Corpus of Electronic Texts Edition
Ar n-oide múinte mac Dé (Author: Unknown)
p.10
- 1] Ar n-oide múinte mac Dé
2] oide múinte as mhac don mhnaoi,
3] ar dtoil do tháth re toil nDé
4] ní hé soin re chácha
chaoi.
- 5] Dál an scrioptúir
ó Dhia dhún
6] cia nach iontnúidh res an eol
7] deocha millse as gá n-ól
8] deocha as mhillse blas i mbeol.
p.11
- 9] An ghlóir thall ní tuilltir leo
10] an rann dá mhuinntir as mhó
11] neach ó mhartra dhíobh
ag Dia
12] lia dá shíol nach dalta dhó.
- 13] Rothrom do-ghabhaid a ghrádh
14] a charaidní comhthrom síon;
15] a luagh oiliomhna hé uam
16] mé do thuar roidhiomdha an ríogh.
- 17] Ón ngábhadh do-chiam 'n-a chionn
18] ar an gcrábhadh do bhiadh
barr
19] a scríbheann dá sgagtha leam,
20] an ceann dalta as fhírfhearr ann.
- 21] Do ghabh sé romuibh an raon;
22] do sgoluibh Dé ní budh dual
23] neamhadhradh do reacht an ríogh;
24] tearc díobh nach deaghadhbhar duadh.
- 25] Ní dá thoil carthair an cion;
26] ní fhoil gan marthain 's ní mhar
27] neach nar hoileadh a crú a chneadh;
28] neamh an t-oirear as dú dhamh.
- 29] Olc an fulang naomh do-niad;
30] caol gin gur cumhang an ród
31] cuid ríogh na talmhan don tréad
32] re a méad díobh as adhbhar óg.
- 33] Cá beag daoibh re hucht a fhiach
34] an t-ucht do sgaoil ar bhar sgáth?
35] Do dhearmaid ar n-oide a fhíoch
36] nach síoth broide cheanglaid cách.
- 37] Do bhí siad i n-easbhaidh iuil
38] na heasbhail 's ní hiad a-mháin;
39] cóir a n-altrom d'eagla an tnúidh
40] do mhúin eagna daghclann dáibh.
- 41] Do-bheir an té do oil inn
42] ó sgoil Dé mar do-gheibh geall
43] dá dteagmhadh cás anman ann
44] barr grás don adhbhar as fhearr.
- 45] Dá measda an mhéad dlighthear díobh
46] do dhlighfeadh an tréad dá dtám
47] bheith sgagtha ó ghníomh is ó
ghlór;
48] is mór dalta ríogh re rádh.
p.12
- 49] Ní faide uann ainm a mhná,
50] gairm ar n-oide as dual do Dhia;
51] gidh lán an chruinne dá chlú
52] is dú ar mbuime do rádh ria.
- 53] Fionnar ó a chodladh 'n-a
curp
54] dá dtogradh d'iomadh ar n-olc
55] go ndiongna rí an chruinne ceart
56] ar eacht do bhí a bhuime
bocht.
- 57] Gidh iomdha cineadh do chlaoi
58] a bhiodhbha ná sireadh sé
59] ní budh dóigh antabhaigh
hí
60] cóir dá mbí ar daltadhaibh
Dé.
- 61] Crochadh m'oide tháinig tríom
62] 's a loige a-táimid dá thúr;
63] mo mhartra d'fhulang nach ál
64] cumhang an grádh dalta dún.
- 65] Ní bhiadh crábhadh
ós a chionn,
66] gidh cian do-chámar 'n-a cheann,
67] slighe Dé d'imtheacht 'n-a ham;
68] an t-indleacht mall is é as fhearr.
- 69] Mo bheith gan toirse dá
thúr
70] 's an toil-se do bhreith go buan
71] dom oide ní hanáir lán
72] grádh gan loige d'fhagháil uam.
- 73] Deacair cor i n-aghaidh Eoin;
74] taghaidh mar do thogh an fáidh,
75] éantogha ar ab anta dhaoibh,
76] dalta an tsaoir céadchara cháigh.
