Corpus of Electronic Texts Edition
Messe ocus Pangur bán (Author: [unknown])

p.2

The scholar and his cat

  1. Messe ocus Pangur Bán,
    cechtar nathar fri saindán:
    bíth a menma-sam fri seilgg,
    mu menma céin im saincheirdd
  2. Caraim-se fos, ferr cach clú,
    oc mu lebrán, léir ingnu;
    ní foirmtech frimm Pangur Bán:
    caraid cesin a maccdán.
  3. Ó ru biam, scél cen scís,
    innar tegdais, ar n-óendís,
    táithiunn, díchríchide clius,
    ní fris tarddam ar n-áthius.
  4. Gnáth, h-úaraib, ar gressaib gal
    glenaid luch inna línsam;
    os mé, du-fuit im lín chéin
    dliged n-doraid cu n-dronchéill.
  5. Fúaichaid-sem fri frega fál
    a rosc, a n-glése comlán;
    fúachimm chéin fri fégi fis
    mu rosc réil, cesu imdis.
  6. Fáelid-sem cu n-déne dul
    hi n-glen luch inna gérchrub;
    hi tucu cheist n-doraid n-dil
    os mé chene am fáelid.
  7. Cia beimmi a-min nach ré
    ní derban cách a chéle:
    maith la cechtar nár a dán;
    subaigthius a óenurán.
  8. h-É fesin as choimsid dáu
    in muid du-ngní cach óenláu;
    du thabairt doraid du glé
    for mo mud céin am messe.