Corpus of Electronic Texts Edition
Garbh éirghe iodhan bhrátha (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)

p.86

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Garbh éirghe iodhan bhrátha
    2] ní bu hanfadh aontrátha;
    3] gach síon mar do róigh reimhe
    4] do sgríobh go cóir Cirine.

  2. p.87

  3. 5] Cirine is cách dá shaighidh
    6] fuair a bhfios ag Eabhraighibh;
    7] sgéala laoi an Luain re leanmhain
    8] fuair an saoi sna seinleabhraibh.
  4. 9] Do fhágaibh Cirine ag cách
    10] cúig lá déag rias an ndianbhráth
    11] plágha troma do thoigheacht
    12] tonna trágha ag teachtaireacht.
  5. 13] A-tá ar an mbráth sonn slighe
    14] nach fríoth go bhfuair Cirine;
    15] más fhíor Cirine is ceart soin
    16] tearc ar slighei-ne ag seanchoidh.
  6. 17] Dá fhichid cubat ceart dó
    18] fuair Cirine san chéadló
    19] go mbí an fhairge ós gach eisgir,
    20] is í a hairde innistir.
  7. 21] Tráighfidh muir ar n-a mhárach
    22] go hiongantach ioldánach
    23] go ró gach bánuisge a bhun
    24] san ló thánuisde ar dtrághadh.
  8. 25] An treas lá líonfaidh gach áth
    26] ar dteacht na maidne i mochthráth
    27] go mbí an fhairge 'n-a hionadh
    28] gan airde gan íslioghadh.
  9. 29] Búirfidh gach péisd sa mhuir mhóir
    30] an ceathramhadh lá lánchóir
    31] nach fidir neach an ní a-dir
    32] acht Rí na mBreath, Rí an ríchidh.
  10. 33] An cúigeadh laithe budh lán
    34] d'uisge gach cladh 's gach cabhán;
    35] bádhfaidh glasmhuir ruadh gach rinn
    36] lasfaidh gach cuan mar choinnill.
  11. 37] An seiseadh lá budh lán d'fhuil
    38] gach ní thiocfas tré thalmhuin;
    39] ní bhia craobh ná cora clach
    40] gan bhraon fola gá bhfolach.
  12. 41] An seachtmhadh lá—lór d'ainimh—
    42] budh hé an lá-sain leagfaidhir
    43] na clocha arda eagair:
    44] anba an fotha foircheadail.

  13. p.88

  14. 45] An t-ochtmhadh lá—lór do dhoirr—
    46] do-níd na clocha comhroinn
    47] do-ní gan chairde agus croid
    48] trí cairrge dá gach charraig.
  15. 49] Troidfidh gach trian rer-oile
    50] mar budh clocha ciallaidhe;
    51] roithe agus budh teo ná te
    52] gleo gach cloiche re chéile.
  16. 53] An naomhadh lá cian ó ad-chlos
    54] géisfidh an talamh tonnghlas,
    55] tiocfa fan mbioth torann tréan
    56] crioth oram ris an uirsgéal.
  17. 57] An deachmhadh lá léighthear de
    58] muirfidhear cnuic na cruinne
    59] gan fhán fan gcruinne gan chéim
    60] gan uille acht 'n-a chlár choimhréidh.
  18. 61] An t-aonmhadh lá déag a-droigh
    62] cách a huamhaibh 's a hallaibh
    63] 's a mbéal re lár an lá-soin
    64] le hár is le uathbhásaibh.
  19. 65] Tuitfid sin uile d'éag de
    66] réaltanna is reanna nimhe
    67] tuitim dá gabhlaibh don ghréin
    68] go talmhain gcnuicfhinn gcoimhréidh.
  20. 69] Ní urmhais neach ní do rádh
    70] acht bheith ar sraon 's ar seachrán;
    71] ge dheach ar aghaidh gach fhir
    72] ní labhair neach re naoidhin.
  21. 73] Sgarfar gach fear re mhnaoi a-muigh,
    74] sgarfar gach mac re mháthair,
    75] nocha bia dias ar domhan
    76] bhias ó Dhia gan dealoghadh.
  22. 77] Truagh bhar dtoisg ar an dtalmhain,
    78] a chlann Ádhaimh éadtarbhaigh;
    79] a shluagh déarach an domhain,
    80] truagh an féarach fuarobhair.
  23. 81] An treas lá déag—doirbh an dáil—
    82] marbhthar cách uile d'aonláimh;
    83] nochan ria duine dearmaid
    84] nach bia uile i n-aointreabhlaid.

