Corpus of Electronic Texts Edition
A-tám i n-easbhaidh amhoirc (Author: Unknown)

p.19

  1. 1] A-tám i n-easbhaidh amhoirc
    2] ar gcaitheamh mo chéadradhoirc;
    3] srian do chaithfinn ris an gcorp
    4] ó mbiadh aithrinn ar m'amhorc.
  2. 5] Tuigim mo dhíoth amhoirc as
    6] nach móide iarraim eolas
    7] gan éantroigh ar a haghaidh
    8] ag céadfaidh dom chéadfadhaibh.
  3. 9] Go n-aithnighim orum féin
    10] móide as oirchios a haimhréir
    11] nach foil roirinn ar mo rosg;
    12] doibhinn lem thoil a teagosg.
  4. 13] Dá mbeinn i gcogadh rem chorp
    14] ní bhiadh easbhaidh ar m'amhorc;
    15] tug síoth do thabhairt dom thoil
    16] díoth amhairc ar an anmoin.
  5. 17] Ní cosmhail nach meallfadh mé
    18] mo námha i n-aimsir m'óige
    19] 's go saoilim go bhfoighbhe faill
    20] oirn-ne i gcaoileirr an chochaill.
  6. 21] Nach faicfe sinn ó so a-mach
    22] aithnim ar m'aigneadh ndíomsach,
    23] gé theasda ón radhorc a rinn,
    24] d'amhorc feasda achd a bhfaicim.

  7. p.20

  8. 25] Ar ndul ó ar dtír féin i bhfad
    26] tugadh linn lór do dhearmad
    27] do bhrígh ar ndearc do dhalladh
    28] searc don tír i dtángamar.
  9. 29] Do bharr ar bhuain na habhla
    30] do chuir d'éis a hagallmha
    31] mar do choill Éabha an aithne
    32] séana croinn na comairche.
  10. 33] Oidhre Dé ler dúineadh neamh
    34] do bhaoi go ceann cóig n-aimsear
    35] nar roinn sé a ghlóir re a ghaoltaibh,
    36] an chóir is é d'éanaontaidh.
  11. 37] Fuair aonta an athar neamhdha
    38] gur bh'í toil an tighearna
    39] teacht i dtruaill chumhaing an chuirp
    40] tre bhuain an ubhaill orrdhuirc.
  12. 41] Do chead na cúirte móire
    42] táinig i mbroinn banóighe;
    43] an chomhairle as ar luigh leis
    44] dár ngonaibh-ne is luibh leighis.
  13. 45] Acht éad ar an seanóir saoir
    46] fan mac nar thuill a thathaoir,
    47] d'fhoiléim mar do-chuaidh 'n-a corp
    48] toibhéim ní fhuair a hóghacht.
  14. 49] Do b'ionann agus a éag
    50] a theacht i gcorp dár gcoimhéad;
    51] dá bhás do bhí 'n-a fhioghair
    52] rí na ngrás do ghiniomhain.
  15. 53] Beatha Críost gur caitheadh ribh
    54] feadh éanuaire dá aimsir
    55] go lá a bháis ní bhíoth gan phéin;
    56] páis do budh chrioch dá chaithréim.
  16. 57] Mé dámadh mac díleas dó
    58] an chroch far cuireadh Íoso
    59] do rachadh ar dhéaraibh dhamh
    60] féaghain mh'athar gá hiomchar.
  17. 61] Ní beag an dearbhadh doille
    62] mar fholaighthear orainn-ne
    63] na róid do nochtadh go neamh
    64] le sgoltadh a chóig gcroidheadh.

