Corpus of Electronic Texts Edition
Fuaras mian, ón, fuaras mian (Author: Donnchadh Mór Ó Dálaigh)

p.86

DONNCHADH MÓR Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Fuaras mian, ón, fuaras mian,
    2] rí saidhbhir agus é fial,
    3] file mi-se ag iarraidh grás
    4] mar dhleaghthair gach dámh do riar.
  2. 5] Fuaras neart, ón, fuaras neart,
    6] rí láidir agus é ceart,
    7] rí éisdeas bille na mbocht,
    8] rí nach olc do-rinne a reacht.
  3. 9] Mo rí mór, ón, mo rí mór,
    10] rí nach cuireann suim i stór;
    11] ag so an rí dhíolas gach neach
    12] don uile idir bheag is mór.
  4. 13] Mo rí féin, ón, mo rí féin,
    14] rí nach diultann neach fan ngréin;
    15] ós é as fhearr dhíolfas mo dhán
    16] molfad tar cách mo rí féin.
  5. 17] Leigeam dóibh, ón, leigeam dóibh
    18] táinte slóigh an bheatha bhuain;
    19] molaim feasda rí na ríogh,
    20] is é Críost as fhearr fa dhuain.
  6. 21] Míchéal maor, ón, Míchéal maor,
    22] nar leig mé as an raon riamh,
    23] molfaidh mi-se aingeal Dé
    24] ós dó féin fuaras mo mhian.

    Fuaras.