Corpus of Electronic Texts Edition
A Bé Find, in rega lim (Author: [unknown])
p.104
Fair lady, will you go with me
In blíadain ría tuidecht do Midir co Echaid do imbirt na fidchille boí oc tochmarc Étaíne, ocus nísn-étad leis. Is ed ainm do-bered Midir dí Bé Find; conid de as-bert:
- A Bé Find, in rega lim,
i tír n-ingnad hi fil rind?
Is barr sobairche folt and;
is dath snechtai corp co ind.
p.106
- Is and nád bí muí ná taí;
gela dét and; dubai braí;
is lí súla lín ar slúag;
is dath sion and cech grúad.
- Is corcur maige cach muin;
is lí súa ugae luin;
cid caín déicsiu Maige Fáil
annam íar n-gnáis Maige Máir.
- Cid mesc lib coirm Inse Fáil,
is mescu coirm Tíre Máir;
amra tíre tír as-biur;
ní tét oac and ré siun.
- Srotha téithmilsi tar tír,
rogu de mid ocus fhín,
doíni delgnaidi cen on,
combart cen peccad, cen chol.
- Ad-chiam cách for cach leth,
ocus níconn-acci nech:
teimel imorbais Ádaim
dodon-aircheil ar áraim.
- A ben, día rís mo thúaith tind,
is barr óir bias fort (chind);
muc úr, laith, lemnacht la lind
rot-bía lim and, a Bé Find.