Corpus of Electronic Texts Edition
Creidim mar chreideas an eaglais (Author: Unknown)

p.43

  1. 1] Creidim mar chreideas an eaglais;
    2] a fhir nach leanann lorg Dé,
    3] seol do mheanmain go múr nimhe,
    4] meabhraigh do rún cridhe an chré.
  2. 5] Do bhíodhbhaidh ó bheid 'gud leanmhain
    6] go lá an bháis ní beag an ruaig
    7] ar a roimhéad théid i dtarbha
    8] ná léig coimhéad th'anma uaid.
  3. 9] Cré na n-asbal an t-iúl fíre
    10] ar feadh do laoi ná léig thort;
    11] maith an leigheas í ar an ainbhios,
    12] is í cheileas t'aimhleas ort.
  4. 13] Gurab i n-aoinDia a-tá an Tríonóid
    14] tuig, a dhuine, a-deir an chré;
    15] creid uaim gurab í do riaghail,
    16] ná bí ag buain re diamhair nDé.

  5. p.44

  6. 17] I nDia Athar is eadh chreidim;
    18] is cóir adhradh don iúl ghlan
    19] más ál géarachadh an ghrádha
    20] grádh m'éanAthar dála dhamh.
  7. 21] 'N-a dhiaidh do chruthuigh an chruinne,
    22] do chum neamh gá neart as mhó?
    23] a ndubhart do dhearbh an leabhar,
    24] sealbh 'n-a chumhacht dleaghar dhó.
  8. 25] Creidim i n-éanmhac an Athar
    26] Íosa Críosd ór ghein gach maith
    27] go mbí re ngach duine dín-ne;
    28] don uile is rí fíre an flaith.
  9. 29] Gabhais toircheas ón treas phearsain;
    30] a pór na ngrás do ghein sé
    31] gan fhear do bhuain ris an mbanóigh;
    32] ní fuair bean anóir mar é.
  10. 33] Druim ar tosach tug re a chineadh
    34] ar cóir nDé go ndeachaidh brat;
    35] tug a aghaidh res an uile
    36] an adhaigh rug Muire mac.
  11. 37] Fuair fa Phons Pioláid páis croiche,
    38] cáin an chroinn do chúitigh sí;
    39] gur íoc a bhás coir a chloinne
    40] toil na ngrás do-roinne an Rí.
  12. 41] Do luigh san uaigh, do airg Ifreann,
    42] do éirigh aisde an treas tráth;
    43] dlighidh seadh do chur sa chreideamh,
    44] a dhul ar neamh creideadh cách.
  13. 45] A Athair na n-uile chumhacht
    46] ní ceannas nar chúitigh sé
    47] an fáidh ag a bhfuil ar dtreise
    48] do shuidh dod láimh dheis-se, a Dhé.
  14. 49] Béaraidh an lá bhias 'n-a bhreitheamh
    50] breath na marbh is breath na mbeo;
    51] gach neach le ngabhair a ghrása
    52] raghaidh breath an lá-sa leo.
  15. 53] Creidim sa Sbiorad naomh neamhdha
    54] do-ní inneall don iúl chlaon;
    55] a ionad gomadh hé an cridhe
    56] Sbiorad Dé nimhe na naomh.

  16. p.45

  17. 57] An eaglas Chatoilgeach chreidim
    58] cia agaibh nachar oil sí?
    59] olc bean fa dalta do dhamnadh;
    60] sreabh glanta na n-anman í.
  18. 61]
    [gap: extent: 3 syllables]
    ceangladh cumann
    62] a gcuing chrábhaidh ná cuir díot;
    63] do-bhéara an flaith duid, a dhuine,
    64] cuid dá maith uile 'n-a íoc.
  19. 65] Dá mbeath an aithrighe iomlán
    66] ar mh'anmain ní fúigfeadh sal;
    67] gabhar síodh ar son an pheacaidh
    68] a chor dhíom ní deacair dhamh.
  20. 69] I bParrthas nó i bpianaibh Ifrinn
    70] d'éis na breithe beid 'n-a ndís;
    71] rachaidh fan anmain uair eile
    72] truaill don talmhain reimhe a-rís.
  21. 73] Ní thuigid mar táid gá mealladh;
    74] mairg do thréigfeadh teach na ngrás
    75] ar sheal ngearr do ghlóir an bheatha;
    76] do b'fhearr dhóibh beatha gan bhás.
  22. 77] Ós éigean dúinn dul i n-umhla,
    78] d'éisteacht an cheoil a-tá thuas
    79] leag do sheol, a fhir an uabhair;
    80] ceol mar sin ní chualaidh cluas.
  23. 81] Do na lochtaibh nochar leigheas
    82] i ló meadhaighthe mhóir Dé
    83] ní céaltar an locht as lugha
    84] corp dá ndéantar crumha is cré.

    Cre.

  24. 85] Nír chreid riamh go raibhe an saoghal
    86] San Froinnséis ler fuilngeadh broid
    87] acht mar thuile ag teacht re fánaidh;
    88] tearc duine crábhaidh do chroid.

    Creidim.