Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 265

Tarla in t-ailensa ar Alaxanndar, in trath dobí se ag síubal in domain & ag a gabhail, & Dinndimus dobi 'na righ intan sin fair. Ní fuil sa doman daine is fírinne na lucht in oilen sin, & ni bhí toirnnech na teinntech na anfadh na cogad na triaboloid annsin coidhche, & is búidech da m-bethaidh fein íad, oir is doigh leo gurub inmain le Dia íad, & ni cum breitheamnus na cum córach atá righ orra acht co mbetis fa umla righ.