Corpus of Electronic Texts Edition
A shaoghail ón a shaoghail (Author: Fear Feasa Ó'n Cháinte)

p.14

FEAR FEASA Ó'N CHÁINTE cct.
  1. 1] A shaoghail ón a shaoghail,
    2] ó 'd-chím do dhoirse baoghail
    3] ar ndéanamh cruidh is ciste
    4] nár meallar mi-se a shaoghail.

  2. p.15

  3. 5] A bhréagaigh ón a bhréagaigh
    6] gidh sáimhe bheith dot fhéagain
    7] is tu-sa an mhéirdreach mheangach
    8] mairg do mealladh led bhréagaibh.
  4. 9] A mheangaigh ón a mheangaigh,
    10] gidh lór feabhas do gheallaidh
    11] ar Dhia nár dhearnar m'aimhleas
    12] ar shaidhbhreas óir ná eallaigh.
  5. 13] A chealgaigh ón a chealgaigh,
    14] gidh ait le cách do leanmhain
    15] is tu-sa an sgáthán bréige;
    16] do thréidhe is mairg do mheabhruigh.
  6. 17] A chleasaigh ón a chleasaigh,
    18] gion go bhfuilingim t'easbhaidh
    19] is lámh fa chraoibh nach cromann
    20] bheith red chumann, a chleasaigh.
  7. 21] A bhrionnaigh ón a bhrionnaigh
    22] do-ní cumann an tsionnaigh
    23] uait-se gach olc do mhéaduigh,
    24] a shaoghail bhréagaigh bhrionnaigh.
  8. 25] A mheabhlaigh ón a mheabhlaigh,
    26] do thréidhe is mairg do mheabhruigh
    27] go bráth mi-se nár meallair,
    28] a shaoghail mheangaigh mheabhlaigh.
  9. 29] A lúbaigh ón a lúbaigh,
    30] gidh tearc duit-se nar umhluigh
    31] ó Dhia ghlórmhar níor gealladh
    32] nach meallfar fear do chumhdhaigh.
  10. 33] A bhaoghlaigh ón a bhaoghlaigh,
    34] do chor-sa is adhbhar aonaigh
    35] ó taoi go cealgach umam
    36] as do chumann, a shaoghail.

    A shaoghail.