Corpus of Electronic Texts Edition
Forud na Fíann fás in-nocht (Author: [unknown])
p.152
The passing of the Fíana
& at-bert Caílte
- Forud na Fíann fás in-nocht
gus 'ticed Finn fáebarnocht;
do bás na flatha gan brón
is fás Alma úasalmór.
- Ní marat in muinter maith;
ní marann Finn in fír-flaith;
ní fuil in cuire gan chleith
ná ruire 'mon ríg-féinnid.
- Is marb uile Fíanna Finn,
gé do-chúatar glinn do glinn;
olc a-tú i n-díaid na ríg rán,
tar éis Díarmata is Conán,
- D' éis Guill meic Morna don maig
ocus Ailella cétaig,
íar n-díth Éogain in gaí glais
ocus Conall don chét-frais.
- A-deirimse rib reime;
is fír ina ráideim-ne:
is mór ar n-esbada ann
gan Dub díbraicthech Drumann.
- Ar n-díth na cuire is na cét
is trúag nách ann fúarus éc,
íarna n-dul a h-or i n-or
gérbo forlán in Forud.