Corpus of Electronic Texts Edition
Ráisit d'inis nárbo dermar (Author: [unknown])

p.100

The island protected by a bridge of glass

  1. Ráisit d' inis nárbo dermar,
    co n-dún daingen;
    sonnach umai
    fair co n-druini (clothach caingen).
  2. Linn aíbinn ard immon sonnach
    (sorchu scélaib),
    ós moing mara;
    drochat glana ara bélaib.
  3. No cingtis súas ind ócbad dían
    chennmas chalma;
    tuititis sís
    (ba búan a cís) dochum talman.
  4. Do-luid cucu i tlacht étrocht
    (gili géise)
    ben mungel mín,
    cen baís 'na bríg, co n-gním n-gléise.
  5. Imbel d'ór dirg immá finnbrat
    (ba caín cainnlech);
    assai argait immá cosa
    (sosad sainred).
  6. Bretnas bánbras fora bruinnib,
    d'argut amru,
    cona ecor di ór fo sním
    (gním as cadlu).

  7. p.102

  8. Folt finnbuide ósa mullach
    fo néim órdai;
    caíni a céimenn,
    rígdai a réimenn mas mórdai.
  9. I n-íchtur in drochait dermair
    (náemda neimed)
    tipra thonnglan;
    corp caín comlad doda-eimed.
  10. Dáilis fíadaib in dornach dáen
    (ba gním combras),
    in ben finnmór,
    cen nach n-imról, linn sáer somblas.
  11. As-bert frie Germán glórach
    aithesc n-adlaic:
    ‘Is ingnad linn’
    ‘ferthigis frinn cid nach tarnaic’.
  12. Luidi úadaib
    is dúnais a n-dún sáer subach:
    canais a lín
    (ba forbrech bríg) céol caín cubaid.
  13. Doda-rálaig a class chéolda
    (cruth ar-rálad);
    do-luid cucu
    ben cen ruca ara bárach.
  14. Bátar samlaid, fond óenchuma,
    co tres laithe;
    arus-peited
    céol, cen fhleitech, na mná maithe.
  15. Doda-deraid do thig dermar
    ós lir lonnbras;
    do-breth doïb
    proinn cain coïr, la linn somblas.

  16. p.104

  17. As-bert in ben anmann amrai
    cen gním n-úabair,
    (níbo mímess)
    a ainm díless for cách n-úadaib.
  18. In tan con-aitecht don túisiuch
    fría thoil tétad,
    as-bert itir
    nícon fhitir pecad m-bétach:
  19. Ní ma-ráidid,
    cen chuit crábaid (ní feib irse);
    co ra-sluinn dúib,
    íarfaigid rúin inna h-inse.
  20. In tain díuchtraiset íar matain
    i creit churaig,
    ní fess a dál,
    ind inis án cid ad-rulaid.