  18. p.21

  19. 65] Do dúnadh ar an teach thall,
    66] ní raibhe iadhta ar Iofrann;
    67] an bhas do chosgair an cló
    68] glas nír osgail i n-éanló.
  20. 69] Do ling an t-anam gan fhios
    70] a corp Dé díochra an cairdeas;
    71] do bhí a chaithréim ós aird ann,
    72] do airg don aithléim Iofrann.
  21. 73] Dá fhichid lá isteach go dtug
    74] do fhuirigh fa cuaird charud
    75] ar dtocht a chinidh re a chois
    76] ar slighidh go port Parthois.
  22. 77] Nach deachaidh ar a dheis féin
    78] go bhfuair aontaidh gach fhíréin
    79] do an-san níor bheag an bháidh
    80] re cead na n-aspal d'fhagháil.
  23. 81] Na grása ler imthigh uainn
    82] ní thiobhra Íosa an athuair
    83] cunnradh saor díobh don duine;
    84] ná bíom taobh re a thrócuire.
  24. 85] An bhratach le mbrisfe cath
    86] do-ghéana achd go dtí an tobhach
    87] ga seoladh le sluagh nimhe
    88] leoghan don uan ainglidhe.
  25. 89] Do thabhairt impidhe air
    90] ní racha naomh dá naomhaibh;
    91] ar Dhia nach tráth dá tabhairt
    92] ní bhia cách 'n-a chontabhairt.
  26. 93] A osgladh ar a aghaidh
    94] pian don duine diúltfadhair;
    95] is cneadh ghlúin nó cneadh chroidhe
    96] súil ar teagh na trócaire.
  27. 97] Gan a fhuathachadh air féin
    98] dar lat is lór do mhíchéill,
    99] gin go mbeath m'easgcara ann,
    100] teach na heasbhadha Iofrann.
  28. 101] Don chur-sa cloinne hEabha
    102] cúis eagla na hairrdheana,
    103] na piana 'n-a dtuile ag teacht
    104] 's na miana uile ag imtheacht.

  29. p.22

  30. 105] Go lá an bhráith nach bia san chorp
    106] a-tá fós aige d'fhurtocht;
    107] fuigheall buille an anaim ann
    108] gan chalainn uime i nIofrann.
  31. 109] Ní budh móide mo mheanma
    110] mo thionnluicthe óm thighearna
    111] a gcar go léir ar mo láimh
    112] dámadh léir damh a ndíoghbháil.
  32. 113] An corp thig do nimh a-nall
    114] diadhacht Íosa 's a anam
    115] ranáir don tí nach tuigfeadh
    116] fagháil na dtrí dtionnluiceadh.
  33. 117] Do gealladh glóir Dé dhamh-sa
    118] an chuing do-chóidh oram-sa
    119] dá bhfuilngeam go buan 'n-a bun;
    120] is dual cuingheall i gcunnradh.
  34. 121] Ní fhuil easbhaidh ar m'ithir
    122] nach féadfaidhe d'fhóirithin;
    123] mór gcré nach tabhair toradh
    124] go bhfaghair lé leasoghadh.
  35. 125] A-tá 'n-a chnoc ard rem ucht
    126] an díomas do dhall m'amhurc;
    127] tairgsin mo lot do leigheas
    128] an cnoc aird-sin ísligheas.
  36. 129] Ní bhí dá thaisgidh im thoil
    130] rún as aimhleas don anmoin
    131] i n-uair chaointe mo cheana
    132] nach faoicfe a thruaill thaisgeadha.
  37. 133] Ó nar chaitheas rinn mo rosg
    134] san aimsir thall re theagasg
    135] do riaghladh céadfadh an chuirp
    136] déantar le hiarmhar m'amhuirc.
  38. 137] Im laithibh do-chuaidh caithimh;
    138] biaidh m'aimsear 'n-a héanlaithibh
    139] ag dul thoram go dtí an t-éag;
    140] bí, a cholann, ar do choimhéad.
  39. 141] Fa dheireadh don domhan mhór
    142] lá an bháis ní beag an claochlódh
    143] do-ní, a dhuine, domhan beag
    144] a thoradh uile d'aiseag.

  40. p.23

  41. 145] Is cúiteachadh 'n-a chneadhaibh
    146] cuimhne ar mo chrích ndéidheanaigh;
    147] lá an bháis acht nach bí ar m'aire
    148] a pháis ní hí as eaglaighe.
  42. 149] Nach léir damh gurab tríom tug
    150] uan Muire i measg a námhad
    151] a slán fa chneasghuin a chuirp
    152] a-tám i n-easbhaidh amhuirc.

    Atám.

  43. 153] A n-éisteacht tar cheann mo chean
    154] dá ndiulta an mac, a mhaighdean,
    155] a Mhuire, ná failligh féin
    156] guidhe an aingil 's an fhíréin.
  44. 157] Ní fríoth ar feadh an domhain
    158] id chorp ionnraic óghamhail
    159] nó gur hinnleadh a líon lais
    160] a dhíol d'innbhear it éagmhais.
  45. 161] Go ndeachaidh síos ar a son
    162] do bhréag th'umhla 'n-a héanar;
    163] rí na n-uile i gcéin chuca
    164] fa réim duine dheorata.

    Atám.