Corpus of Electronic Texts Edition
Dlighe, a dhuine, déanamh lóin (Author: Fearghal Óg Mac an Bhaird)

p.53

FEARGHAL ÓG MAC AN BHAIRD cct.
  1. 1] Dlighe, a dhuine, déanamh lóin;
    2] éirghe amach go Sliabh Si-óin
    3] ort, a thruaigh—gá deacra dál?
    4] smuain ar t'eachtra gan iompádh.
  2. 5] Eachtra bhaoghlach bhíos roithinn
    6] leat ní háil a hoirichill;
    7] do b'fhearr an chiall ceangal lóin
    8] 's do ghealladh go Sliabh Si-óin.
  3. 9] Dá lón as fhearr dot aithghin
    10] d'fhios an aonaigh anaithnidh
    11] an abhlonn rod chuir i gcéim
    12] 's a hannlonn d'fhuil an fhíréin.
  4. 13] Beir mar lón go Mac Muire
    14] déirc is aoine is urnuighe,
    15] ó nach fuil aitheachtra ort,
    16] 's na haitheanta tre umhlocht.

  5. p.54

  6. 17] Beir fós soillse leat mar lón;
    18] eadrod agus Sliabh Si-óin
    19] is iomdha gleann doirche dubh
    20] agus beann fhoirbhthe uathmhar.
  7. 21] Ag toigheacht gus an tulaigh
    22] glóir an tighe thuas-amhain
    23] go mba hí bhar soillse sin;
    24] bí le toirrse dá tuillimh.
  8. 25] Searc Íosa na n-áladh dtinn
    26] go mba hé th'arm 'n-a n-oirchill;
    27] lucht do dhiomdha ar gach rian róibh
    28] is iomdha go Sliabh Si-óin.
  9. 29] Do lucht éinleabtha is iad soin
    30] na peacaidh go n-a bpréamhaibh;
    31] gér libh iad gus an am-so
    32] ná bir iad don aonach-so.
  10. 33] Go comhdhál na gceasd ndeacair
    34] ná beir leat fiú an éinpheacaidh;
    35] do ghuais ríogh an tighe thuas
    36] bíodh do chridhe led choguas.
  11. 37] Lúisifear an lá do-chuaidh
    38] go teaghdhais Ifirnn adhfhuair
    39] gé fuair go daor a dheacar
    40] smuain nar fhaomh acht éinpheacadh.
  12. 41] Ní mó do aontuigh Éabha
    42] acht éinpheacadh uaithmhéala
    43] laithe a díoghbhóidh druim tar ais
    44] as ar choill príomhghlóir Parrthais.
  13. 45] Ré cúig n-aimsear—dál deacair—
    46] do-chuaidh ar aoi an éinpheacaidh
    47] lucht na cruinne—gér chreach throm—
    48] fa seach uile go hIofronn.
  14. 49] Mór an ghuais iomad na n-olc;
    50] a-táid uile tre éanlocht
    51] aingle an uabhair—gidh dáil doirbh—
    52] i láimh i n-uamhaidh Iofoirn.
  15. 53] Mé dá dhíol a-niodh go nua
    54] —mar sin bhias m'ua agus m'iarmhua
    55] mairg gaollucht dan séala sain—
    56] aonlocht Éabha agus Ádhaimh.

  16. p.55

  17. 57] Do-ním tráth iomarcaidh olc,
    58] níor shmuain m'athair acht aonlocht;
    59] d'fhuil Ádhaimh inn is gidh eadh
    60] do sháraigh sinn ar sinnsear.
  18. 61] Dá nglanainn go hannamh inn
    62] do bhiadh an t-aithcheo ar m'intinn;
    63] ní ghabhaim fo-ríor robhadh
    64] díom ní fhaghaim mh'urdhobhadh.
  19. 65] Mó th'annsa iná an uile olc,
    66] mó do ghrádh iná ar nguasocht;
    67] acht gé tá cló tred chroidhe
    68] dá mhó trá do thrócaire.
  20. 69] Fóir ar ghuais sinne mar soin;
    70] feacht n-aon i bhfoithribh fásaigh
    71] iolar slóigh, a chnú chroidhe,
    72] do fhóir tú led thrócoire.
  21. 73] Do-chuadhais feacht ar fásach
    74] i measg fhoithreadh n-uathbhásach
    75] a rathal do bhí id bhallaibh
    76] ar tí t'athar d'agallaimh.
  22. 77] San uaigneas soin iar ndul duid
    78] cúig mhíle ó a dtighthibh teagaid
    79] dá sgrios ó gach uile olc
    80] dot fhios uile tre umhlocht.
  23. 81] Do-rónais tre dhúthracht ndil
    82] seanmóir bhúidh breithre an Dúilimh
    83] dod lucht gaoil d'aithle a n-eachtra
    84] dhaoibh iar n-aithne a n-imtheachta.
  24. 85] Do na míltibh trá tre thal
    86] gé thug sibh sásadh briathar
    87] i gceann gach neith níor lór libh
    88] gan lón do bheith fa a mbruinnibh.
  25. 89] Fuarais ag duine san dáil
    90] dá iasg chorcra is cúig aráin,
    91] an phroinn-se do phlúr shéanta
    92] níor thúr toirrse a taisbéanta.
  26. 93] An tan-sain gá dtámaid ris
    94] i gcóirchuibhreann do chuiris
    95] taobh re taobh uille ar uille
    96] an cuire naomh neamdhuidhe.

