Corpus of Electronic Texts Edition
A chroch Dé déana mo leigheas (Author: Tadhg Mac Dáire Mac Bruaideadha)
p.9
TADHG MAC DÁIRE MAC BRUAIDEADHA cct.
- 1] A chroch Dé déana mo leigheas,
2] lus na sláinte siridh dhamh;
3] do mhaothbharr fa caomh a chéaddath,
4] a naomhchrann saor géagach glan.
- 5] Congain liom ag leigheas m'anma;
6] madh áil leat fóir mo chorp;
7] ar ndul i gclí san teagh triallaim;
8] neamh re ngach ní iarraim ort.
- 9] Dom throsgadh thánag-sa chugad,
10] a chroch Íosa fhóireas mé;
11] dod rodhalta ní dú a dhímheas,
12] tú banaltra dhíleas Dé.
- 13] Tú d'altrom éinmhic ar seathar
14] sluagh an bheatha bheanfas locht;
15] fir 's mná na cruinne fad chíos-sa
16] a-tá bruinne Íosa it ucht.
- 17] Duit as mharcach mac na hóighe,
18] a eo corcrach na gcaor ndearg,
19] bhias san bhráth ar mhuin do mharcaigh;
20] tráth sguir ba fortail bhar bhfearg.
- 21] A abhall na n-ubhall gcumhra,
22] a chrann tortaidh na dtrí mbláth,
23] do fóireadh leat lán na talmhan,
24] a chlár breac ler cabhradh cách.
- 25] Créad an chúis fa gcantar abhall
26] ret fhiodhbhaidh chorcra, a chroch naomh?
27] congain liom go leanar th'fhoras,
28] a mhionn leabhar solas saor.
- 29] A ghráinne áluinn d'fhiodh Parrthais,
30] peacadh talmhan tú do
shás;
31] ba geall a chlann ris an gcánaidh
32] crann tar ceann n-Ádhaimh do fhás.
- 33] Is é an crann-soin, a chroch Íosa,
34] t'adhbhar-samás fhíor don sdair;
35] fa dearg an crann do chrú a ochta,
36] is tú an call corcra fa chnaibh.
p.10
- 37] Abhall oile ón ubhall Éabha
38] do orduigh Críosd, a chroch naomh;
39] anmanna cáich uile th'ubhla,
40] a mhuine bhláith chumhra chaomh.
- 41] Is ionnat do dhoirt an Dúileamh
42] deireadh Carghaiscródha an
mhúith
43] fuil a chridhe ar cuaird dar gcosnamh,
44] a bhile suairc dosghlan dlúith.
- 45] Muir ghorm do-ghéanta don talamh,
46] talamh don mhuir magh don tráigh,
47] 's do-ghéanta féine, a chroch
chéasda,
48] roth gréine is éasga madh áil.
- 49] Lá áluinn don oidhche gheimhridh
50] do-ghéanta cheana, a chroch Dé;
51] do-ghéanta trá eadh dot
aghaidh
52] lá geal gémadh adhaigh é.
- 53] Ó chéadlá chruithighthe an bheatha
54] dá mbeinn dod luadh go ló an
bhráith
55] gémadh mír do ghníomh ní gheallfam
56] do ríomh, a mhín bheannchrann bhláith.
- 57] A chroch dhearg i ndeachaidh Íosa
58] d'fhagháil báis nachar bhás
dó
59] don mhac shaor do bhí ar do bhruinne
60] do fhaomh rí na cruinne a chró.A chroch.