Corpus of Electronic Texts Edition
Íocadh Críost cumaoin a mháthar (Author: Unknown)

p.91

  1. 1] Íocadh Críost cumaoin a mháthar
    2] mór re a dhíol a ndearna sí;
    3] an chíoch asa teann ar dtagra
    4] gearr ó fríoth re hagra hí.
  2. 5] Measfaidh cumaoin cích a mháthar.
    6] measadh sain a n-uair dá ulc;
    7] naoi míosa do bhí 'n-a bruinne
    8] Íosa ní as uille 'n-a hucht.
  3. 9] A beith n-a hóigh d'éis a toircis
    10] fa tualaing saor na sé gclann;
    11] teacht i gclí d'oidhre na hóighe
    12] do bhí coimhdhe a hóighe ann.
  4. 13] Tar éis ar fhear d'fhuil an chridhe
    14] cneadh an taoibh fa tobar díosg;
    15] go rug an bás céim 'n-a choinne
    16] a ghrás féin fa choille ar Críosd.
  5. 17] Ní dhiongna Dia an dícheall céadna
    18] do chloinn Éabha—is adhbhar sgís;
    19] tús an dubhaidh a-tá ag teachta
    20] gan lá turaidh reampa a-rís.
  6. 21] Cia nach daor ó na deich n-aithnibh
    22] uan Muire dá maithe an pháis;
    23] a dtéid liom go lá na deaghla
    24] a-tá im chionn ar bearna an bháis.
  7. 25] An mac do mhéaduigh a huaisle
    26] óighe a mháthar nír mhill sé;
    27] a glún dá heidhir do b'iomdhadh
    28] gur dhún gheimhil diomdhadh Dé.
  8. 29] Do cheannaigh—fa cunnradh sochair—
    30] síoth a dalta ar a deoir ndeirg
    31] go bhfuair féin croidhe dar gcoimhéad
    32] Moire ag béin fhoighéag dá fheirg.
  9. 33] Mar fuair an lot do Long-ínus
    34] grása Dé re ndul fan lia
    35] ní as tinne ná mo lucht leasa
    36] do-rinne an t-ucht deas-sa ar Dia.

  10. p.92

  11. 37] A-tá ag an óigh iúl na sligheadh
    38] dá seachna an Coimdhe cur linn;
    39] grása ar seathar seol an arthraigh
    40] eathar i mbeol anfaidh inn.
  12. 41] Guin an chló do-chuaidh 'n-a throighidh,
    42] trom re híoc i n-aice ar ngníomh;
    43] ní hurra an chlí ris na ceanaibh
    44] is cuma dhí a ndleaghair díom.
  13. 45] A adhbhar d'iomchar na croiche
    46] i gcoinne an bháis do bhí ag drud;
    47] do bhí teas na ngrás 'ga gharadh
    48] bás don treas tamhan go dtug.
  14. 49] Dá mbeinn saor ó na seacht bpeacthaibh
    50] páis an mheic do mhaithfeadh sé;
    51] luach an deilge dhó dá ndearnainn
    52] do b'fheirrde cló i ndearnainn Dé.
  15. 53] Go dtiocfa mar tháinig roimhe
    54] rádh gach eolaigh—ní hiúl cam;
    55] biaidh dhod sgáth ar na sé sluaghaibh
    56] nach é an tráth as uamhain ann.
  16. 57] Mithidh liom leanmhain a éarca
    58] áladh an chroinn do-chuaidh tríbh;
    59] do chionn a mhaithmhe, a Dhé, dham-sa
    60] ní mhaitfe mé an crann-sa id chígh.
  17. 61] Gé thugais linn do lá bágha
    62] beag an éaraic iarrfa id ghuin;
    63] ní móide díol th'fhala a huaisle
    64] dá bhfagha síodh uaim-se it fhuil.
  18. 65] Do chneadha doimhne, a Dhé Athar,
    66] eidhreacht cáigh do cheannaigh siad;
    67] ceannchaidh crú th'álaidh an uile
    68] 's nír shlánuigh tú uile iad.
  19. 69] A-tá 'n-a thosd ar tí ar meallta
    70] móide an baoghal bheith 'n-a fhail;
    71] nochar an tu-sa ar an talamh
    72] an usa dhamh anadh air?
  20. 73] Do mháthair nír mhaol a cumha
    74] an cíoch gonta gur ghabh táth
    75] gur bh' uisge ionnlaidh dhí a deora;
    76] do bhí ar th'iomdhaidh teora thráth.

