Corpus of Electronic Texts Edition
Éanlá coinne ag cloinn Ádhaimh (Author: Unknown)
p.69
- 1] Éanlá coinne ag cloinn Ádhaimh
2] dá chloinn as coinne bhaoghail;
3] acht gidh gnáth an ghairm sluaghaidh
4] fáth uamhain an t-ainm aonaigh.
- 5] 'N-a dháil goirfidh a ghaolta
6] 'n-a bhfoithnibh ar ndáil drúchta
7] ní hé a shluagh an sluagh séanta
8] truagh gan chréachta Dé dúnta.
p.70
- 9] Dlighthir an dóigh mar shaoiltir;
10] sirfidh cóir i n-a chréachtaibh
11] guth faobhrach é gé íocfair
12] íocfaidh aonghuth Dé a ndéantair.
- 13] Cóir Dé mar dhlighthir d'iarraidh
14] sirfidh ar na sé línibh;
15] dá leath dhíobh ar n-a dhéanaimh
16] béaraidh breath ríogh dá-
ríribh.
- 17] Cuid dá chloinn 'n-a gcloinn ísil
18] ar mboing re cuid dá gcúisibh
19] ar léig sé leo ar an lá-sain
20] ceo ar ghrásaibh Dé do dhúisigh.
- 21] An lá-so lá na dála
22] an tráth-so ní tráth séana;
23] mar do thuil an tráth nóna
24] ní tráth córa d'fhuil Éabha.
- 25] Tug cuireadh do chloinn Ádhaimh
26] don chloinn as cuireadh uamhain;
27] gidh bé crioth i n-a gcéimibh
28] rioth éinfhir hé as a n-uaghaibh.
- 29] Ga mbia dá fheirg re a
fhine
30] ar an leirg bhus lia duine
31] dar lat nach máthair Moire
32] bráthair oile mac Muire.
- 33] Fearg an athar budh iongnadh
34] ní fearg athar gan adhbhar;
35] a mbia do láimh chlé an Choimdheadh
36] coinnmheadh Dé dháibh a ndamnadh.
- 37] Cách ag déachain 'n-a ndeaghaidh
38] féachain as crádh ó chroidhibh
39] súil nach bia súil a samhail
40] súil sgaraidh re Dia as doiligh.
- 41] Tiocfa an bráth gidh dál deacair
42] an tráth nach tráth an fhriotail
43] a bhfuair mé do sheal shocair
44] focail Dé ar feadh a bhfriotail.
- 45]
[gap: extent: 3 syllables]
mar do cuireadh
46] an ógh mása lé a leanabh
47] a-muigh ní hé go n-anabh
48] anadh fuil Dé dá dhearadh.
p.71
- 49] An neach diúltar don domhan
50] as diúltadh go teach dteineadh
51] truagh dom óigh ós lé a leanabh
52] dearadh Dé dhóibh fa dheireadh.
- 53] Ithir na n-uile dtaradh
54] mithidh Muire do mholadh
55] sgoth an túir nó go dtreabhar
56] treabhadh troch dhúin an domhan.
- 57] Ná leanam don uan aosda,
58] freagram an cuan 's an cósda;
59] do-bheir sí ar nguidhe a
grásda
60] Muire a dtrásda is í ar n-ósda.
- 61] Daghaighne hí agus ughdar
62] ar gcabhair-ne is í an airdbhean;
63] go cách uile ar an ardmhagh
64] margadh gnáth Muire maighdean.
- 65]
[gap: extent: 4 syllables]
go raibhe
66] sé 'n-a Dhia agus 'n-a dhuine
67] fan leic do b'anba an t-oire;
68] lamba toighe a meic Muire.
- 69] Ní gnáth cairde ar a chrithribh;
70] a grádh ní ar cairde cuirthir
71] nach bí cás i n-a carthain;
72] achraidh sí an grás sul ghuidhthir.
- 73] Muire ó nach treabhann tharainn
74] leanam uile go hinnill
75] ní feas gá cáil don choluinn
76] gcéin bheas romhuinn tráigh thirim.
- 77] An tráth-sa um cheart na colla
78] a neart ní grásta ganna;
79] re Dia nach dingneadh cuma
80] cia an urra acht inghean Anna.
- 81] Ar n-iúl gé shéid
a
shíorlot
82] ná léig, a shiúr, a shaorshlat,
83] cur am cheann do chrú a ghléaghlac;
84] tú an fhréamhshlat as fhearr aonmhac.
- 85] A Mhoire tar dom thogbháil,
86] ó chroidhe glan mo ghroidmhéin
87] a-nois is am dá eadráin
88] teagmháil thall red bhois mboigréidh.
p.72
- 89] Mo bhreith gá náire as neasa?
90] do leith do láimhe deise
91] mé, a Dhé, is-toigh agus tu-sa;
92] a Dhé an usa a-moigh mei-se?
- 93] Má tagrair rinn dá-ríribh
94] ná hagair inn sa gcánaidh
95] muna fhuil t'fhearg re a díoghuil
96] síodhuigh mar leanb fhuil th'álaidh.
- 97] Do pháis gidh óg re a haithbhior
98] ar fód an bháis sul beirthir
99] níor thuig mé ar chríon dom
chrithribh
100] dlighthir dhíom, a Dhé, deithbhir.
- 101] Ní hé m'iúl-sa dá
ríribh
102] gidh bé th'iúl-sa, a Dhé
dhúiligh;
103] ní hiúl glan acht iúl eolaigh;
104] seolaidh iúl damh a Dhúilimh.
- 105] Piana móra i ndíol dlighthe
106] síol na córa ó nach cuirthe;
107] truagh an teagh i n-a dtarthaoi,
108] feadh athlaoi uadh ní fhuighthe.
- 109] Tinfidh an bás re beagán
110] m'ithir ar ar fhás faidfhéar
111] duille an bheatha ché ar gcadógh
112] fadódh ceatha hé um aigéan.
- 113] Ógh do-bhir gairm an ghrádha;
114] mó ná sin a snaidhm síodha
115] gidh mór braithtir a buadha
116] Caitir chuanna ógh Fhíona.
- 117] Dia do thagh naomh go nuaidhcheol
118] damh i n-a mhaor mar Mhíchéal;
119] gion go glan mo sgáth sgáthán
120] gnáthfhál dhamh sgáth a
sgíthéan.Éan.