Corpus of Electronic Texts Edition
The Gaelic Maundeville (Author: John Maundeville)

paragraph 263

Ata oilen ele ann sin ina denaid na mná dubachus trena claimn d' ergi & subachus romor trena clainn d'ec go luath, & aderid gach duine eirghius gurub cum saethair & cum galair & cum tromdhachta tígid ar in saeghal sa, & gach lenamh teid d'éc co tét a parthus mara faghann bainne & mil & aibhnius can bás & óigi can arsaidechta & gach uile ní maith can saethar. Togha righ donid lucht in ailen sin, & ní ar uaisle na ar saidhbres toghaid é acht ar innrucus & ar fírinne & ar deghbésaibh & ar a glicus, & madh annsa duine bus boichte annsa n-oilen do gebid sin dogenaid ri de, & da n-derna in righ sin eccóir no ainndliged ni leama duine ar doman labhairt ris na biadh na deoch na munterus do tabairt dó, nogo fagha bás do ghorta.