Corpus of Electronic Texts Edition
Gebet um Schutz in Gefahr (Author: Unknown)

p.22

God be with me

  1. Día lim fri cach sním,
    triar úasal óen,
    Athair ocus Mac
    ocus Spirut Nóeb.
  2. Nóebrí gréine glan
    as choímiu cach dlug,
    atach n-amra n-dam
    fri slúag n-demna n-dub.
  3. In t-Athair, in Mac,
    in Nóebspirut án,
    a tréide dom dín
    ar nélaib na plág,
  4. Ar díanbás, ar bedg,
    ar brataib na m-berg,
    romm-ain Ísu ard
    ar in n-galar n-derg.

  5. p.24

  6. Ar demnaib nach thain
    is Mac Dé domm-eim,
    ar galar, ar guin,
    ar thorainn, ar thein.
  7. Ar thinnorguin truim,
    ar cech n-amnas n-aill,
    ro séna co grinn
    Mac Maire mo brainn.
  8. Ar brethaib i m-Bráth
    Críst lem fri cech sáeth,
    ar idnaib, ar úath,
    ar neimib na n-gáeth,
  9. Ar gábud, ar brath,
    ar epthaib i clith,
    ar thedmaim cech cruth
    fo-fera don bith.
  10. Cech bennacht cen gom,
    cech ernaigde glan,
    cech árad ric nem,
    ropo cobrad dam.
  11. Cech dagnóeb ro chés
    ós tuinn talman tís,
    cech deiscipul cáid
    ro chreiti do Chríst,
  12. Cech cennais, cech ciúin,
    cech diuit, cech réil,
    cech foísmid, cech míl
    do-choissin fo gréin,
  13. Cech nóebérlam sruith
    dom-róirsed fri toich,
    cech sempul, cech sóer,
    cech nóeb ro chés croich,
  14. Cech ailithir án,
    cech soim (sochla bríg),
    cech denocht, cech nóeb
    do-réracht a tír,

  15. p.26

  16. cech tenga cen meth
    forsa tardad rath,
    cech cride fon m-bith
    nád chota nach m-brath,
  17. Cech fírién fíal
    fo chlár nime glain,
    ónd fuiniud an-íar
    co Slíab Sióin sair,
  18. Rom-snádat de-síu
    ar demnaib na céo,
    céili Maic ind Ríg
    a tírib na m-béo.
  19. Ro bé Día dom dín,
    Coimdiu aingel án,
    aithne tánaic úad
    ara rísed slán.
  20. Rom-snáda mo Rí;
    romm-ain i cach ré;
    ro béo ar cach ngád
    ar scáth dernann Dé.