Corpus of Electronic Texts Edition
Fada deoraidheachd na ndaoine (Author: Unknown)

p.78

  1. 1] Fada deoraidheachd na ndaoine;
    2] déanaidh iompódh ar iul chóir,
    3] cidh bé do bhean díbh an dúthaigh
    4] neamh do bu tír dúthaigh dhóibh.
  2. 5] Truagh mar thángadar a Parrthas
    6] peacadh Ádhaimh do b'é a dtós;
    7] is cian ó dhol 'n-a ndúthaigh
    8] an cor do-chiam fúthaibh fós.
  3. 9] Imtheachd uile d'éis bhar gcuarta,
    10] a chlann Éabha, is é bhus libh;
    11] d'anamhain ní headh do-chuabhair;
    12] baramhail fhear sluaghaidh sibh.
  4. 13] Ag teagasg dá dtug an Coimdhe,
    14] a chlann Ádhaimh, nír an sibh
    15] do aithin sé bhar síoladh
    16] caithir Dé do líonadh libh.
  5. 17] Táinig fairge ar fud an talmhan
    18] tugadh i n-íoc feirge Dé;
    19] an chuairt thimchil tug a dhíle,
    20] do imthigh, rug líne lé.
  6. 21] Smacht an Choimdheadh do chionn ubhaill
    22] uch, a Mhuire, mairg do bhris;
    23] cionnus lat tré chraoibh na cána
    24] mac an tsaoir do rádha ris.
  7. 25] Féach a thruaigh mar théid an domhan
    26] díoth carad ná cuir i mbrígh;
    27] rachaidh na daoine d'éag uile,
    28] créad fa gcaoine duine dhíbh.
  8. 29] An saoghal—ní slighe ghrádha—
    30] gearr go mbia mar do bhí ar dtós,
    31] deireadh bárdadh Dé ar an domhan;
    32] nír fágbhadh é folamh fós.
  9. 33] Anmhain ort an uair do saoileadh
    34] ag sin a thráth, tig do ré
    35] do leagadh do sheol, a shaoghail;
    36] leagadh i mbeol aonaigh é.

  10. p.79

  11. 37] Rachaidh maitheas muighe an tadhaill
    38] mar théid bláth do bharraibh crann;
    39] is eagal dún dál a chonáigh,
    40] lámh ar gcúl nír fholáir ann.
  12. 41] Go dtiobhruinn roinn do rígh nimhe
    42] dá ní féin ní foláir uaim;
    43] créad fa dtabhair don té chaitheas
    44] i n-aghaidh Dé an flaitheas fuair.
  13. 45] Téid uadha gan fhios a dhíola
    46] deireadh bréige an bheatha ché;
    47] ní cóir don talamh go dtiobhra
    48] taradh dhóibh tar diomdha Dé.
  14. 49] Mar leaghann an lá fa dheireadh
    50] déanaidh tapadh sul thí an bráth;
    51] tiocfa sgéala ann bhus eagail,
    52] a chlann Éabha, teagair tráth.
  15. 53] Dá dtí cách i gcoinne an Athar
    54] aithnidh dhamh dearadh a síl;
    55] gearr ar gcuimhnei-ne ar ar gceanaibh
    56] fearr cuimhnighe a ndleaghair dín.
  16. 57] Iomdha agat adhbhar feirge
    58] fada é ó fhochain bhig;
    59] do riar a Dhé muna dhearnam
    60] is é ciall na dteadhmann thig.
  17. 61] Lá éigin re hucht an bhrátha
    62] biaidh fuil ag fearthain 'n-a cioth,
    63] biaidh teine uaibh ar a n-áitibh;
    64] uair eile báidhtir an bioth.
  18. 65] Cló na boise, bior na troigheadh,
    66] trom an agra iad 'n-a ndís;
    67] do chlann ní hionchora ón eire;
    68] iomchora an crann reimhe a-rís.
  19. 69] Mo leigin uait d'éis a ndearnais
    70] a Dhia Athar iongnadh liom;
    71] cia bhaoi san chrois ag ar gcoimhdhe
    72] má taoi a-nois, a Choimdhe, im chionn.
  20. 73] A-tá ar bhreith dhúinn dul i n-Ifreann,
    74] a Uain Dé, nó dul id mhúr;
    75] is sibh ar gcara nó ar námha
    76] —ag sin ragha dála dhún.

