Corpus of Electronic Texts Edition
Ceithearn coilleadh clann Ádhuimh (Author: Unknown)

p.30

  1. 1] Ceithearn coilleadh clann Ádhuimh,
    2] clann ler coilleadh a riaghail;
    3] buain re crann as a gcánaidh
    4] clann Ádhaimh uaidh ar iarraidh.
  2. 5] Cé tá Dia ag díon gach pheacthaigh
    6] dá shíol cia nachar chiontaigh?
    7] is truaigh an tráth fá dtuigthir:
    8] tuitfidh cách uaibh 'n-a gciontaibh.
  3. 9] Gan sheilbh an ubhaill d'Éabha
    10] níor fhulaing gér fheidhm dána;
    11] dá cloinn do bhean a mbuadha
    12] bean bhuana croinn na cána.
  4. 13] Crann na haithne tré iomadh
    14] a aithne is ann do cailleadh
    15] do chuir sé mnaoi dar milleadh
    16] do bhaoi i gcinneadh hé d'aingeal.
  5. 17] Seal péine ar chorp an Choimdheadh
    18] tre ar bpéin-ne i bport a bhíodhbhadh
    19] ar loit sinn más é a adhbhar
    20] damhnadh Dé inn ro b'iongnadh.

  6. p.31

  7. 21] Do fhulaing bheith fa a mbreathaibh
    22] do leith ubhaill a fhachain;
    23] sé i n-uaigh gan fhear 'n-a fhochair
    24] teagh othair fhuair ar n-athair.
  8. 25] Cuir, a dhuine, re a dhéanamh,
    26] guidh ar Muire red mhúnadh;
    27] doilghe dheit é ná a dhéanamh
    28] séaladh Meic Dé gan dúnadh.
  9. 29] Re feadh diomdha Dé, a dhuine,
    30] do bhiodhbha is é t'fhear faire;
    31] biaidh sé ort 'n-a dá eire
    32] an t-olc reimhe is é ar th'aire.
  10. 33] Nocha bí acht ar bhrú baoghail
    34] san ní nach dú do dhéanaimh
    35] biodhbha Dé ar th'olc 'n-a fhiadhain
    36] gidh diamhair é ort ar fhéaghain.
  11. 37] Saor na cruinne ó nar charais
    38] ní thuille an t-aobh ór ailis;
    39] fuath do reacht Dé níor dhlighis,
    40] milis é re dteacht dthairis.
  12. 41] Foghnamh go bás dó dhlighe;
    42] mó sa mhó an grás do-gheibhe;
    43] má tá ar-aon re Mac Muire
    44] cuire lat gach aon eile.
  13. 45] Céim deacair dul ó a fhalaidh
    46] gan chur peacaigh i bpudhair;
    47] gidh suairc bhím fa mbí im dheaghaidh
    48] dleaghair dhínn ní ó a-nuraidh.
  14. 49] Lámh linn níor fhéad an umhla,
    50] is lán inn do mhéad meanma;
    51] níor fhaomh mé díol a dhiomdha
    52] biodhbha Dé dhíom go ndearna.
  15. 53] Mé an gort nach tig a thoradh;
    54] tig gach gort mar a gheamhar;
    55] is mé an síol nar ghabh glanadh
    56] ní taradh glan díom dhleaghar.
  16. 57] Saor sinn ar fhalaidh t'othair,
    58] sinn it aghaidh re hathaidh;
    59] nír fhaomh mé an corp do chaithimh,
    60] braithidh sé ar mh'olc, a athair.

