Corpus of Electronic Texts Edition
A-táid trí comhruig im chionn (Author: Tadhg Óg Ó hUiginn)
p.16
TADHG ÓG Ó hUIGINN cct.
- 1] A-táid trí comhruig im chionn
2] fá ndligh mé meanma ísioll;
3] dúinne budh tráth dhá dtuigsin
4] núidhe a-chách na comhruig-sin.
- 5] Ní damh nach doirbh an obair
6] teacht ó na trí comhrogaibh;
7] ní sia ar réi-ne ná a ré sin
8] ar ré le chéile chaithir.
- 9] Gidh bé do bheith ar a dtí
10] an lucht comhruic-se ad-chluintí
11] ó ghleó an trír-se ní
thiocfa
12] beo acht le hísle aigionta.
- 13] Cosg éanlá ní headh budh lat
14] is a n-arm aca ar iomlat;
15] lá dot aimsir ghirr ná gad
16] is rinn na n-airm-sin ionnad.
- 17] Gan mo liaigh do léigin uaim
18] re headh laoi d'uain nó d'anuain
19] cóir damh go bhfionnam an bhfuil
20] blagh ionnam do na harmuibh.
- 21] An chalann ag comhrag riom
22] 's an tighearna tá i n-Ifrionn
23] 's an saoghal seise ar gcolla
24] mhei-se im aonar eatorra.
- 25] Docair don anam iodhan
26] dul uatha gan aimsioghadh;
27] a-táid trí biodhbhaidh 'n-a bun
28] ar tí ionnlaigh an anman.
- 29] An t-anam is uaigneach dhi
30] 'n-a haonar gan fhior páirte;
31] ar gclí-ne 's a cáraid gaoil
32] a námhuid fhíre d'éantaoibh.
- 33] A-táid triúr nach tualaing mé
34] do chosg dhíomdia do thoirrse
35] an cholann-sa bhias dom brath
36] 's a dias chomhfhallsa chumthach.
p.17
- 37] A-tá romham bearn bhaoghail
38] bréag dhiombuan an drochshaoghail;
39] is gearr má dheach don domhan
40] go ndeach ceann na gcathoghadh.
- 41] Sirid mh'aonta ó aois leinibh
42] teaghlach tighe Lúisifir;
43] ar gcoimhéid-ne is beag a bhroid
44] cead foiréigne ó nach faghoid.
- 45] Gidh lá do bheith cead an chuirp
46] agam fa fhéagain d'iarmuirt
47] caithfidh mé aithchead d'fhagháil
48] nó caithfead hé d'iongabháil.
- 49] An bonn do bhí fan othar
50] dom chaomhna ar an gcathochadh
51] 's an dearna do bhí fan mbior
52] na trí feadhma go bhfuilngior.
- 53] Dia Athar níor fholáir dhamh
54] do theacht chugam dom chosnamh;
55] muna thí a dtámuid i ngioll
56] dá námhuid nó a trí im
thimchioll.
- 57] Do b'áil liomleathtrom an cor
58] go deacham ó Dhia Athor;
59] do b'áil leam dhon leith oile
60] beith teann as a thrócoire.
- 61] Ní dhlighim gé a-deirim so
62] gan dóigh agam a hÍoso
63] gé bheith lá gan réidhe riom,
64] ar gcréi-ne a-tá 'n-a thimchioll.
- 65] Go mbia liom lá na breithe
66] Mac na hÓighe d'áirithe
67] gion go ndeachadh saor acht sinn
68] ó ghaol mo sheathar shaoilim.
- 69] Bean Ádhaimh an uair do thuill
70] fearg Dhé fan deachmhadh abhuill
71] a ghaol rinn-ne ní roibhe
72] 's do-rinne taom trócoire.
- 73] Bean Ádhaimh nochar áil di
74] coimhéad abhla na haithne;
75] fa-ríor níor bh'áil le
hÁdhamh
76] cáin an Ríogh do fhriothálamh.
p.18
- 77] Ní shirfeadh éaraic eile
78] orra ar-aon acht aithrighe;
79] briseadh aithneadh Dé don dís
80] do mhaithfeadh sé acht go sirdís.
- 81] A intinn gion gur aithrigh
82] móide a aithbhir iomaithbhir
83] re freagra d'fhagháil do an
84] do ghabháil eagla d'Ádhamh.
- 85] Táinig cridhe cinn na ndúl
86] air acht go n-aomhadh iompúdh;
87] do rádh Dia: "i ndóigh a mhaithmhe
88] cia do-chóidh fam chomairche?"
- 89] "An t-ubhall far fhás rinn-ne
90] lasair fheirge th'inntinne
91] ní mé do bhean, gá daoi dhamh;
92] lean ar an mnaoi é" ar Ádhamh.
- 93] Do-chuaidh d'agallaimh Éabha
94] Mac Dé i ndóigh na haithmhéala;
95] do bhí Éabha as a haithle
96] ar tí shéana a sháraichthe.
- 97] Do b'é rún Ríogh na n-uile
98] mar tháinig a thrócuire
99] beith léi-se ar lot na habhla
100] 's do loc dh'éise a hagallmha.
- 101] Do cheileadar a gcionta;
102] do thuig Íosa a n-aigionta;
103] dul saor nochar dheachair dháibh
104] 's a bpeacaidh ar-aon d'admháil.
- 105] Do ordaigh dhóibh gér dhoirbh lais
106] a gcur ó chrannaibh Parrthais
107] dul ar eachtra leath ar leath
108] ar son gan teachta ar taithleach.
- 109] Do chaithfinn cridhe toirrseach
110] i-né ar mh'intinn
amhoirseach;
111] narab ionann é is Éabha
112] mé i n-ionam na haithmhéala.
- 113] Iarrmuid síoth ar son ar locht;
114] ionmhuin le hÍosa an umhlocht;
115] a-tá ar tí riaraighthe ribh
116] dar mianaich-ne Rí an ríchidh.
p.19
- 117] As so suas dá seachnadh mé
118] na neithe do-nínn roimhe
119] a n-aithfior an uighbhe sinn;
120] duilghe an t-aithchion im intinn.
- 121] Is é ceard na gceathra ndúl
122] córaide ar n-aigneadh
d'iompúdh
123] an té do bhí 's an té tá
124] agus is é an tí theastá.Atáid.