  21. p.93

  22. 77] Do chaoin an ógh d'fhuil a croidhe
    78] cneadh an bhuinn do bhí fan chló;
    79] ní i n-aisgidh do bhí ga bosaibh
    80] t'fhaigsin, a rí, id chosair chró.
  23. 81] Eigean dúinn déanamh 'n-a éagmhais
    82] gidh é an cruinne carthar linn;
    83] a-tám a-moigh feadh na fáilte
    84] goir go teagh na sláinte sinn.
  24. 85] Do ghabh Muire Magh-da-léana
    86] leat, a Dhé—gár dheacra ar gclódh?
    87] dar leat do budh usa mh'fheacadh
    88] do fheac tu-sa ón pheacadh Phól.
  25. 89] Gér mhó martra meic na hóighe
    90] is ionráidh re hearla nocht;
    91] "bás do bhráthar duid gér dhoiligh
    92] cuid máthar dá oighidh ort."
  26. 93] Ceilt an mheic i measg a námhad
    94] do-ní an ógh fa híseal sdair;
    95] do b'eagail lé teachta thairsibh
    96] fearta Dé nar fhaillsigh air.
  27. 97] Long an anma d'éis a seolta
    98] —seol an arthraigh budh í an pháis—
    99] is baoghlach mo leabaidh luinge;
    100] eagail saobhshruth buinne an bháis.
  28. 101] Ní mó ná beo do bhí an ríoghan;
    102] rí an talmhan gér thruime a phian
    103] a ghoin fa martra le Muire;
    104] nír oil dalta roimhe riamh.
  29. 105] Do bhí an diomdha ag fadódh fúithe
    106] fearg an mheic gur maoladh lé;
    107] soghuidhe an rí tres an ríoghain
    108] sí ag forfhaire ar dhíoghail nDé.
  30. 109] Gin go mbeath liom lá na breithe
    110] buime mhúinte mheic an ríogh
    111] a-tá a grás 'ga char 'n-a chrithribh
    112] nach cás damh a ndlighthir díom.
  31. 113] Tig 'n-a luighe ar leic a dalta
    114] i ndiaidh Íosa d'éirghe ón uaigh;
    115] do chreid Moire a theacht ó thalamh;
    116] croidhe ón fheart fhalamh ní uair.

  32. p.94

  33. 117] Nír fhulaing ar eagla a ghonta
    118] grása Dé do dhul i ndíosg;
    119] mac na hóighe i gclí gur cuireadh
    120] do bhí a hóighe ag cuireadh Críosd.
  34. 121] Do chloinn Ádhaimh gidh é as coimhéad
    122] créachta an bhuinn—ní beag an tóir—
    123] is í a pháis do chách bhus conair
    124] áth an bháis madh domhain dóibh.
  35. 125] A fhir nach adaimh a cheana,
    126] ceilt an uilc ní headh budh dú
    127] —féach an corp a-tá 'n-a thaisibh—
    128] th'olc an lá do thaisigh tú.
  36. 129] A hosnaidh re hucht na croiche
    130] cneadh a mheic fa móide a nimh;
    131] fuair do mhartra is í 'n-a fhochair
    132] dí nar dhalta sochair sin.
  37. 133] Do íoc ar gcuid do chion Eabha
    134] oidhre Dé do dhiúl a cíoch;
    135] nús a bhuime a-tá 'ga thairmeasg
    136] ruinn-ne an lá as aimhleasg a fhíoch.

    Íoc.

  38. 137] A Mhíchíl, a mhaoir an Dúilimh,
    138] díol mo cheana ná cuir díot;
    139] ó taoi ar mo sgáth id sgiath dhaingean
    140] is tráth m'fhiach, a aingeal, d'íoc.

    Íoc.