Corpus of Electronic Texts Edition
Fearr beagán cloinne ná clann (Author: Unknown)

p.83

  1. 1] ‘Fearr beagán cloinne ná clann’;
    2] na sinnsir dá rádh romham
    3] an glór do ghabh a ionadh
    4] is lór damh do dhaingnioghadh.
  2. 5] A aithris ní heagail damh,
    6] an seanóir is é m'ughdar;
    7] choidhche ní tiachar tairse
    8] briathar fhoirbhthe an ughdair-se.
  3. 9] Tig fiadhnaise an leabhair lais
    10] dá ndeacham d'iarraidh eolais,
    11] iul oile nach iarrtha dhúinn
    12] achd briathra sgoile an sgrioptúir.
  4. 13] An chóir do-chuaidh 'n-ar n-aghaidh
    14] ríoghan don fhréimh Íobhalaigh
    15] go rug inghin do b'fhiu chloinn:
    16] ní bhiu rer imdhigh oroinn.
  5. 17] Lucht an tnúith tug dá n-aire
    18] a toice 's a trócaire
    19] dá clú go ndearnadar díoth
    20] cnú do dheaghmhogal Dáibhíoth.
  6. 21] Do shoillsigh Dia fa dheireadh
    22] —ní comaoin nar cúitigheadh—
    23] siad ga réir do rún croidhe
    24] dá ghlún don fhréimh ríoghroidhe.
  7. 25] Do-rinneadh eatorra ar-aon
    26] an cluiteadh gur chuir d'éantaobh
    27] dias nar mealladh re mianaibh
    28] ceangal bhias gan bhaoithdhiamhair.
  8. 29] Mar a bhláth bhíos gach toradh;
    30] nír féadadh a bhfuasgoladh
    31] na clanna dar labhradh linn
    32] gur snadhmadh Anna is Iaichim.
  9. 33] Do-bheirdis do no bochtaibh
    34] a mbíodh acu d'iomarcaidh;
    35] iongantach mar aimhleas dáibh
    36] saidhbhreas iomarcach d'fhaghbháil.

  10. p.84

  11. 37] A ghabháil san aois arsaidh
    38] toircheas i dtráth éagcasmhail
    39] do chloinn do-chóidh a n-aire
    40] dóibh gur thoill a dtrócaire.
  12. 41] Do soillsigheadh a slighe
    42] riamh ar fheadh a n-aimsire,
    43] achd dubhadh ceatha ós a gcionn,
    44] a mbeatha umhal is ísioll.
  13. 45] A mbeith gan cloinn fa cúis dí
    46] fuair gach duine don dís-se
    47] náire tar an ngaol dar ghin
    48] a-raon gan
    [gap: extent: 4 syllables]
  14. 49] D'éis a
    [gap: extent: 3 syllables]
    d'obadh
    50] misde an riocht i robhodar
    51] fios a n-uaisle aca féin
    52] na slata uaisle a héinfhréimh.
  15. 53] Fan tarcaisne tugadh dháibh
    54] fóiridhin uadha d'fhaghbháil
    55] a nglas do fhóir an t-aingeal;
    56] a ndóigh as do b'éadaingean.
  16. 57] Do b'iad dá dhuais na deise
    58] i n-éaraic a n-aithise,
    59] grádh gach aonduine ortha,
    60] naomhMuire do fhás eatortha.
  17. 61] Do pósadh re seanóir saoir
    62] an inghean-so i n-aois mhachaoimh
    63] Muire nó gur chealg i gcorp
    64] ceard na n-uile ar a humhlocht.
  18. 65] Mac an tsaoir dá rádha ris
    66] do-gheibheadh uainn mar aithis;
    67] nír shaor a hóighe iomlán
    68] laogh na hóighe ar ithiomrádh.
  19. 69] Do bhí uaidhe féin i bhfad
    70] gá chaomhna ar cheilg námhad
    71] a mac i n-iomdhaidh fholaigh
    72] slat don fhiodhbhaidh Íobhalaigh.
  20. 73] A-bhus i mbun an tréada
    74] do an 'n-a fhior choimhéada
    75] oidhre Dé d'áis an Athar
    76] a pháis gur hé a hullmhachadh.

  21. p.85

  22. 77] A-tá lem thosach ag teacht
    78] páis Críost gur cheannuigh m'oidhreacht
    79] docair fhuil fúd sa bhfocal
    80] an fhuil úd dar n-anacal.
  23. 81] Doirrse na mball nír bhac de
    82] d'osgladh tar éis a chéile
    83] ón chéadchroidhe dá chridhibh
    84] go bhféadfaidhe ar bhfóiridhin.
  24. 85] Do bhí Muire—gár mhó broid!
    86] guin an taoibh truagh an fharraid—
    87] ag buain sgéal an álaidh d'Eoin
    88] gur sháruigh déar a doirseoir.
  25. 89] Oidhre nimhe ar nochtadh dhe
    90] dá déaraibh do dhoirt Muire
    91] a freasdal nach fuair a dearc
    92] ar n-uair na n-easbal d'imtheacht.
  26. 93] Do chruinnigh uime an ealbha
    94] do thruaighe dá tighearna
    95] mar rug léim luighe fan lic;
    96] fa géim na hoighe má heilit.
  27. 97] Dar leat gur thuit 'n-a tathamh;
    98] do thréig Muire a mothachadh
    99] ar ngoid a croidhe ós a chionn;
    100] a braid oile ní áirmhiom.
  28. 101] Ag labhairt re a dalta dhí
    102] uisge a dearc do dhoirt Muire;
    103] geall caithmhe ar fhuil an abhra
    104] do chuir d'aithle a hagallmha.
  29. 105] An tráth do dhúin a dhearca
    106] do chaith re hucht n-imtheachta
    107] friochnamh agus roghrádh ris
    108] do chomhrádh mhiodhchar mhilis.
  30. 109] Gach uair do saoilte dol dí
    110] do-gheibhthí anam innte;
    111] móide an cás méad a martra
    112] a bás gur éag iasachta.
  31. 113] Saothar oirrdheirc na hAoine
    114] is mó an t-adhbhar éagcaoine
    115] an chlann dar dual dola ar neamh
    116] ag tuar a fhola d'aithfear.

    Fearr.