  27. p.56

  28. 97] Na cúig aráin is dá iasg
    98] leathnuighid feadh na bhfinnriasg
    99] —i ndeoidh cháigh re chais teagar—
    100] tre bhais cháidh dá gcoisreagadh.
  29. 101] Le beagán do shásadh shéimh
    102] tugais a ndaoithin dóibh-séin,
    103] a chara ar ar chlaon an bioth,
    104] 's ní rabha aon gan fhuighlioch.
  30. 105] Na sácramainte is sí an phroinn,
    106] an chruinne an t-uaigneas áluinn;
    107] uch, is rathruagh sinn mar sain,
    108] is inn athshluagh an fhásaigh.
  31. 109] Cúig mhíle do mhuin toile
    110] do shás tú led thrócaire;
    111] beithte ar tí ar sásaidh mar sin
    112] led ghrásaibh, a rí an ríchidh.
  32. 113] An tí thug san fhásach uaidh
    114] an sásadh cumhra an chéaduair
    115] urra ar sásaidh-ne is sé sin
    116] mo ghrásoidhre Dé Dhúiligh.
  33. 117] Ní do phroinn talmhuidhe tám;
    118] cuir, a Thríonóid, le teasghrádh
    119] teachta ar mo cheann dá roinn rum
    120] an phroinn bhus fhearr dom anam.
  34. 121] Proinn na n-anmann is sí soin,
    122] mar deir an chanóin chubhoidh,
    123] a chorp do chaitheamh dá chloinn
    124] maitheamh ar n-olc san abhloinn.
  35. 125] A fhagháil níor bh'fhiú sinne
    126] corp flatha na fírinne
    127] do-ghéabha mé maitheamh m'olc
    128] dá gcaithear é tre annsocht.
  36. 129] Muna raibh an annsa ann
    130] Rí nimhe na sé saorchlann
    131] budh nimh a chorp do chaitheamh;
    132] ag sin an t-olc íocfaithear.
  37. 133] Gé chaithim a chorp míolla
    134] i ndeoidh dhéanta doighníomha,
    135] rí nar chomhuill dá chraidhe
    136] oruinn go dtí a thrócaire!

  38. p.57

  39. 137] Ní cás damh-sa cur chuige
    138] má tú ag iarraidh fochraige;
    139] mó a thoradh grás iná a ghoimh
    140] tamhan do fhás gan fhachain.
  40. 141] Ní hé Críosd do dhiúltfadh dhamh,
    142] mé féin trá tá dom dhiúltadh;
    143] do mhaith folta a ghlac ngonta
    144] mac ochta na humhlochta.
  41. 145] Grás maithmheach as mhaith sochair
    146] Sbiorad naomh is naomhAthair
    147] Mac do ionghuir an uile
    148] slat d'fhiodhbhaidh na hionmhuine.
  42. 149] Flaith tá agus bhias is do bhaoi,
    150] grian órdha dheiridh dheaghlaoi,
    151] bas do nigh an uile fhear,
    152] duine dil agus Dúileamh.
  43. 153] Do éirigh ón lia luighe
    154] —ní bás acht bás síordhuidhe;
    155] do bhí dá áis crann 'n-a churp
    156] iar bpáis níor chall a chumhacht.
  44. 157] Tar mo cheann do-chuaidh dá ghoin
    158] —dhó ní dhiongnuinn a urdail
    159] gidh ionann fuil dúinn is dó—
    160] do luigh san úir is do iompó.
  45. 161] An rí rom bhean a báthadh
    162] do-chuaidh tre chlí a naomhmáthar
    163] an crann do-chuaidh 'n-a chroidhe
    164] barr uaidh ar a heolchuire.
  46. 165] Níor throma dhó iná dhi-se
    166] an líog chomhthrom chloichei-se;
    167] do bhí an oil ar muin Mhuire
    168] far loigh tuir na trócaire.
  47. 169] Maith an fiach fuair i n-a crádh;
    170] a-tá ar neamh na naoi naomhghrádh
    171] a hiomdhadh mar as dual di;
    172] tuar a diomdhadh ní dhlíghe.

    Dlighe.

  48. 173] Fuair flaitheas síor ar a son
    174] na déara do dhoirt Peadar;
    175] do chomhshnoidh cruaidh a chridhe
    176] tromghoin an uain ainglidhe.

    Dlighe.