Corpus of Electronic Texts Edition
Do chadail ar bhfear faire (Author: Unknown)
p.61
- 1] Do chadail ar bhfear faire;
2] ní husaide m'ionghaire
3] gan mo thoil-se ar tí a feithimh
4] toirse 'n-a chlí choimhithigh.
- 5] Is éigin go dtiocfa as-teach
6] a bhiodhbha nó Dia dúileach;
7] mo theagh do b'adhbha fholamh
8] feadh an abhra d'osgoladh.
- 9] A námhaid dá rabh reimhe
10] móide adhbhar oirbhire,
11] teacht don toigh i mbí a bhiodhbha
12] nach hí toil an tighiorna.
- 13] An réasún aga raibhe
14] cumas m'anma d'ionghaire,
15] do leag uille ar an anmain
16] nach beag truime a thionnabhraidh.
- 17] Bíd a charaid diomdhach dhíom
18] bíd easgcaraid an airdríogh;
19] ar n-iompádh ó Dhia dhamh-sa
20] cia nach iompánn oram-sa.
- 21] A imtheacht as a ionadh
22] m'oibrighthe dá fhoillsioghadh;
23] croidhe díosg riamh ní roibhe
24] i mbiadh Críost i gcomhnoidhe.
- 25] Tréigean a mhic móide as náir
26] ná budh urusa a admháil
27] ar fhear éintighe oile
28] go dtréigfidhe a theachtaire.
p.62
- 29] Gur beanadh grása Dé dhe,
30] an réasún ar bhfear faire,
31] ar an anmain mar fríoth faill
32] a chríoch is amhlaidh fhágbhaim.
- 33] Cia an cara dá dhísle dhamh
34] i n-éagmhais oidhre ar seathar
35] ar bhfás d'eite lúidh mo locht
36] as creidthe dhúinn dar ndúsocht.
- 37] Do-ghéabham feasda ar bhfaire;
38] a-tá i n-oirchill m'ionghaire,
39] m'fhairei-se gídh dál deacrach,
40] lámh thairise thoirbheartach.
- 41] Lámh a carad do chabhair,
42] lámh as bhorb re biodhbhadhaibh,
43] lámh nach teagaimh achd re tréan,
44] lámh nach eagail don fhíréan.
- 45] Iomchraidh sí an domhan 'n-a durn,
46] iomchraidh neamh, iomchraidh Iofarn,
47] lámh arab iomdha aire,
48] clár tiomna na trócaire.
- 49] Moluid ar-aon a heineach
50] an cara 's an coimhidheach
51] lámh do chuir ár an einigh,
52] lámh i bhfuil ar bhfóiridhin.
- 53] Lámh as comhthrom dá cinead,
54] lámh fhuilngeas ar n-aindligheadh,
55] coimhdheas a grádh dá gaoltaibh
56] lámh fhoilngeas ar n-easaontaidh.
- 57] Gabhaid na dúile a nduan féin,
58] gabhaid éanlaith an ai-éir;
59] molaidh an trágh 's an tuile
60] lámh thobhaigh na trócuire.
- 61] Lámh thréan ara tréan cara,
62] minic fhóireas m'easbhadha
63] ag claonadh gé a-tám ó a toil;
64] lámh nach baoghal dá biodhbhaidh.
- 65] Do bhuail buille as bhaoghal damh
66] re linn díleann do dhortadh;
67] lámh bhuailte an dara buille
68] dál a cuairte chuguinn-ne.
p.63
- 69] Dá cosg ar cionn na breithe
70] cia hoile re n-éisdfidhe
71] lámh gan naomhuidhe ar a neart
72] naomhMuire is nach ál d'éisdeacht.
- 73] Bhar ngaol nach géabhaidh re hais
74] tiocfa lá, a lucht an díomais;
75] an uair fa bhféachfaidhear sibh
76] féachfaidhear cruaidh a chloidhimh.
- 77] An lámh do loit an tairnge
78] go raibh Críost dá comhairle
79] gur fhás sí air as ar n-ucht;
80] nochar mhair dhí achd a diadhacht.
- 81] Corp Íosa d'éis a leactha
82] fan óigh re hucht n-imtheachta
83] fuair ó ghuin báis 'n-a bais-se,
84] páis ar a bhfuil fiadhnaise.
- 85] A chara nochar chronuigh
86] a buain eisde d'Íobholuibh
87] an deaslámh do dhol dá halt
88] ar son na n-easlán d'fhurtocht.
- 89] A-tá ar cumas a chóig méar
90] dá ngabhthar leo mo leithsgéal
91] iul an róid do dhíorghadh dhamh
92] tar gníomhradh
[gap: extent: 4 syllables]
- 93] Do budh eagail ar n-éara
94] d'éis báis ní huair
aithmhéala
95] muna bheith tús aice ón éag;
96] dlús as caithte re ar gcoimhéad.
- 97] Ní fhuil i gcomhthrom rem chion
98] foghnamh m'anma ó aois naoidhion;
99] beag nar thoguibh an mheadh mhé;
100] do choduil ar bhfear faire.Do chaduil.