  21. p.80

  22. 77] Tugais bláth tre bharr an fheadha
    78] d'éis a bhlátha do-bheire chnú
    79] táir is soillse slighe m'anman
    80] coimse nimhe is talmhan thú.
  23. 81] Cion na mná do mhill an lubhghort;
    82] leanaim ort—ní hagra réidh:
    83] "cia dara goire gaol Éabha,
    84] a laogh Moire, féagha féin."
  24. 85] Don chomhrádh do chan an t-aingeal
    86] do fhás mac ó Mhuire óigh
    87] do fhéad sé teachda mar tháinig,
    88] fearta Dé gá dtámaid dóibh.
  25. 89] Dá oighidh i n-íoc ar gceana
    90] cionnus linn an lá do-chuaidh;
    91] i n-aghaidh meabhla mná Ádhaimh
    92] a-tá dearna an álaidh uain.
  26. 93] Ionmhuin bas rer bhean an t- áladh
    94] ionmhuin troigh a-tá ar n-a goin;
    95] braon a chroidhe tar mo cheann-sa
    96] laogh oighe ceannsa do chuir.
  27. 97] Cionnus libh, a lucht an bheatha,
    98] beag do shocracht do shir sé;
    99] ní re lighe ar leabthaibh chlúimhe
    100] leantair slighe dhúinn-ne Dé.
  28. 101] A-tá a ndearnais i ndiaidh th'anma
    102] ó aois leinibh—lór a mhéad;
    103] cionnus thiocfa dhíot, a dhuine,
    104] íoc do chionta uile ar n-éag.
  29. 105] Ar do chomairce, a chuirp dhaonna,
    106] dá ndeach mé ní maith an tarm;
    107] a cholann, budh truagh do theasda
    108] oram Luan measda na marbh.
  30. 109] Tar go humhal d'iarraidh grás;
    110] glan 'n-a choinne an croidhe díosg;
    111] gul 'n-a leith ní maith do mholfuinn
    112] ná caith re breith chomhthruim Críosd.
  31. 113] Tig chugam i gcrothaibh fallsa
    114] fear mo mheallta, a mháthair Dé;
    115] tiocfa mo námha ní as ghoire;
    116] sul thí, tárra, a Mhoire, mé.

  32. p.81

  33. 117] Dia Athar i n-ucht a bhuime
    118] do bhí ag teitheadh—truagh na cuir:
    119] go n-íoca mé d'eiribh oile
    120] eidhir Dé, a Mhoire, ar do mhuin.
  34. 121] Leantar máthair Mic an Athar;
    122] íoc an leinbh do luigh fa a brat
    123] —ag sin congnamh uaim don uile—
    124] ar chonnradh fuair Muire mac.
  35. 125] A thrí Mhuire, maith do chaithfinn
    126] congnamh liom fam leigin suas;
    127] ná tréigidh mé, a naomha nimhe,
    128] a chré dhaonna an tighe thuas.
  36. 129] Le chéile gur chaitheas m'aimsir
    130] amhlaidh a-táim—truagh an brad—
    131] gan lá do ghuidhe Dé dhamh-sa;
    132] mo ré uile is fallsa ar fad.
  37. 133] Fada a-táid gan toil a seathar
    134] síol Ádhaimh—ní hoirchios dáibh,
    135] ni fhuil cúl díona ag an duine
    136] achd súgh cíogha Muire a-mháin.
  38. 137] Gá n-iarraidh, an uair nach teagaid,
    138] a-tá Muire—mór an brad;
    139] ní bhí sí tráth ar a dteitheadh
    140] sí ar cách ag feitheamh i bhfad.

    Fada.