Corpus of Electronic Texts Edition
Ísucán (Author: [unknown])
p.26
Jesus and Saint Íte
Íte [gap: ellipse] co táinic Críst cuicce i r-richt noíden, conid ann as-bert-si:
- Ísucán
alar lium im dísiurtán;
cía beith cléirech co lín sét,
is bréc uile acht Ísucán.
- Altram alar lium im thig,
ní altram nach dóerathaig
Ísu co feraib nime,
frim chride cech n-óenadaig.
p.28
- Ísucán óc mo bithmaith:
ernaid, ocus ní maithmech.
In Rí con-ic na uili
cen a guidi bid aithrech.
- Ísu úasal ainglide,
noco cléirech dergnaide,
alar lium im dísirtán,
Ísu mac na Ebraide.
- Maic na ruirech, maic na ríg,
im thír cía do-ísatán,
ní úaidib saílim sochor:
is tochu lium Ísucán.
- Canaid cóir, a ingena,
d' fir dliges bar císucán;
atá 'na phurt túasucán
cía beith im ucht Ísucán.