- 77] Tarla ar gach chineadh dá chloinn
78] go ndligheadh gan labhra linn
79] cairt aga bhás druim ar druim
80] a tuinn na ngrás gur fhailc inn.
- 81] Do reacadh an fhleadh ar luach
82] dar bpeacadh do bhean a bhláth;
83] deoch shearbh do b'fhoircheann dá fhíoch
84] do dhealbh síoth coitcheann re cách.
- 85] Mar fuair ar shíol Ádhaimh am
86] nochar shlánuigh dhíobh achd
dream
87] is uime do-chí sa chrann
88] 'n-ar chrom rí na cruinne a cheann.
p.13
- 89] Nír chás pian achd pian gan chúis,
90] ní 'n-a bhás do bhiadh a sbéis;
91] pian ar n-oide i n-uair an bháis
92] ní loige an pháis uainn dá
héis.
- 93] Fuair dímhiadh as m'óige uam;
94] a mhíriar is móide as nár
95] gan é 'n-a shochar dá shíol
96] crochadh an ríogh is sé slán.
- 97] Ní don anam ghlan a ghuth
98] an chalann do char a-mach
99] dá n-aomhadh Dia a theachta im theach;
100] cia an neach dá budh reactha a rath.
- 101] Gach ní do cheilis don chóir
102] bí, munar leighis do liaigh,
103] ar do chorp go gcuire phéin
104] ort féin, a dhuine, 'n-a dhiaidh.
- 105] Cóir ó theas gráidh a rádh
ria
106] an lámh dheas do dháil a crú:
107] "Treabh m'fhearann le céacht
an chló
108] créacht as mhó le dtreabham thú."
- 109] Is dulta dóibh uile ar t'iocht;
110] An Chóir gé chuire 'n-a tocht
111] is dual do bhreitheamh bheith ceart;
112] teacht fad bhreith budh fheiteamh ort.
- 113] Do phian, achd gin gur fheith iad,
114] do mhian ar mbeith mar nach bíod
115] do chuidigh ar gcor i méad
116] cuidigh don tréad ar ndol díod.
- 117] Docair gach cás don dá chéim,
118] do bhás dar lotuibh gidh liaigh,
119] cuisle dhonnfhola an deilg mhaoil
120] tromfhola an taoibh dheirg 'n-a dhiaidh.
- 121] Truagh iad ad chaomhthach ar chnoc,
122] a naomhchrach, is siad ar sioc;
123] míne agus gile a dá ghlac
124] nír bhac dínn-ne a righe riot.
- 125] Ag codal 'n-a dtoil gé a-tád,
126] ar gach bpobal dá bhfoil fúd
127] rachaidh gairm fhairsing ón éag;
128] bréag as ainm don aisling úd.
p.14
- 129]
[...]
Muire a deala dhaoibh
130] Eabha 's gach duine 'n-a deoigh;
131] ionann cré dhuid-se agus dáibh,
132] foigse ná cnáimh é don fheoil.
- 133] Uair fa mbia cách ar crioth
134] sa bhráth dia Luain 'n-a dhá leath
135] an tslat thall dá dtuga a-mach
136] uch! Ní hann as bhuga an bhreath.
- 137] Is creidthe 's a bhás rem béal
138] san chás gomadh beithte bríogh;
139] re breitheamh cheart gidh cóir taobh
140] gaol don chóir re reacht an ríogh.
- 141] Tréigeamfeasda ar bhfeirg 's ar bhfíoch
142] dá cheird do budh cneasda fuath
143] an lorg do ghabhas do ghnáth;
144] borb gach áth bhlaghas a bhruach.
- 145] Is é as reacht don uile fhior
146] duine ag teacht is duine ag dul;
147] gé a-tá an gnás i gcéill
dá char
148] ní léir damh an bás im bun.
- 149]
[...]
a fala 's a loinn
150] an bior ar nach rabha rinn
151] is baoghal dún ar ar ndruim
152] súgh an bhuinn ler saoradh sinn.
- 153] An díle ar n-a dortadh dhún
154] díne achd ochtar nachar bh'ál
155] do bháidh muir gach duine dhíobh
156] a shíol gur chuir uile i n-ár.Ar