Corpus of Electronic Texts Edition
Trúag sin, a Chaílte, a chara (Author: [unknown])
p.164
Oisín's parting from Caílte
{speech Oisín}
- Trúag sin, a Chaílte, a chara,
ónar thana lucht loingse;
sinn do sgarad ré chéile,
d' éis na Féine, is cúis toirse.
p.166
- Tuitim thair i cath Gabra
maith tarla do Mac Lugach,
sul do bíad int óc échtach
acainn go dérach dubach.
- Acht meise féin im senóir,
go deróil d'éis cach catha,
do-chúatar clanna Baíscne:
trúag sin, a Chaílte, a chara!