  17. p.32

  18. 61] Síol Ádhaimh is síol sligheadh
    62] síol dá nach tárair toradh;
    63] dá chloinn do thuit a dtaradh
    64] coill fhalamh dhuit an domhan.
  19. 65] Tre ar fhás gach laoi d'fheirg t'othair,
    66] a leinb do bhaoi sa Bheithil,
    67] breith ar chách uaibh, a Athair,
    68] rachaidh uair nach tráth teithidh.
  20. 69] Fa-ríor is olc dot iarraidh
    70] gach olc do shíor im shúilibh;
    71] múin do réir dhúinn do dhéinimh
    72] réidhigh féin dúinn, a Dhúilimh.
  21. 73] Níor lór deit gach dál eile
    74] gan an ngrádh, a Mheic Muire,
    75] mo chradh tar cheann a ndlighe;
    76] fagh cridhe i ngeall do ghuidhe.
  22. 77] Maith mo dhíon ann ar aoibhneas
    78] fad dhíon an dann do-chuadhas;
    79] car red réir má do-ríneas
    80] díleas damh féin a bhfuaras.
  23. 81] A bhfuil reamhuin-ne id ríthigh
    82] dar bhfearainn-ne a bhfuil fúthaibh;
    83] bráthair dhuid mé ód mháthair
    84] druid bráthair Dé red dúthaigh.
  24. 85] T'fhearg, a rí, um cheann do chloinne
    86] re searg dí bu fhearr inn-ne;
    87] do shíodh, a chinn na cruinne,
    88] buime an Ríogh rinn do-rinne.
  25. 89] Do bhí raon dod ráth roimhe
    90] do bu caol re cách uile;
    91] súgh a cígh is a cridhe
    92] slighe sídh go múr Muire.
  26. 93] Do shíoth re cách do ceangladh
    94] bhar bhfíoch an tráth do toirneadh;
    95] breith t'fhine dhuit ó an damnadh
    96] adhbhar luit cridhe an Choimdheadh.
  27. 97] Tú it aonar fhuair a n-eire
    98] do saoradh uaibh an uile;
    99] dul sa leath chlé dod chridhe
    100] slighe i dteach nDé 'gun duine.

  28. p.33

  29. 101] Do theachta ón chóir 'n-ar gcoinne
    102] is eachtra do fhóir inn-ne;
    103] ón lán do bhíodh 'n-a bruinne
    104] 's ó bhuime an ríogh is slán sinn- ne.
  30. 105] Tréan tú ar gach éinní eile
    106] is tú éinrí na n-uile;
    107] ort, a rí, go ria ar n-aire
    108] caidhe an ní as Dia don duine.
  31. 109] Diomdha ag uan Dé 'n-a dheaghaidh
    110] is truagh don té nach airigh
    111] grádh do Dhia an tann nach tabhair;
    112] cia as cabhair ann 'n-a aighidh?
  32. 113] An crann do-chóidh 'n-a chroidhe
    114] is ann do fhóir ar n-eire;
    115] gidh feidhm dhó deilbh na n-uile
    116] mó ná an duine a fheidhm eile.
  33. 117] Rí an Luain ag breith an bháire
    118] do-chuaidh ar gcreich na cróine;
    119] iomdha a bhfuar d'ulc san Aoine
    120] aoighe i bpurt fhuar na hóighe.
  34. 121] Aighneas ag maor na meidhe
    122] fa thaom thaidhleas ar gcridhe
    123] seal dí dá gach dhuine
    124] meadh na n-uile is sí ar slighe.
  35. 125] A shíodh ní headh do oileas
    126] neamh do shíor gé do shireas;
    127] is tearc acht an té thaghas
    128] ghabhas reacht Dé mar dhligheas.
  36. 129] Cur re teachta i dteagh nimhe
    130] ná lean ar eachtra eile;
    131] foghnaidh sí dheit, a dhuine
    132] guidhe is í ar n-a reic reimhe.
  37. 133] Dom dheaghail re dáil cheana
    134] 'n-a dheaghaidh níor cháir cumha;
    135] críoch ar do ré ní ragha
    136] dá bhfagha shíoth Dé ar ndula.
  38. 137] An fear len mian mo mhúnadh
    138] triall i n-a theagh go dtúirear;
    139] gidh mór n-almsa dhó do dáileadh
    140] mó as dáileamh damh-sa an Dúileamh.

  39. p.34

  40. 141] Éiric áladh Dé im dheaghaidh
    142] mé i ngábhadh ó na gonaibh;
    143] gaol na craoibhe dar gcabhair,
    144] craobh tharaidh daoine an domhain.
  41. 145] Ní ghlac sé maith nach millfe
    146] gidh bé do chaith re caibhthe;
    147] gidh bé ag a mbí bean choibhche
    148] an teagh doirche is í a fháirche.
  42. 149] Gaol Muire maith an choimhdhe
    150] do chách ar chréachd na sleighe;
    151] mór gcás far chóir na huile
    152] gan ghrás Muire ar óidh eile.
  43. 153] Míorbhuile máthar Íosa
    154] iomdha fear fhuair a n-aithne;
    155] fios a sgéal cia nach cluinfe?
    156] lia uirthe ná féar faithche.
  44. 157] Mór dtáin ar tí ar mbáidhte,
    158] bás m'anma eagail linne;
    159] ó bhaoghal beoil na tuinne
    160] Eoin Bruinne saoradh sinne.
  45. 161] Rinn lasrach leice Ifrinn
    162] iomdhadh uaighe i n-am loite
    163] cás truagh téaghadh na leice
    164] déanamh seice as tuar toice.