A-dubairt Cathal cuanach:
Cia thusa, a ingen uallach,
crét rot-chuir mar nach coimse
fó maíth is fó mórthuirse?
Lennán duit-se, a Chathail chaím,
mise ó méit cach macaím;
is ret leith a-atá mo theg,
is é m' ainm Aíbenn Uchtgel.
'Tusa marbthar a-márach
le sluag Muman mórdálach;
is tú chaínim tar conair
a Chathail meic Conchobair.
Cia lé maiter in gním garb
do chath Luimnig na laecharm,
caide anmann fós na fer
beires orainn, a ingen?
Berid Longargán, dar lim,
ort ocus Coscrach cúilfhinn;
beirid Ceinnéitig na cath
ort is Congalach cétach'.
Beirid ort Mathgamain mer
mac Ceinnéitig na caíned;
berait trí chét fer fuirmech
ort do maithib mór Muimnech.
Crét im scar na ríg rim-sa,
innis, a ingen fhinn-sa,
cá lín ternós as in ág
do maicne lonngairg Lorcán?
Ní tusa nach digned maith,
a ua Echach, a ardfhlaith;
loiscfid ort, a ua na Tadg,
imarcraid na ríg ro-garg.
Táncatar tar Echtge fuair
triar ar cét
Connachtach cruaid;
terc ar doman a-dertais
trí chét fer nach foirrechtais.
Ráidim-se rit, is fír so,
na cúic ríg ráide rompa
nach nesa olc dam ná dáib,
a Aíbenn gruaidderg gnúsnáir.
Déchais, dar leis, dá leith chlí
Cathal mór a moig Da Thí
co faca in tur a Temraig
in n-ingin maill móirmenmnaig.
Brat corcra co corthair chaím
im in n-ingin slisgil saír,
inar sróill taebamlaid tláith,
léine arshnáithech órshnáith.
Dá assa co n-ublaib óir
'm in fleisc ro-gasta ro-móir
etir a troigthib tana
is na fóitib fonnglana.
Do-riacht 's in n-duma n-glas
in ingen chaem co Cathal
cor iarfaig in taebgel sheng
crét siút inniseas Aíbenn?'
Do iarfaig Cathal coscrach:
Cia thusa, a mín mallrosach?
Innis uait dúinn-ne can doilb
do chomshloinned, do chomainm.
Eóchaill a Síd Chruachna chuirr
m'athair, a rí cinid Chuinn,
Áine m' ainm féin ac fledaib
do Shíl mórgarg Muiredaig.
It degaid-se, a Chathail chais,
tánac ó Chruachain chraebglais
ar cach lergmoig, ar cach linn,
dot anacal ar Aíbinn.
A-deir-se marbthar mise
cid uathmar re n-innise
is in maitin-se a-márach,
a Áine shaer sho-grádach.
Celg sin, a Chathail chlemnaig
a ua Tuathail a Temraig
dot chur-sa tar Sinainn sláin
can creich can áithes d' fhagbáil.
Béra-sa chreich truim tarthaig
a ua Duach Galaig graifnig
bérdait deich cét cenn i cenn
ort mar innises Aíbenn.
Do-bér-sa maidm co moch
do chorraib dá long don loch
muirbfe coíca fer co fír
ocus dias d'fine in airdríg.
Ní h-inmaíte na h-échta,
a maídem ní dó is dénta;
gébaid Brian Banbain m-bladaig
tair oraib-se, a anbalaig.
Crechfaid in Muiredach mer,
Tadg a Temraig braenaig Breg,
fer choiscfes Brian dá báire,
Tadg na Cruachna cladbáine.
A n-dingne re Brian m-Banba
Tadg a Cruachain comchalma
digélaid Donnchadh dírmach
a mac maisech móirgnímach.
Ticfa in dam dásachtach dian
chuirfes Mumain múr tar grian;
mairg ris a n-dingne debaid
Aed in tarbda taebshlemain.
Gébaid a mac, Ruaidhrí in rí
Éire mar do gab Da Thí;
cen co laige ar Leth Moga
do Leth Chuinn is comroga.
Frithóilfid Muirchertach mór,
Leth Chuinn do-béra fá brón;
gébaid Éirinn tuaid is tes
Connachta fo chís chuirfes.
Fásfaid cuilén i Cruachain
d' fhine thoirbertaig Thuathail;
scérfaid re Síl m-Briain na m-benn
coeca oirechas Éirenn.
Cuirfid secht catha calma
Toirdelbach na tromfhagla,
a Aíbenn, innisim deit,
is ar Leth Moga moidfit.
Frithóilfid Domnall dámach
ón ló théit ón Roth Rámach
loiscfider co Loch Cime
tair ón ráith-se ainfine.
Freisteólaid Conchobar cruaid,
mac Ruaidrí is rígda sluaig,
loiscfid Cill Da Lua lennmair,
do-béra dáib do-menmain.
Fritháilter lib-se Leth Cuinn
'm in Croibderg a Cruachain chuirr;
bid fer can aen 'na agaid;
bid tonn brátha ar bidbadaib.
Ní bia don Banba can buain
acht aenfhrém a Cruachain chruaid;
nocha bia aenfhrém bus ferr
choiteóchas fhira Éirenn.
Biaid derna des in deigfhir
re Síl m-Briain in boiceinig;
Conall is Eógan can cheilg
beit fó dernainn chlí in Chroibdeirg.
A ucht re Mide matlaid
ocus re Sinainn slaitgil,
bráige fer talman 'na thig,
is ed do innis, a fhir.
A fhir.
A sein gébaid Aed Idan
cennas Érenn na n-ibar;
bid ríge chathach chrechtach
buadach álainn ilchrechach
Ní h-ar idna a-derar ris
Aed Idan co caímchnis
acht ar idna na cath cruaid
chuires fó Éirinn armruaid.
Cath Moige h-Eine ágmair
ar Chlannaib Néill nertbágaig,
cath Muirtheimne ro mebaid
cath Sléibe Breg báingregaig.
Cath shraenfas ac Ráith Thoga
cath ós Cuan Life longa,
cath ós Port Láirge lepthaig
is cath cróda ós Báinleitir.
Cuirfid cath Luimnig, dar lem,
Aed Idan co n-imat rann;
brisfid cath tuaid ac Tulaig
mac na mná don mórMumain.
Is ed do innis Áine:
Aed na Cruachna cladbáine
trícha bliadan, is báid lib.
a cennas Éirenn, a fhir.
A fhir ná suid.