Ata am dhoigh fein co cualabhair si in t-adhbar fa tuccadh Preter Seon ar rí na h-Innia, gidh edh innéosadsa dona dainibh nach cuala é. Riacute;gh dobí san Innia uair ecin, & dobí moran do ridiribh cristaidhi farís mar atait aniugh. Do smuain sé aige gumadh ferr leis go dh'faiceadh se serbhís na cristaidhi & ina n-eclasaibh fen, & doba cristaidi in trath sin Tursie & Suria & Tartairia & Iudeia & Palastini & Arabia & Harmapé & Persaidh & Medhaigh & Airmein & in Eighipt uile. Tainig imper na h-Innia & ridire cristaidi farís go cathair Easraidh san Éighipht, & easpoc na cathrach ag tabairt gradha sagairt uadha. Do fiarfaig in t-imper don ridiri: cred íad in muntir úd a fiadnaise in easpaic? ar sé. Daine ler'ab ail beth ina sagartaibh siud, ar in ridire. Ni h-abeórtar imper na rí rium fen coidhche, acht sagart, & in cét sagart rachus amach dibh siud asa tempall as e a ainm bías oram. Ocus Séon dob ainm don cétsagart