Corpus of Electronic Texts Edition
Robad mellach, a meic mo Dé (Author: [unknown])

p.66

An exile's dream

Colum Cille cecinit:
  1. Robad mellach, a meic mo Dé,
    (dingnaib réimenn)
    ascnam tar tuinn topur n-dílenn
    dochum n-Éirenn;
  2. Go Mag n-Éolairg, sech Beinn Foibne,
    tar Loch Febail,
    airm i cluinfinn cuibdius cubaid
    ac na elaib.
  3. Slúag na faílenn robtis faíltig
    rér séol súntach
    día rísed Port na Ferg fáiltech
    in Derg Drúchtach.
  4. Rom-lín múich i n-ingnais Éirenn
    díam-sa coimsech,
    'san tír ainéoil conam-tharla
    taideóir toirsech.
  5. Trúag in turus do-breth form-sa,
    a Rí rúine:
    ach! ní ma-ndechad bu-déine
    do chath Chúile!
  6. Ba ma-ngénar do mac Dímma
    'na chill chredlaig,
    airm i g-cluinfinn tíar i n-Durmaig
    mían dom menmain;

  7. p.68

  8. Fúaim na gaíthe frisin leman
    ardon-peite,
    golgaire in luin léith co n-aite
    iar m-béim eite;
  9. Éistecht co moch i r-Ros Grencha
    frisin damraid,
    coicetal na cúach don fidbaid
    ar brúach samraid.
  10. Ro grádaiges íatha Éirenn
    (deilm cen ellach):
    feis ac Comgall, cúairt co Caindech,
    robad mellach.