Corpus of Electronic Texts Edition
Ránacsa, rem rebrad rán (Author: [unknown])

p.106

Lóeg's description to Cú Chulainn of Labraid's home in Mag Mell

  1. Ránac-sa, rem rebrad rán,
    bale ingnad, cíarbo gnád,
    con n-ici in carnd (fichtib drong)
    hi fúar Labraid lebarmong.

  2. p.108

  3. Co fúarusa hé 'sin charnd
    ina shudi (mílib arm),
    mong buide fair (álli dath),
    ubull óir ocá íadad.
  4. Corom-aichnistar íaraim
    a l-leind chorcra coícdíabail.
    At-bert rim: ‘In raga lim’
    ‘don tig hi fail Fáelbe Find?’
  5. A-tát na dá ríg is tig,
    Fáilbe Find ocus Labraid,
    tri cóeccait im chechtar dé:
    is é lín inn óentaige.
  6. Cóeca lepad 'na leth deiss
    ocus cóeca (airides);
    cóeca lepad 'na leth chlí
    ocus cóeca aeridi.
  7. Colba do lepthaib cróda,
    úatne fhinna fhorórda;
    is sí caindell ardus-tá
    is lía lógmar lainnerda.
  8. A-tát arin dorus tíar
    insinn áit hi funend grían
    graig n-gabor n-glas (brec a mong)
    is araile corcor-dond.
  9. A-tát arind dorus sair
    tri bile do chorcor-glain
    día n-gair in énlaith búan bláith
    don macraid assin rígráith.
  10. A-tá crand i n-dorus liss
    (ní h-étig cocetul friss),
    crand airgit ris tatin grían
    (cosmail fri h-ór a roníam)
  11. A-tát and tri fichit crand
    (comraic nád chomraic a m-barr);
    bíatar tri chét do cach crund
    do mes ilarda imlum.

  12. p.110

  13. A-tá tipra 'sin t-shíd trell
    cona tri cóectaib breclend,
    ocus delg óir cona lí
    i n-óe cecha breclenni.
  14. Dabach and do mid medrach
    ocá dáil forin teglach;
    maraid béos (is búan in bés)
    conid bithlán do bithgrés.
  15. I-tá ingen is tig trell
    ro derscaig do mnáib Érend,
    co fult budi thic i-mmach
    is sí álaind illánach.
  16. In comrád do-ní ri cách,
    is álaind, is ingnáth;
    maidid cridi cech duni
    día seirc is día inmuni.
  17. At-rubairt ind ingen trell:
    ‘cóich in gilla ná h-aichnem?’
    ‘Masa thú — tair bic i-lle — ’
    ‘gilla ind fhir a Murthemne’.
  18. Do-chúadusa co fóill, fóill;
    rom-gab ecla dom onóir.
    At-bert rim: ‘In tic i-lle’
    óenmac dígrais Dechtere?’
  19. Mairg ná dechaid ó chíanaib,
    ocus cách icá íarrair
    co n-aiced i-mmar i-tá
    in tech mór at-chonnarcsa.
  20. Dámbad lim Ériu ule
    ocus ríge Breg m-bude,
    do-béraind (ní láthar lac)
    ar gnáis in bale ránac.