Corpus of Electronic Texts Edition
Mairg bheireas díogha dá dheoin (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)
Fearghal Óg Mac an Bhaird cct.
p.106
- 1] Mairg bheireas díogha dá dheoin
2] mairg thréigeas teagh an ghnáithcheoil
3] ar threibh ndoibhinn ndiamhair nduibh
4] go bhfoirinn fhiallaigh uathmhair.
- 5] Ar comhaonta deibhléan ndubh
6] mairg thréigeas teaghlach glórmhar;
7] an díogha nochan í as fhearr;
8] ní críonna an tí nach tuigeann.
- 9] Tuas a-tá teach na soillse
10] tíos a-tátuar síorthoirrse
11] teach eighreadhta an diabhail dhoirbh
12] seinleabtha fhiallaigh Iofoirn.
- 13] Tíos a-tá an triath as mheasa
14] tuas a-tátuar aoibhneasa
15] an flaithfhear ós na finibh
16] nar caitheadh 's nach caithfidhir.
- 17] Tíos a-tá an triath is dorcha
18] tuas a-tátuar neamhorchra
19] an Coimdhe do chruthuigh mé
20] oidhre suthain na soillse.
- 21] Flaitheamhnas gan fhoircheann air
22] thíos a-tá an triath rer dhealuigh;
23] tuas tarla an triath nar tubhadh
24] sgiath gach anma d'anaghal.
- 25] Rí ar a dtá togha dealbha
26] tuas a-tá 'n-a thighearna;
27] tíos tarla an triath go n-ainimh;
28] liach a adhbha d'ionnsaighidh.
p.107
- 29] Mairg thréigeas ar thriath na locht
30] Athair na n-uile gcumhacht
31] rí gan aonlocht, rí na reann
32] do bhí taobhnocht im thimcheall.
- 33] Mairg ler seachnadh saidhbhreas grás
34] ar threibh bhoicht i mbí dólás;
35] ní críonna cor an phobuil
36] do ghabh díogha dearlagaidh.
- 37] Go ndíbrir óm intinn é
38] an tí as duibhe ná an duibhré;
39] tre thoirrse go dtí im chroidhe
40] rí na soillse suthoine.
- 41] Bheith bithbheo gidh bé len áil
42] dá dtréigeadh níor thuar conáigh
43] grás as líonmhaire ná an luibh
44] ar bhás shíordhuidhe shuthuin.
- 45] Seachna Iosa ar Ifreann fhuar
46] malairt ghuirt dan gar diombuadh
47] an oighidh fhíre is í soin;
48] ríghe ní bhí ag a bhiodhbhaidh.
- 49] Gille as mhó d'inmhe agus d'fhuil
50] biaidh 'n-a throich ó sin suas-ain
51] más é as rí ar an talmhain truim
52] dá dtí go hadhbhaidh Iofruinn.
- 53] An té bhíos ó thigh go toigh
54] má théid don teaghdhais ghlórmhair
55] bídh fa onóir ó sein suas;
56] do-gheibh coróin ón choguas.
- 57] Sireadh Muire ar a mac dhil
58] m' fhurtocht i n-aimsir m'éigin;
59] tar m'olc síor ná séanadh sionn
60] dom dhíon déanadh a dhíchioll.
- 61] Go rabh leam i ló ar ngábhaidh
62] líog lógmhar shíl sheanÁdhaimh
63] Muire ghlórmhar géag ós fhiodh
64] séad na n-ógbhan 's na n-aingeal.
- 65] Fios a hóghdhachta ag gach aon
66] bíodh feasda tar mhéid mo mhíothaom
67] dom thaighdeadh don tigh thall-ain
68] maighdean dil do dhearbhamair.Mairg.
p.108
- 69] Peadar doirseoir dúin nimhe,
70] leannán na n-ógh n-ainglidhe,
71] cara na naomh a-nall-ain,
72] saor an ragha rugamair.Mairg.