Corpus of Electronic Texts Edition
Tuc dam, a Dé móir (Author: [unknown])

p.62

Prayer for tears

  1. Tuc dam, a Dé móir,
    for bith ché (ní chél),
    ar píana na plág,
    tonna díana dér.
  2. Dom-roiched for rith
    soithech ná rop saich
    co rós m' áenur moch
    tar cach m-báegul m-braith.
  3. Uchán, a Chríst cáidh,
    cen sruthán dom grúaid,
    feib tucais in linn
    don banscáil timm thrúaig.
  4. Uchán, ar cach n-alt
    cen sruthán tar m' ucht
    co rob nige in-nocht
    dom chride 's dom churp.
  5. Ar cach senóir sruith
    fo-rácaib a thoich,
    ar do ríge réil,
    ar do chéim for croich,
  6. Ar cach óen ro chí
    a chlóen for bith ché,
    mo chloíne, a Dé bí,
    co ro choíne mé.
  7. Ar do maith co mór,
    ar do flaith cen lén,
    co h-opunn, co h-úain,
    tuc dam topur n-dér.

  8. p.64

  9. A mo dile, a Dé,
    im chride do chrú.
    Déra dam, a Dé,
    cé do-béra acht tú?