Corpus of Electronic Texts Edition
Mór múich i túsa in-nocht (Author: [unknown])

p.138

Suibne in the snow

Úair is amlaidh ro bhoí an oidhchi-sin ag cur sneachta, & an mhéd no cuireadh no reodadh fa chédóir a haithli a chuir [gap: ellipse] gonadh ann ad-beart an láoidh ag tabairt a dhocra ós aird:
  1. Mór múich i túsa in-nocht;
    ro thregd mo chorp in gáeth glan;
    toll mo thraigte; glas mo grúad;
    a Dé móir, a-tá a dúal dam.
  2. I m-Beinn Boirche dam a-rraír;
    rom-thúairg braín i n-Echtga úair;
    in-nocht ro brétait mo boill
    i n-glaic croinn i n-Gáille glúair.
  3. Ro fuilnges mór tres gan tlás
    ó ro ás clúm ar mo chorp;
    ar gach aidche is ar gach ló
    is mó sa mó fuilgim d' olc.
  4. Rom-chráid sic (sín nách súairc);
    rom-thúairg snechta ar Sléib Meic Sín;
    in-nocht rom-geguin in gáeth
    gan fráech Glenna Bolcáin bil.
  5. Utmall m' imirce in gach íath;
    dom-ríacht beith gan chéill gan chonn;
    do Muig Line for Muig Lí,
    do Muig Lí for Life lonn.
  6. Saigim dar Segais Sléibe Fúait;
    ricim im rúaic co Ráith Móir;
    dar Mag n-Aí, dar Mag Luirg luinn,
    ricim co cuirr Crúachain chóir.
  7. Ó Shléib Chúa (ní turas tais)
    ricim go Glais Gáille grinn;
    ó Glais Gáille (gid céim cían)
    ricim sair go Slíab m-Breg m-binn.

  8. p.140

  9. Dúairc in betha beith gan tech;
    is trúag in betha, a Chríst cain:
    sásad birair barrglais búain;
    deog uisce úair a glais glain;
  10. Tuisled do barraib cráeb crín;
    imthecht aitin (gním gan gaí);
    sechna daíne; cummann cúan;
    coimrith re dam rúad dar raí.
  11. Feis aidche gan chlúim i coill
    i mullach croinn dosaig dlúith,
    gan choistecht re guth ná glór,
    A Meic Dé, is mór in múich.
  12. Reithim rúaic re beinn co báeth;
    úathad rom-thráeth a los lúith;
    ro scarus rem chruth gan chlód;
    A Meic Dé, is mór in múich.