  24. p.89

  25. 85] An ceathramhadh lá déag a-droigh
    86] comhard airde re n-uaghaibh;
    87] ní cheil féar taise nach tig
    88] i mbéal gach claise i gcuirid.
  26. 89] An cúigeadh lá déag don dáil
    90] lasfaidh talamh mar theannáil;
    91] do ria an mráth ar n-a mhárach
    92] ó mbia cách go ciulánach.
  27. 93] Cuirfidh Dia a dheaghMhac dia Luain
    94] do mheasrughadh an mhórshluaigh
    95] Luanchar Dé do mheas na marbh;
    96] budh é an treas uathmhar athgharbh.
  28. 97] Do-bhéara Críosd—cruaidh an airc—
    98] dúin-ne an t-achmhusán orrdhairc;
    99] Rí na ndúl a-déara riom
    100] a éara dhún tre dhoichioll.
  29. 101] "Cuin do bhí againn t'éara"
    102] cantar uainn tre aithmhéala
    103] "duit do-bhéarmaois bú ar sealbha
    104] dá bhféaghmaois thú, a Thighearna."
  30. 105] "Mé an bocht do bhí san doras
    106] i n-íotain 's i n-ocaras
    107] gan luagh ar mhír ná ar dhigh dhamh
    108] do bhínn is sibh go seasgar.
  31. 109] "Mé gach fear do bhí go bocht,
    110] mé an bhansgál do bhí tárnocht,
    111] mé gach aonbhocht do b'fhíor dáibh
    112] do bhiodh taobhnocht gan tógbháil.
  32. 113] "A lucht rom fheith amhlaidh sain
    114] téighidh i dteaghdhais nDiabhail
    115] is caithidh mar as cubhaidh
    116] an chaithir do cheannchubhair."
  33. 117] Budh hiomdha ann soin gáir guil
    118] ag lucht dealuighthe Diabhail:
    119] truagh, is diabhail ghá ndeaghail,
    120] nuall an fhiallaigh imneadhaigh.
  34. 121] Mairg cheannchas a chur san mbeirn
    122] i gcathraigh uathmhair Ifeirn;
    123] ní cumhaing lucht an lis-sin
    124] a bhfuluing d'olc d'innisin.

  35. p.90

  36. 125] A chur ón gcathair neamhdha
    126] mairg thuaras, a Thighearna;
    127] mairg sgarthair—nár sgarthair sinn—
    128] ris an gcathraigh n-aird n-aoibhinn.
  37. 129] A-déara Críosd chongmhas smacht
    130] "tigidh do bhrígh na mbeannacht,
    131] a dhream-sa nach deachaidh uaim,
    132] leam-sa san mbeathaidh mbiothbhuain.
  38. 133] "Gach aon do fhágaibh a fhleidh
    134] im onóir" ar Rí an ríchidh
    135] "do-ghéabha teagh n-óil bhus fhearr
    136] ar nach róigh feadh nó foircheann."
  39. 137] Oisgeolaid dhóibh na doirrse
    138] aingil gheala ghruadhshoillse;
    139] budh feidhm aithne ar an ngréin ngil
    140] tar néimh aighthe gach aingil.
  40. 141] Lánamhna is ógha is feadhbha
    142] suidhid suas fan Tighearna
    143] 'n-a dtrí naoimhshreathaibh ar nimh
    144] ar aoinbheathaidh le hainglibh.
  41. 145] Máthair Chríosd 'n-a colainn féin
    146] ar nimh do chách is coimhléir;
    147] do-chíthir i gclí duine
    148] Rí an ríchidh 'n-a ríoghshuidhe.
  42. 149] Soraidh don lucht bhéaras bás
    150] ria n-a gciontaibh don chéadfhás;
    151] saoghal don ulc ó nach an
    152] baoghal don lucht dá leagar.

    Garbh.

  43. 153] Peadar Pápa na Rómha
    154] soighid dronga díomhóra
    155] cách fa seach do sóigh Peadar
    156] mar theach óir gá oireagar.

    Garbh.