Corpus of Electronic Texts Edition
Dia do bheatha-sa, a Mhuire (Author: Giolla Brighde Ó hEoghusa)
p.50
GIOLLA BRIGHDE Ó hEOGHUSA cct.
- 1] Dia do bheatha-sa, a Mhuire,
2] a thuile lán do ghrásaibh,
3] a-tá an tighearna it fhochair,
4] a ghein shochair clann nÁdhaimh.
- 5] Beannuighthe tu-sa tharsa
6] daghmhná na talmhan uile
7] 's is beannuighthe an ghein ríodha
8] Íosa toradh do bhruinne.
- 9] A naommáthair Dé, a Mhuire,
10] a bhuime mar an gcéadna,
11] guidh orainn-ne na peacaigh
12] 'n-ar mbeathaidh 's i n-am éaga.Amen.