Corpus of Electronic Texts Edition
Dia do bheatha, a Mhoire mhór (Author: Aonghus Fionn Ó Dálaigh)

p.51

AONGHUS FIONN Ó DÁLAIGH cct.
  1. 1] Dia do bheatha, a Mhoire mhór,
    2] a bheatha as ghloine ná an ghrian;
    3] Dia do bheatha, a shúlmhall shaor,
    4] a chraobh bheatha, a úrbharr fhiar.
  2. 5] Dia do bheatha, a bhuime an ríogh
    6] im sheasamh im shuidhe im shuan;
    7] Dia do bheatha, a fhabhra úr,
    8] a rún m'anma, a bheatha bhuan.

  3. p.52

  4. 9] Dia do bheatha, a fholt mar ór,
    10] Dia do bheatha, a bhos mar aol,
    11] Dia do bheatha, a bhláth na n-ógh,
    12] Dia beatha a lón gnáth dod ghaol.
  5. 13] Dia do bheatha, a ghruadh mar ghréin,
    14] do bhuadh ní measda do mhnáibh;
    15] slighe m'anma is déanta id dheoigh,
    16] a réalta eoil chabhra cáigh.
  6. 17] Dia do bheatha, a bhéal mar rós,
    18] Dia do bheatha, a ghéag na ngrás,
    19] Dia do bheatha, a chraobh go gcnuas,
    20] dod ghaol suas beatha gan bhás.
  7. 21] Dia do bheatha, a mhálla mhín,
    22] a ré lán le mbearar buaidh;
    23] Dia do bheatha i n-am an eoil,
    24] a chrann seoil an bheatha bhuain.
  8. 25] Dia do bheatha a dhéidgheal dhonn,
    26] éinbhean ní curtha ós do chionn
    27] ar chombáigh do mhongshúl mall
    28] fa bharr thromúr fholláin fhionn.
  9. 29] Dia do bheatha, a bhruinneall shaor
    30] ler tuilleadh beatha gan bhiadh,
    31] a ghnúis ródbhán chneisgheal chaomh
    32] a dheisbhean shaor ógnár fhial.
  10. 33] Fáilte uaim dod mhalaigh mhín
    34] rer samhail snátha seang sróill,
    35] nó taoibh ruainne chíordhuibh chaoil
    36] far sgaoil buaile d'íornaibh óir.
  11. 37] Fáilte uaim dod mhongshúil mhoill,
    38] 's dod ghruaidh dhonnúir fháiltigh fhinn,
    39] 's dod chéibh ghníomharthaigh thais thruim,
    40] 's dod bhais gcuirr síodhshochruidh slim.
  12. 41] Fáilte uaim dod bhrághaid bháin
    42] ránaig buaidh fháilte gach aoin
    43] 's dod shúil ghlais fhorfháiltigh fhéil
    44] 's dod bhais réidh chorrfháintigh chaoin.
  13. 45] Fáilte uaim dod mhalaigh mhín,
    46] do chruth t'aighthe 's dot ucht shéimh,
    47] dod throighidh slaitleabhair saoir
    48] dtaitneamhaigh gcaoimh roighil réidh.

  14. p.53

  15. 49] Fáilte romhat id mháthair mheic
    50] —fáilte ón dá chás as cóir duit—
    51] sibh it óigh ar meas do mheic;
    52] cóir a reic red chneas mar chuip.
  16. 53] Tú an fhíorógh gan righe riot,
    54] an Tríonóid ar lighe leat
    55] tú ar ndaingean ar ghuin a ghlac;
    56] aingeal ód mhac ruibh do reac.
  17. 57] Tú urra cobhartha cáigh;
    58] do rodhalta—is curtha i gcéill,
    59] is tú an chraobh do fhás dar n-úir—
    60] do ghrás dúinn i n-a raon réidh.
  18. 61] Is tú glainghrian nimhe a-nú,
    62] tú an bhainliaigh gan righe ria,
    63] iomdha ní le a gcuire a chlú,
    64] tú do-ní duine do Dhia.

    Dia do.