Corpus of Electronic Texts Edition
Gáir na Gairbe glaídbinne (Author: [unknown])

p.112

The Cry of the Garb

{speech Suibhne}

  1. Gáir na Gairbe glaídbinne
    glaídes re tosach tuinne;
    rátha aidble aíbinne
    d'íasc oc irshnám 'na bruinne!
  2. Gairit lem mo chomainmne,
    fégad lán línas múru:
    buinne rothrén roGairbe,
    uis 'gá chor ar cúlu.

  3. p.114

  4. Is súairc immar glecait-sium
    tuile is aithbe co n-úaire;
    imá-sech do-ecmait-sium
    sís is an-ís cech úaire.
  5. Cairche cíuil at-chluinim-se
    'sin Gairb go n-glúaire geimrid;
    ra muirn móir con-tuilim-se
    i n-aidche adúair eigrid.
  6. Éoin chalaid co céolchaire,
    céoilbinne a n-gotha gnátha;
    impa rom-geib éolchaire,
    'má ceilebrad cech trátha.
  7. Binn lem loin oc longaire
    ocus éistecht re h-aifrenn;
    gairit lem mo chomnaide
    ar drumchla (Durthaigh Faithlenn)
  8. Is ríu-sein con-tuilim-se
    ar bennaib is ar barrgail;
    na céolas do-chluinim-se
    is airfeitiud dom anmain:
  9. Céol na salm go salmglaine
    i Rinn Ruis Bruic cen búaine;
    dordán daim duinn damgaire
    do lecain Erce úaire.
  10. Codlad adúar áenaidche;
    éistecht re trethan tuinne;
    gotha aidble énlaithe
    d' fhidbaid Fheda Cuille;
  11. Osnad gaíthe geimreta;
    fúaim doininne fa dairbre:
    géisid lec úar eigreta
    oc maidm tría gáir na Gairbe.

  12. p.116

  13. Duilig trátha d' urmaisin
    i m-bentar cluic cen bailbe,
    ra sían Inbir Dubglaise
    oc ra gáir na Gairbe.
  14. Muir na fairrge fograige
    timchell síar dorais Airbre
    gairde lim im chomnaide
    éistecht re gáir na Gairbe.
  15. Druim Lethet co l-línmaire
    dercain donna ar a dairbre;
    a mac alla is mírbuile
    fhrecras lem gáir Gairbe.
  16. Ess Máige, Ess Dubthaige,
    Ess Rúaid cos' reithet maigre,
    gidat imda a turthaige
    binne fogar na Gairbe.
  17. Benn Boirche, Benn Bógaine
    is Glenn Bolcán go m-bailbe,
    mór n-aidche, mór nónaide
    tánac fa gáir na Gairbe.
  18. Tonn Túaige, Tonn Rudraige
    (nídat imfhoicse a n-airde):
    gairde lim ná a n-urnaide
    éistecht re gáir na Gairbe.
  19. Taídiu thenn na tairngire,
    binn a h-airdess co n-áine;
    in Tacarda ainglide —
    ga h-ess as glaine gáire?
  20. A Mo Ling na connailbe
    gus' tucus cenn mo báire,
    go n-derna mo chomairge
    ar ifrenn as garb gáire!