Corpus of Electronic Texts Edition
Iomdha fáth ag feirg an Choimdheadh (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)

p.94

FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
  1. 1] Iomdha fáth ag feirg an Choimdheadh
    2] cúis a hadhanta fhuair sí;
    3] ní thig lá nach iomdha a hadhbhar
    4] más diomdha tá ar adhnadh í.
  2. 5] Lúisifear nar loc a aimhleas,
    6] an t-aingeal do b'áilne gné,
    7] do thuill mo-nuar fheirg ón Athair;
    8] níor theilg uadh gan fhachain é.

  3. p.95

  4. 9] Le Lúisifear lá na deaghla
    10] an deachmhadh ord ar aoi a gcealg
    11] do cuireadh mon-uar i nIfreann,
    12] bruidhean fhuar na ndrithleann ndearg.
  5. 13] Do chur anma i n-áit gach aingil
    14] dar imdhigh ó oidhre Dé
    15] do smuaintigh sonn deilbh an duine
    16] feidhm ler chom an chruinne ché.
  6. 17] Ní hionann is aingle an uabhair
    18] Éabha is Ádhamh—anba an bhuaidh;
    19] do chruthuigh sin iad rer-oile
    20] ní thiad dá thigh oile uaidh.
  7. 21] Go haithghearr tar éis a ndéanta
    22] an dias-sain dar dháil a thail
    23] gér chlann fhíre iad don airdrígh
    24] do-ríne siad fairbrígh air.
  8. 25] I bParrthas na mbileadh dtoirtheach
    26] tiomna Críost níor chomhuill siad;
    27] do-niad cailg abhla na haithne
    28] mairg tamhna dar bh' aithre iad.
  9. 29] Ag sin an dara fáth feirge
    30] fuair tighearna na dtrí sluagh
    31] foghail cnuais na craoibhe corcra
    32] daoine i nguais obtha uadh.
  10. 33] Céadfháth feirge fuair ó thosaigh
    34] tnúth na n-aingeal—anba an call;
    35] an dara fáth coill na cánadh
    36] ar chách do choill Ádhamh ann.
  11. 37] An treas fáth ag feirg an Dúilimh
    38] do dhoirt Cái-in—creidim súd—
    39] fuil a bhráthar le cnáimh cámhaill
    40] báthadh gráidh an ámhaill úd.
  12. 41] Do thuill Naoi fós feirg an Athar
    42] ón áirc an tan tháinig sé
    43] tug a úidh don fhíon do b'uaisle;
    44] níor dhíol rúin an uair-se é.
  13. 45] D'Forann iar ndol i ndeoidh Maoise
    46] san Muir Ruaidh na róideadh nglas,
    47] níor thuill sé fholaidh gan adhbhar;
    48] roghaimh Dé do hadhnadh as.

  14. p.96

  15. 49] Gan luagh ar a leabaidh chéasta,
    50] gan chuimhne ar a chur i n-uaigh,
    51] gan labhra ar dhiomdha na deilge,
    52] iomdha damhna feirge fuair.
  16. 53] Ó shíol Ádhaimh d'adhbhar fheirge
    54] ní háiréamhthair a n-uair sé
    55] áireamh go ndeach ar an duille;
    56] breath na bhfáidheadh uile é.
  17. 57] Fearg an Choimdheadh créad fár thuillseam?
    58] tig uadha le hintinn soirbh
    59] sul do-chuaidh i gclí dá chneasghoin
    60] gach ní dá bhfuair d'easbhaidh oirn.
  18. 61] Muir is talamh tug dá chomhghaol
    62] 's an chúirt naomhdha 's gach ní ad-chiad;
    63] achd gidh fuar bheirid a bhuidhe
    64] do-gheibhid uadh uile iad.
  19. 65] Fuil a chroidhe agus crú a dhearnann
    66] 's dealbh a aighthe—anba an bhuaidh—
    67] 's a theas ghráidh 's a shíodh fa shéala
    68] do dháil do shíol Éabha uaidh.
  20. 69] Ní dar dtoirbheart do thriath oile
    70] do fhuluing Críost—cruaidh an sdair—
    71] a ghuin iar dtabhairt a thoile;
    72] raghuirt do luigh m'oire air.
  21. 73] Ní dar gcur i gcarcair námhad
    74] do nocht an Coimdhe a chneas búidh;
    75] ní raibhe a thoil ar tí ar ndeaghla
    76] ní fhoil ní nach dearna dhúinn.
  22. 77] Do sgaoil an tréad nar thréad ceiníl
    78] ó chodhnach na cúirte thall
    79] a dhá láimh gur leath dá ngabháil;
    80] breath báidh ní ba fhaláir ann.
  23. 81] Dá chraoibh eolais d'fhios an ríchidh
    82] róibh, a dheibhléana Dé bhí,
    83] do sgaoil a dhá ríoghbhais romhuibh
    84] daoibh nír dhíoghrais fholuigh í.
  24. 85] Lucht an fheadhma i n-am na heagla
    86] ar na hardaibh éirgheas siad;
    87] rí nar choill ar a chloinn ionmhuin
    88] i mbarr croinn do ionghuir iad.

  25. p.97

  26. 89] Do chlaon an Coimdhe a cheann dúinn-ne
    90] ba dian a pháis—pudhar thinn;
    91] do fhaomh an umhla do dhlighfeadh
    92] craobh chumhra le sirthear sinn.
  27. 93] Na flaithe eile achd Uan Muire
    94] milse corna chleachtaid so;
    95] ní tug fuath go dearbh dá dháileamh
    96] gidh cuach searbh do dáileadh dhó.
  28. 97] Do íoc na holca do-rónsam
    98] rí na glóire—goirt an sdair;
    99] fuair a ghuin tre uille an uabhair
    100] do luigh truime ar n-ualaigh air.
  29. 101] Guidhim thuas baincheann na mbanógh
    102] fam breith is-teach do thoil Dé
    103] achd gidh iomdha cealg im chroidhe;
    104] biodhbha do leanb Moire mé.
  30. 105] Guais go gcuirfe an choir nach seachnaim
    106] sruth an chígh ós chionn a bhrúigh
    107] dá dtí tuile i n-áth an ochta
    108] ar sgáth Mhuire is dolta dhúinn.
  31. 109] Sí 'n-a máthair is 'n-a maighdin
    110] Muire bhúidh na mbachall bhfionn
    111] faghadh síoth dhamh tar mo dhoimhéin
    112] go rabh fan gcíoch roiréidh riom.

    Iomdha

  32. 113] Ag dúsacht diomdhadh an Dúilimh
    114] gach díomas dá ndearna sionn
    115] eagal fa-ríor go mba raghairt;
    116] bíodh Peadar ag labhairt liom.

    Iomdha.