Corpus of Electronic Texts Edition
Bláth an mhachuire Muire (Author: Unknown)
p.23
- 1] Bláth an mhachuire Muire,
2] a dhaoine, nach diultfuidhe;
3] ní fhuil agaibh fáth fuirigh;
4] an bláth abaidh ionnsuighidh.
- 5] Ón lá tháinig i dtalamh
6] rí an domhain fa dheaghbhaladh
7] a-tá a luibh chabhra ag
cách
8] garrdha 'n-ar chuir fa chonách.
- 9] Córaide a mheas re Muire
10] is béas don bhláth machuire
11] ar nach bí gabháil 'n-a glas
12] acht a fhagháil don tí thoghfas.
p.24
- 13] A duasa móra mince
14] gé a-táid oruibh innillte
15] rachaidh thoruibh tráth oile
16] bláth toruidh na trócoire.
- 17] Mór n-adhbhar arab eagail
18] go mbia i n-uair an airteagail
19] gidh lán do thoradh an tráigh
20] mo lámh fholamh dá hagháil.
- 21] Cead a bhuana ó bhás a-mach
22] ní thiobhra Críosd ar cheannach;
23] saor a-bhos bláth na faithghe,
24] a-nos tráth a thiomsaighthe.
- 25] Gidh iomdha dá haos ghrádha
26] dóibh ag deilbh na síothchána,
27] is lór don uile a heineach
28] ar Muire ógh d'impidheach.
- 29] Do bhiadh aige ar bláth na
mban
30] 's a chúl do chur re peacadh
31] annsacht na mbeach ar an mbláth
32] gach neach dá annsacht d'óglách.
- 33] Go gcoisgeann diomdha a dalta
34] nochtar do dhruim dúthrachta
35] cíche ar mná gaoil gá ghuidhe;
36] fa sgaoil a-tá an trócuire.
- 37] A grásaibh Muire móire
38] dúinn ní damhna míodhóighe
39] an bhrágha dar bhean a glas
40] bean do bu dána dóchas.
- 41] Do dáileadh a-nuas do nimh
42] don mhnaoi le méad a creidimh
43] dóigh na mná-sa nír meathadh
44] grása as cóir do chuimhneachadh.
- 45] Resin mbrághaid do bhí i láimh
46] do thogair geall do ghabháil;
47] maith séan an ghill do gabhadh
48] sgéal budh linn do leasaghadh.
- 49] Do-chuaidh dá fhaicsin 'n-a hucht
50] dealbh Muire gár mhó guasocht
51] gur bhuing don deilbh a dalta
52] 'n-a seilbh do dhruim dánachta.
p.25
- 53] "Do mhíriar gidh deacair damh"
54] do rádh re Muire máthar:
55] "beith dod réir ní dóigh dhamh-sa
56] mo chóir féin go bhfaghar-sa.
- 57] "Má tharla aindlighe ann
58] gabhar sgáth mh'ainbhis agam
59] breith na deilbhe leam i láimh
60] mar gheall rem eidhre d'fhagháil.
- 61] "Mo mhac ní dó a-bháin do bheinn
62] go lá m'éaga is eadh thuigim
63] achd muna sgaoile Dia dhé
64] nach bia ar gcaoin-ne re a chéile."
- 65] Tug Muire gur mhaol a goimh
66] aiseag a mic don mháthair;
67] fuair síoth an té dá dtugadh
68] is fríoth é gan fhuaslugadh.
- 69] Le a luatha thug a thoradh
70] do bíthí dá bhreathnoghadh
71] a haithle an ghill do ghabháil
72] nar mhill aithne an uachdaráin.
- 73] Ní meabhraighthear ar Mhuire,
74] gidh minic a míorbhuile
75] bráighe do bhuain a geimhil
76] as áille fhuair fhóireidhin.
- 77] Do bhí ar an mnaoi gá dám dí
78] díom féin do beanadh bráighe,
79] ní lugha mh'éigin dá héis
80] cumha nach éidir d'fhaisnéis.
- 81] Dom anmain is eadh bheanas
82] an mac do bhí i mbraighdeanas;
83] fan sgéal do chrádh a cridhe
84] dál mo dhéar do dlighfidhe.
- 85] A-tá rem fhiachaibh uaim-se
86] fan mhac gér mhó a hanbhuain-se
87] go dtráighe mo thuile locht
88] bráighe nach fuighe furtocht.
- 89] Nach ionann an t-adhbhar déar
90] críoch fhágbhuim ar an uirsgéal
91] an cás dar ghabhomar greim
92] is cás anollamh Ifrinn.
p.26
- 93] Sul dheach meas ar méad mo chean
94] ní fhóghnann damh dom dhídean
95] a gheall dá ngabha mi-se
96] achd cara teann tairise.
- 97] Ní hiongnadh d'fhior mo dhoibheart
98] bídh guasacht san ghealltoidheacht
99] a chaomhna ar gheall do ghlacadh;
100] fearr go haobhdha mh'anacal.
- 101] Ní bláth garrdha as ghoirthe dhí,
102] luibh an mhachaire Muire;
103] lán don bhláth tarla an talamh;
104] is tráth m'anma d'fhuasgaladh.
- 105] Gér áibhseach maitheas Muire
106] i súilibh na sochuidhe
107] beith do réir an Dúilimh dhí
108] 'n-a súilibh féin ní faicthe.
- 109] Éadáil do-gheibhthear 'n-
a gar
110] bean toighe na dtrí bpearsan;
111] gearr ó gach dhuine a deightheach
112] ceann guidhe na n-oileithreach.
- 113] Go ndearna ar siur éigean air;
114] grádh don chóir thug ar dtosaigh;
115] do thréig a mhian do Mhuire
116] srian nach téid re a thrócuire.
- 117] Bean déanta na ndaoine dhí,
118] bean dar bhuidheach Dia is duine,
119] bean nar threabh le tuinn meanma,
120] cuing ler threabh a tighearna.
- 121] Íocshláinte fhóireas gach nimh,
122] béal do b'fhoirbhthe i n-aois leinibh,
123] cridhe nach gabhann fa ghrádh,
124] nighe na n-anam n-easlán.
- 125] Bean chúitigheas ar gceana,
126] ríoghan as mhó muinteara,
127] bean thoibhgheas toil na gcroidheadh,
128] 's ga bhfuil saidhbhreas sochuidheadh.
- 129] Leag lóghmhar as lia buadha,
130] cruithneacht abaidh ionbhuana,
131] comhurtha an tunna nach tráigh,
132] urra cobhurtha a compáin.
p.27
- 133] Bean do chuir na folta i bhfad,
134] bean do thraoth neart a námhad,
135] sódh feithmhe na bhfear ngrádha,
136] bean teichmhe na teagmhála.
- 137] Bean fholaigh an athar mhóir,
138] bean do snadhmadh re seanóir,
139] bean nach admhadh a fear féin,
140] bean nar hagradh i n-éinchéim.
- 141] Ní hiongnadh grádh d'fhagháil as;
142] "fasaidh daonnacht tre dhúthchas."
143] móide an t-álgas fhuair an bhean
144] uaim mar thángas 'n-a timcheal.
- 145] Do b'airrdheana dísle dhí
146] ón dá thaobh táinig uimpe,
147] a haobhdhacht is a humhlacht
148] a maordhacht 's a measardhacht.
- 149] Toil a mheanman dá mhoghaibh
150] tug Críost mar do-chualobhair
151] gur fhuluing a ghoin don gha
152] ó choir ubhaill na habhla.Bláth.