdin do ba cóir sgeinm
    140] dóibh is gan fhaicsin Ifeirn.
  39. 141] Do badh neamh leis gach neach ann
    142] bás d'fhagháil is ní fhaghann;
    143] ní dul ní téarnamh is-tigh
    144] brugh gan éanbhrugh a aithghin.

  40. p.113

  41. 145] Beag gach guais achd a ghábhadh
    146] losgadh ann is iombádhadh
    147] smuail bleachta nach báidhfeadh loch
    148] sneachta nach tráighfeadh teasbhach.
  42. 149] Aghaidh uirre anba an teidhm
    150] piasd a-tá ar tairsigh Ifeirnn
    151] dá bhfaiceadh í eadh radhairc
    152] gach fear ad-chí a chontabhairt.
  43. 153] Brugh Ifreinn nár fhaice mé
    154] i gcéin uadh ná 'n-a fhoigse;
    155] Rí na ndúl cá chuin do-chear
    156] an dún i bhfuil go bhfaicear.
  44. 157] Ní treise ar Dhia an duine tréan
    158] iná an bocht bhíos 'n-a fhíréan;
    159] ní le teann tiaghair ar neamh;
    160] fearr a hiarraidh go háilghean.
  45. 161] Croidhe uiríseal umhal
    162] tig de duine d'ardughadh;
    163] 'n-a luaighidheacht is lór d'fhear
    164] guaillidheacht ógh is aingeal.
  46. 165] Beatha gan aois gan orchra
    166] dóibh so ar son a adhartha,
    167] sláinte gan fhoircheann d'fhearaibh
    168] fáilte choitcheann chairdeamhail.
  47. 169] Mairg do thréigfeadh teach nimhe
    170] ar ar mbeathaidh mbréigei-ne;
    171] gá haird nach baoghal a-bhus?
    172] an saoghal is mairg mheallas.

    Mairg.

  48. 173] Nár mhealltar mi-se, a Mhuire,
    174] léir dom dhíon do dheaghguidhe;
    175] guidhe óghMhuire is lór linn,
    176] ógh as ghlórmhuire ghuidhim.
  49. 177] Comhairle Muire móire
    178] do-ní mac na móróighe;
    179] ó treise san tigh neamhdha
    180] ní dhligh mei-se mímheanma.
  50. 181] Ar gcomharg coitcheann do chuing
    182] ag Míchéal aingeal oruinn;
    183] is é crodh iarrfaithir air
    184] dol san ngrianchaithir nglórmhair.

    Mairg.