As amlaidh éimh ro bhuí Éorann an tan-sin ar f-feis le Gúaire mac Conghaile meic Sgannláin, ar rob íÉorann fa bean do Shuibne [gap: ellipse]. Ro-síacht trá Suibhne go n-ige an baile ina raibhe Éorann. Do-dheachaidh Gúaire do sheilg an lá-sin [gap: ellipse]. Deisidh íarum an gheilt for furdhorus na boithe i raibhe Éorann, conadh ann it-beart: An cumhain leat, a inghean, ar sé, an grádh romhór do-rad cách úainn dá chéile an ionbhaidh ro bhámmar imur-áon? & is súanach sádail duitsi, ar sé, & ní headh dhamh-sa; conadh ann ad-beart Suibhne & ro fhreagair Éorann é:{speech Suibne}
Súanach sin, a Éorann án,
i leith leptha ret lennán;
ní h-inann is mise i fus:
cían ó a-túsa ar anforus.
Ro ráidis, a Éorann oll,
aithesc álainn imétrom,
co ná beithea it bethaid de,
scarad énlá re Suibne.
In-díu is súaichnid co prap
bec let bríg do sencharat:
te duit ar clúim choilcthe chain;
úar dam-sa i-mmuig co matain.
{speech Éorann}
Is mo-chen duit, a geilt glan:
tú is tocha d' feruib talman;
gid súanach, is súaill mo chlí
ón ló at-chúala tú ar nefní.
{speech Suibne}
Is tocha let mac in ríg
beires tú d' ól gan imsním;
is é do thohcmarc toga;
ní íarr sib bar senchara.
Adaig damsa i m-Boirche binn;
ránac Túag Inbir álainn;
co sirius Mag Fáil co fraig;
táirlius do Chill Uí Súanaig.
Ní thairnic dhó acht sin do rádh an úair ro líon an slúagh an longphort as gach aird. Téid-siumh íarumh ina réim romhadhma for teichedh amail ba minic leis.