Corpus of Electronic Texts Edition
Turus acam Día h-Aíne (Author: [unknown])

p.140

Cáel praises Créide's house

& táinic Crédhi dár n-acallaim, & trí cáecait do mhnáibh uimpi. & do ráidh in flaith-féinnidh ría: ‘Is dod thogha-sa & dod thochmharc tháncamar-ne’, ar sé. Fíarfaigis an ingen cía dhár áil a tochmharc. ‘Do Cháel chétghuinech úa Neamhnainn, do mac rígh Laigen an-air’. ‘Do-chúalamar a scéla’, ar an ingen, ‘gengu facamur é; & in bh-fuil aigi mu dhúan damsa?’ ‘A-tá imorra’, ar Cáel. & do éirig & do ghabh a dhúan:
  1. Turus acam Día h-Aíne
    (gé dech, isam fíraíge)
    co tech Créide (nó sním súail)
    re h-ucht in t-sléibe an-airtúaid.

  2. p.142

  3. A-tá i cinniud dam dul ann,
    co Créide i Cíchaib Anann,
    co rabar ann fo decraib
    cethra lá ocus leithshechtmain.
  4. Aíbinn in tech ina tá,
    itir fhira is maca is mná,
    itir druíd ocus áes céoil,
    itir dáilem is doirséoir,
  5. Itir gilla scuir nách sceinn
    ocus ronnaire re roinn:
    a-tá a commus sin uile
    ac Créide finn foltbuide.
  6. Bud aíbinn damsa 'na dún
    itir cholcaid ocus clúm;
    mad áil do Chréide (ro-clos)
    bud aíbinn dam mo thurus.
  7. Síthal aice i sil súg sub:
    as ro niged a blaí dub;
    dabach gline gan desca,
    copáin aice is caím-escra.
  8. A dath amar dath in aíl;
    colcaid etarru ocus aín;
    síta etarru is brat gorm;
    dergór etarru is glanchorn.
  9. A gríanán ac Loch Cuire
    d' arcat ocus d' ór buide;
    tuige druimnech gan dochma
    d' eitib donna is dergcorcra.
  10. Dá ursain úainide ad-cí;
    a comla ní dochraid h-í;
    arcat echta (cían ro-clos)
    in crann fuil 'na fordorus.

  11. p.144

  12. Cathaír Chréide dot laim chlí,
    ba súarca sa súarca h-í;
    casair uirri d' ór Elpa
    fa chosaib a caím-leptha.
  13. Lepaid luchair na laíde
    fuil ós cinn na cathaíre
    do-rónad ac Tuile thair
    d' ór buide is do líc lógmair.
  14. Lepaid aile dot láim deis
    d'ór is d'arcat gan éislis,
    co pupaill co m-bricht buga
    co cáemslatuib créduma.
  15. In teglach a-tá 'na tig
    is dóib is aíbne ro chin:
    nídat glasa slima a m-bruit;
    at casa finna a forfuilt.
  16. Ro choitéltais fir gona
    cona táescaib tromfola
    re h-énuib síde ac síanán
    ós borduib a glaingríanán.
  17. Madam buidech-sa don mnaí,
    do Chréide dá n-gairenn caí,
    mérait ní bas lía a laíde,
    mad dá n-díla a commaíne.
  18. Mad áil le h-ingin Cairbre
    Nídam-chuirfe ar cóir cairde,
    co n-apra féin rim i fus
    ‘Is mo móirchen dot turus’.
  19. Cét traiged i tig Créide
    ón chuirr go roich a chéile,
    is fiche traiged tomuis
    i leithet a degdoruis.

  20. p.146

  21. A h-udnacht is a tuige
    d' eitib én n-gorm is m-buide;
    a h-urscar thair ac topar
    do glain is do charrmocal.
  22. Cethra h-úaitne im gach lepaid
    d' ór is d' arcat choimecair;
    gem glaine i cinn gach úaitne:
    nídat cenn ansúairce.
  23. Dabach ann do chrúan flatha
    i silenn súg súarc-bracha;
    aball ós cinn na daibche
    co n-imat a trom-thairthe.
  24. In úair líntar corn Créide
    do mid na dabcha déine,
    tuitit isin corn co cert
    na ceithra h-ubla i n-áenfecht.
  25. In t-í 'gá táit sin uile,
    itir thráig ocus tuile,
    ruc Créide a Tulcaib Trí m-Benn
    ed urchair di mnáib Éirenn.
  26. Laíd sunn cuice (ni crod cas)
    (ní grés luigthe co lúathbras),
    co Créide cruthaig i fus;
    buad luchair lé mo thurus.

    Is and sin ro faíetar in lánamainsin ar feis leaptha & láimhdhérgaigthi; & do bátur ann re secht laithib ag ól & ac aíbhnes.